GAILEARAÍ: Mná Macalla ag ceol le chéile arís 40 bliain níos déanaí

GAILEARAÍ / Mná Macalla ag ceol le chéile arís 40 bliain níos déanaí

Sean Ó Mainnín

Tháinig os cionn scór ban le chéile ag ceol den chéad uair ag an Dublin Folk Festival Lá Idirnáisiúnta na mBan i 1984. Theastaigh uathu a léiriú don saol mór an cumas agus an réimse ceoil a bhí ag mná ach ardán a fháil. D'éirigh thar cionn leis an ngrúpa agus sheinn siad sna ceithre hairde. Rinne siad féin agus a gcuid iníonacha, 'na Mac-Cailíní', an t-éacht agus an tallann sin a chomóradh i mbliana Lá Idirnáisiúnta na mBan sa Sugar Club. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc


GAILEARAÍ: A céad chnuasach gearrscéalta seolta ag Majella Ní Dhomhnaill i Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge

GAILEARAÍ / A céad chnuasach gearrscéalta seolta ag Majella Ní Dhomhnaill i Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge

Sean Ó Mainnín

Seoladh an leabhar 'Cuimhní Poircealláin agus Scéalta Eile' le Majella Ní Dhomhnaill ag ócáid sa Siopa Leabhar, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath Déardaoin seo caite, Lá Domhanda na Leabhar. Is é an scríbhneoir Mícheál Ó Ruairc a sheol an leabhar a d'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht. Seo é an chéad chnuasach gearrscéalta le Majella Ní Dhomhnaill ar dhúirt Ó Ruairc fúithi “Níl aon dabht i m’aigne ach go n-áireofar í ar dhuine de mhórscríbhneoirí próis na Gaeilge sna blianta atá amach romhainn.” Pictiúir: Seán Ó Mainnín


GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Comhpháirtíocht Chultúrtha nua seolta ag Comhairle Contae Mhuineacháin agus Project Children

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA / Comhpháirtíocht Chultúrtha nua seolta ag Comhairle Contae Mhuineacháin agus Project Children

Seoladh comhpháirtíocht chultúrtha nua idir Comhairle Contae Mhuineacháin agus Project Children Dé hAoine ag ócáid mhór in Óstán an Hillgrove ar ar fhreastail an Taoiseach Leo Varadkar, an tAire Heather Humphreys, Cathaoirleach agus Comhbhunaitheoir Project Children, an tUasal Denis Mulcahy, Cathaoirleach Chomhairle Contae Mhuineacháin, An Comhairleoir David Maxwell agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Mhuineacháin, an tUasal […]