Cath Farry nár ghá a fhearadh

Tá na coláistí oiliúna slán (go ceann tamaill) agus ní bheidh an dara rogha ag Stephen Farry ach a dhul i mbun idirbheartaíochta agus é lagaithe agus gonta

maxresdefault-1
Stephen Farry

 

Is beag nach mbeadh trua agat don Aire Stephen Farry a ndearna comhghleacaithe sa bhFeidhmeannas i Stormont uirísliú air go poiblí. Bheadh, murach an bealach ciotach a rith sé a chrosáid. Bhí an Eaglais Chaitliceach, mic léinn, lucht gnó in iarthar Bhéal Feirste, eagraíochtaí pobail agus polaiteoirí ó Shinn Féin agus SDLP ar láimh amháin agus go leor aontachtaithe ar thaobh eile, ina choinne agus bhí an lá leo.

Déardaoin chuir an Feidhmeannas ar neamhní ordú Farry, an tAire Fostaíochta agus Foghlama go gcuirfí deireadh le deontas breise de £1.1 milliún a fuair Coláiste Ollscoile Naomh Muire agus Coláiste Ollscoile an tSrutháin Mhilis faoi seach. Bhí sé fógraithe ag an Aire Farry ó phairtí an Alliance gur ghá an ciorrú £2.2 milliún chun deiseanna do mhicléinn in institiuidí eile a chosaint. Theastaigh ón Aire, atá freagrach as institiúidí tríú leibhéal na coláistí oiliúna do mhúinteoirí a chomhnascadh nó a atheagrú. Mhaígh sé nach raibh córas le dhá choláiste, ceann Caitliceach (Naomh Muire) agus ceann stáit (An Sruthán Milis) riachtanach ná inbhuanaithe.

Ní nach ionadh bhí an dá choláiste ar buile. Dúradar go gcaithfidís dúnadh gan an t-airgead breise sin a deonaíodh an chéad lá i ngeall ar a laghad agus a speisialtachtaí. B’fhacthas dóibh araon go raibh leas á bhaint ag Farry as an ngéarchéim airgeadais chun polasaí an Alliance i bhfábhar oideachas measctha a bhrú chun cinn gan a dhul i gcomhairle leo. B’iad lucht tacaíochta Choláiste Naomh Muire a d’eagraigh an feachtas poiblí ba ghlóraí ina choinne.

Bhí léirsithe ag na mic léinn ag an gcoláiste ar Bhóthar na bhFál agus i Stormont. Chuir urlabhraithe na hEaglaise Caitlicí i leith an Aire gur náimhdeas d’oideachas Caitliceach faoi ndear a chinneadh. Leag lucht agóide béim freisin ar thábhacht an choláiste do lucht gnó sa gcomharsanacht ina bhfuil fostaíocht gann. Mhaígh daoine ar an tSruthán Milis go raibh Stephen Farry ag iarraidh cuidiú le hOllscoil na Ríona seilbh a fháil ar an eastát mór ina bhfuil an coláiste sin suite. Shéan an tAire go raibh cúrsa dá chuid féin á leanacht aige ach bé féin a luaigh oiliúint imeasctha nuair a d’fhógair sé na ciorraithe. Sa mhullach air sin, chuir Farry cos i dtaca in éadan an lucht agóide agus dúirt nach ndéanfadh sé u-chasadh.

Ba chosúil gurb eisean an t-aon duine ar baineadh siar as nuair a chuir a chomhairí srian air. Dúirt Stephen Farry gur thrua é cealú an Fheidhmeannais ar a chinneadh. Sárú ar údarás agus feidhm a roinne ab ea é, dar leis. Ní bheadh an dara rogha aige ach cúrsaí ollscoile a chiorrú, beart a mbeadh tionchar aige ar na céadta mac léinn, a dúirt sé.

Treisiú ar an deighilt ab ea beart an Fheidhmeannais, in ionad céim dhearfach chun sochaí chomhroinnte a mhúnlú, ar sé. Comhartha sóirt ar an deighilt, dar leis, Sinn Féin a bheith tógtha leis an gcoláiste Caitliceach agus an DUP a bheith tógtha leis an Sruthán Milis. Ar shíl sé go dtarlódh a mhalairt i mbliain toghcháin? Ní leir ar easpa gliocais, amscaíocht nó sotal faoi ndear cur chuige nár fhorbair comhghuaillíocht le héinne.

Is fíor nach bhfuil gá leis an dá choláiste ar bhonn uimhríochta. Maíonn na Caitlicigh go bhfuil socraithe ar leith riachtanach chun éiteas Caitliceach sa chóras oideachais a chosaint. Tá sé sin tuillte ag na tuismitheoirí a bhfuil sé de cheart acu oideachas Caitliceach a roghnú, deir siad. Níl aon locht air sin mar argóint. Ach is í an cheist ar gá colaiste ar leith chun an t-éiteas sin a bhuanú. Narbh fhéidir sin a dhéanamh i gcóras imeasctha ina mbeadh cúrsaí speisialta d’oidí Caitliceacha?

Is cosúil go bhfuil na colaistí oiliúna toilteanach a bheith páirteach i gcomhairliúchán maidir le hatheagar. Níor thug Stephen Farry an deis sin dóibh, cor atá ionann is dothuigthe ó tharla go gcuirtear i leith Stormont go mbeadh comhairliúchan acu faoi conas déileáil le dhá chuileog. Ní bheidh an dara rogha ag Farry anois ach a dhul i mbun idirbheartaíochta, é lagaithe agus gonta ó chuir an feidhmeannas smacht air. B’fhéidir go múinfidh an phraiseach dó gur fearr plé ná dul chun catha.

 

Fág freagra ar 'Cath Farry nár ghá a fhearadh'