Cath Chonamara i gCraobh na Gaillimhe agus an Cheathrú Rua ag imirt in aghaidh Leitir Móir

Imreoidh an Cheathrú Rua in aghaidh Leitir Móir tráthnóna Dé Sathairn sa chéad bhabhta den Chraobh Shinsir Peile an chontae agus beidh trí fhoireann Ghaeltachta san iomaíocht sa chomórtas i rith an deireadh seachtaine uile

Páirc an Phiarsaigh. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland
Páirc an Phiarsaigh. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Beidh slua mór de mhuintir Chonamara i bPáirc an Phiarsaigh an Satharn seo agus trí fhoireann ón iarthar ag dul chun páirce sa chéad bhabhta de Chraobh Shinsir Peile na Gaillimhe 2016. Chomh maith le cluiche Charna-Chaisil in aghaidh churaidh na bliana seo caite, Cora Finne, beidh cath Gaeltachta ann idir an Cheathrú Rua agus Naomh Anna, Leitir Móir.

Níl ach cúpla seachtain ann ó chas na foirne céanna ar a chéile i gcluiche leathcheannais Chomórtas Peile na Gaeltachta ar an Spidéal. Fir na n-oileán a thug an svae leo an lá sin, 1-17 in aghaidh 1-11, agus sárthaispeántas tugtha uathu acu sa chéad leath ach is cinnte go mbeidh fonn díoltais ar imreoirí na Ceathrún Rua.

Is buille mór é do Naomh Anna go bhfuil an t-iarimreoir contae Fiachra Breathnach anois ag imirt i mBaile Átha Cliath le Naomh Uinsionn ach tá siad ag súil go n-éireoidh leo dá uireasa. É sin ráite, tá roinnt gortuithe ag cur as don fhoireann roimh chluiche thráthnóna Dé Sathairn.

scór blianta ann ó bhuaigh an Cheathrú Rua Corn Mhic an tSionnaigh agus is iad i gcónaí an t-aon fhoireann Ghaeltachta a bhfuil Craobh Shinsir na Gaillimhe buaite acu. Beidh sé deacair acu, áfach, an gaisce céanna a dhéanamh arís i mbliana, go háirithe agus Cora Finne chun tosaigh ar fhoirne eile an chontae.

Shroich an Cheathrú Rua na babhtaí ceathrú ceannais an bhliain seo caite agus beidh siad ag iarraidh ar a laghad an gaisce céanna a dhéanamh in 2016 agus imreoirí óga ar nós Oisín Uí Gríofa, Jack Uí Ghaoithín agus Paudie Mhic Chormaic ag bláthú dóibh.

Ag trácht dúinn ar Chora Finne, is cinnte go bhfuil dúshlán mór roimh Charna-Caiseal agus iad ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar churaidh na hÉireann 2015. É sin ráite, má aon fhoireann chun teacht aniar aduaidh ar Chora Finne, is mó seans nach mbeidh siad ar a bhfaichill sa chéad bhabhta ná aon uair eile. B’in díreach a tharla nuair a bhuaigh Micheál Breathnach orthu i samhradh nab liana 2012.

trí fhoireann Ghaeltachta eile ag imirt sa Chraobh Shinsir ag an deireadh seachtaine. Tá Bearna ag tabhairt aghaidh ar Naomh Micheál Dé Sathairn agus beidh Micheál Breathnach agus Maigh Cuilinn ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Chill Fhir Iarainn agus Cill Chonla faoi seach i bPáirc an Phiarsaigh ar an Domhnach.

Foirne Gaeltachta atá san iomaíocht i gCraobh Shinsir Peile na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo:

Dé Sathairn, 14 Bealtaine

Bearna v Naomh Micheál, Maigh Cuilinn, 3.30i.n.

Carna-Caiseal v Cora Finne, Páirc an Phiarsaigh, 5.45i.n.

An Cheathrú Rua v Naomh Anna, Leitir Móir, Páirc an Phiarsaigh, 7.30i.n.

Dé Domhnaigh, 15 Bealtaine

Micheál Breathnach v Cill Fhir Iarainn, Páirc an Phiarsaigh, 2i.n.

Maigh Cuilinn v Cill Chonla, Páirc an Phiarsaigh, 3.35i.n.

Fág freagra ar 'Cath Chonamara i gCraobh na Gaillimhe agus an Cheathrú Rua ag imirt in aghaidh Leitir Móir'