Cath Chorca Dhuibhne idir an Daingean agus an Ghaeltacht

Tabharfaidh na comharsana aghaidh ar a chéile tráthnóna i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Chiarraí Thiar agus an Ghaeltacht ag iarraidh an chraobh a bhuaigh siad anuraidh a chosaint

Cath Chorca Dhuibhne idir an Daingean agus an Ghaeltacht

Mar a tharla go minic cheana, is idir an Ghaeltacht agus an Daingean a bheidh cluiche ceannais Chraobh Shinsir Chiarraí Thiar i mbliana. Cuirfear tús leis an gcluiche ag 14:30 tráthnóna i bPáirc an Ághasaigh sa Daingean agus an Ghaeltacht ag iarraidh an chraobh, a bhuaigh siad anuraidh den chéad uair ó 2008, a choinneáil.

Bhain fir na Gaeltachta áit amach sa chluiche ceannais tar éis dóibh teacht slán ó chluiche crua in aghaidh Lios Póil sa bhabhta leathcheannais. Cúig phointe a bhí acu mar fharasbarr ar deireadh, 2-15 in aghaidh 1-13, ach ní gan dua a d’éirigh leo an bua sin a chinntiú.

Ba iad na cúil ó Phádraig Óigí Ó Sé agus Marc Ó Sé sa dara leath ba chinniúnaí don Ghaeltacht, ach tá a fhios acu féin go maith go mbeidh feabhas mór ag teastáil má tá siad chun a sean-naimhde a shárú inniu.

Is í an chúis is mó leis sin ná go raibh an chuma ar an Daingean go raibh siad i mbarr a réime i gcoinne Chaisleán Ghriaire an Domhnach seo caite. 19 pointe a bhí mar fharasbarr ag an Daingean, 2-26 in aghaidh 3-4, agus Paul Geaney, ach go háirithe, ag déanamh scrios.

D’aimsigh fear an chontae 1-7, cúl agus ceithre phointe ón imirt san áireamh, ach fuair sé a lán cúnaimh óna chol ceathrar, Conor Geaney, agus ó Chathal Ó Bambaire, beirt a d’aimsigh 0-11 eatarthu.

Is leis an nGaeltacht a bhí an lá an uair dheireanach ar casadh na foirne seo ar a chéile i réamhbhabhta an chomórtais chéanna anuraidh. Bua aon phointe amháin a bhí ag an nGaeltacht, 1-11 in aghaidh 0-13, i gcluiche drámatúil. Cúl ó PJ Mac Láimh agus pointe ó Mhícheál Ó Sé agus an t-am beagnach caite a chas an taoide don Ghaeltacht.

Tá fadhb ag fir na Gaeltachta i mbliana, áfach, sa chaoi go bhfuil cuid mhór imreoirí in easnamh orthu. Ní hé amháin nach raibh PJ Mac Láimh, an fear a scóráil an cúl cinniúnach anuraidh, acu Dé Domhnaigh seo caite ach ní raibh Éanna Ó Conchúir, Rob Ó Sé, Seán Ó Bambaire ná Cian Ó Murchú acu ach an oiread agus an chuma ar an scéal gurb é an Conchúrach amháin a bheidh ar fáil don chluiche inniu.

Fágann sin buntáiste ag an Daingean agus, cé gur minic a spreagann cluiche leis na comharsana ard-imirt, beidh sé deacair ag an nGaeltacht tráthnóna.

Fág freagra ar 'Cath Chorca Dhuibhne idir an Daingean agus an Ghaeltacht'