Cath aontaobhach – turais na Leon chun an Nua-Shéalainne

Cé go bhfuil na Leoin ag dul ar thurais chun na Nua-Shéalainne le breis agus céad bliain, is annamh a chuirtear mórán stró ar na All Blacks

Cath aontaobhach – turais na Leon chun an Nua-Shéalainne

Willie John McBride (1974) Pictiúr: INPHO/Allsport

Agus na réamhchluichí uile curtha díobh acu, tabharfaidh na Leoin aghaidh ar an Nua-Shéalainn den chéad uair ar an turas seo Dé Sathairn.

Tá idir mhaith agus olc feicthe againn i dtaispeántais na Leon go dtí seo. Sa dara cluiche ar a gcamchuairt, chailleadar in aghaidh na Blues, an cumann Nua-Shéalannach is laige i gcomórtas an Super Rugby i láthair na huaire. Tá cúrsaí feabhsaithe ó shin, áfach, agus, idir na buanna a bhí ag na Leon ar fhoireann na Maorach agus ar na Chiefs le seachtain anuas, tá beagáinín níos mó dóchais ann roimh an gcluiche ina aghaidh na All Blacks.

É sin ráite, is dúshlán ar leith é aghaidh a thabhairt ar an Nua-Shéalainn, go háirithe agus iad ag imirt sa bhaile. Fiú nuair a thagann scoth na n-imreoirí as Éirinn, Sasana, Albain agus an Bhreatain Bheag le chéile, is annamh a chuirtear na All Blacks faoi mhórán stró, mar a léiríonn na figiúirí thíos.

1 – Aon uair déag atá na Leoin imithe chomh fada leis an Nua-Shéalainn chun sraith cluichí a imirt i gcoinne na All Blacks ach aon uair amháin a d’éirigh le fir an leathsféir thuaidh an tsraith a thabhairt leo. Tharla sé sin ar thuras stairiúil 1971 nuair a spreag leithéidí Willie John McBride, Barry John agus Gerald Davies na Leoin chun bua a fháil.

6 – Ó thug na Leoin aghaidh ar an Nua-Shéalainn den chéad uair mí Lúnasa 1904, tá 38 cluiche imeartha ag na foirne seo in aghaidh a chéile. Níos minice ná a mhalairt, ba leis na Nua-Shéalannaigh a bhíodh an lá agus níl ach sé cluiche buaite ag na Leoin ó thosaigh na camchuairteanna seo. Chríochnaigh trí chluiche eile ar comhscór.

11 – As an 29 cluiche sin atá buaite ag an Nua-Shéalainn le breis agus 100 anuas, aon phointe dhéag an farasbarr a bhí acu ar an meán, rud a léiríonn an ceannas a bhíonn acu ar fhoirne na Leon. 634 pointe atá scóráilte san iomlán ag an Nua-Shéalainn ó thús an chomórtais, i gcomparáid le 345 pointe ag na Leoin.

20 – Níor tharla sé ach aon uair amháin riamh gur éirigh leis na Leoin scór pointe nó níos mó a aimsiú in aghaidh na Nua-Shéalannach. Rinne siad an gaisce sin an uair dheiridh gur éirigh leis na Leoin an ceann is fearr a fháil ar an Nua-Shéalainn, nuair a bhuaigh siad 20-7 i lár a dturais i 1993. Níorbh é a fhearacht sin ag na All Blacks é mar d’éirigh leosan scór pointe nó níos mó a aimsiú in aghaidh na Leon trí huaire déag.

12 – Tubaiste amach agus amach a bhí sa turas deireanach a thug na Leoin ar an Nua-Shéalainn. Rinne an fhoireann bhaile slad ar na gcuairteoirí sna trí chluiche, agus buanna 21-3, 48-18 agus 38-19 ag na All Blacks. Dhá úd déag a d’aimsigh imreoirí na Nua-Shéalainne sna trí chluiche, i gcomparáid leis na trí úd a bhí ag na Leoin. Bhí an Nua-Shéalainn i mbarr a maitheasa ag an am agus scrios dá leithéid déanta acu ar Shasana, curaidh an domhain, an samhradh roimhe sin.

Fág freagra ar 'Cath aontaobhach – turais na Leon chun an Nua-Shéalainne'