Ón gCeathrú Rua go Príosún Chill Mhaighneann
Gabhadh an Dochtúir Elsie Murphy ar an gCeathrú Rua i 1923 agus chaith sí sé mhí sa bpríosún i mBaile Átha Cliath
Gabhadh an Dochtúir Elsie Murphy ar an gCeathrú Rua i 1923 agus chaith sí sé mhí sa bpríosún i mBaile Átha Cliath
Sheol Comhar Naíonraí na Gaeltachta, Naíonra Chamais ar shuíomh Scoil na Maighdine Muire gan Smál i gCamas, Conamara agus craoladh an clár Iris Aniar ón láthair. Amuigh faoin aer a bheidh na páistí ag an naíonra nua. 'Cúis mhisnigh' a bhí i seoladh an naíonra nua, a dúradh
Bhí scoth an cheoil agus an rince sna trí scór léiriú ó scoláirí iarbhunscoile san Helix, in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ag SCLÉIP Gael Linn. Pictiúir: Seán Ó Mainnín.
Coláiste Chroí Mhuire an Spidéal, Co na Gaillimhe agus Coláiste Pobail Ráth Chairn Co na Mí, buaiteoirí sinsir agus sóisir Chraobh Díospóireachta Uí Chadhain Gael Linn tar éis dianbhabhtaí géara díospóireachta in Óstán na Cúirte, An Tulach Mór, Co Uíbh Fháilí. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Bhí slua mór i láthair nuair a sheol Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4, an leabhar nua 'Ag Cur chun Fónaimh - Údarás na Gaeltachta ó 1980 i leith' i Stiúideo Cuan, An Spidéal an tseachtain seo caite. Cuntas ar ról na heagraíochta sa Ghaeltacht ó 1980 i leith atá ann agus é curtha in eagar ag an Ollamh Breandán Mac Suibhne agus an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh. Cló Iar-Chonnacht a d'fhoilsigh. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Chuaigh os cionn trí scór páiste ó chlubanna óige na heagraíochta Gaeilge, Feachtas, ar cuairt go dtí féile na Soilse Allta a eagraíonn an Zú gach bliain i mBaile Átha Cliath. Bhíodar faoi dhraíocht ag an seó solais is iontais. PIctiúir: Seán Ó Mainnín
Tháinig páistí na Gaeltachta i bhfad is i ngearr chun Daidí na Nollag a fheiceáil i Siopa na Leabhar, siopa Chló Iar-Chonnacht, an Satharn seo caite. Agus níor loic Santa orthu. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc
Bhí Oileáin Árann, Gaeil na Gaillimhe, Cumann Camógaíochta Chois Fharraige, Baile an Doirín, Cumann Caide Ban Chorca Dhuibhne, Laochra Loch Lao agus Mistéalaigh Chaisleán an Bharraigh i measc 55 club ar bronnadh gradaim orthu as an nGaeilge a chur chun cinn. Grianghraif: Conor Ó Mearáin
Déardaoin seo caite, chuir An Bruach Thoir agus Bon Viveurs na Gaillimhe ócáid ar leith ar siúl i gCaifé Chef Laura Rossa don chomhluadar Gaelach Brasaíleach. Pictiúír Iain McDonald
Bhailigh ionadaithe ó eagraíochtaí agus coistí pobail i ngach ceard den Ghaeltacht le chéile in Óstán Chois Fharraige i gConamara, do bhronnadh Ghradaim na Gaeltachta, comórtas náisiúnta a bhunaigh Údarás na Gaeltachta le déanaí. Pictiúir: Seán Ó Mainnín