GAILEARAÍ / Lá iontach faoin ngrian ag Paráid na Ceathrún Rua i gConamara
Sean Ó Mainnín
Chuidigh an ghrian go mór leis an atmaisféar Lá Fhéile Pádraig ar an gCeathrú Rua mar a raibh slua breá amuigh don pharáid. PIctiúir: Seán Ó Mainnín
Chuidigh an ghrian go mór leis an atmaisféar Lá Fhéile Pádraig ar an gCeathrú Rua mar a raibh slua breá amuigh don pharáid. PIctiúir: Seán Ó Mainnín
Bhí slua breá i mBéal Átha an Ghaorthaidh i gCorcaigh inniu do pharáid Lá Fhéile Pádraig. Pictiúir: Elton Twomey
Dhein muintir Chorca Dhuibhne ceiliúradh le fonn agus le flosc ar Lá Fhéile Pádraig inniu. Bhí Tuairisc i láthair i mBaile an Fheirtéaraigh. Pictiúir: Manuela de Grandi
Bhain idir óg agus aosta sult as paráid na Féile Pádraig i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall inniu. Pictiúir: Tommy Curran
Bhí slua maith i láthair ar an Spidéal do pharáid Lá Fhéile Pádraig. Pictiúr: Caroline Breathnach
Is é Rónán Ó Conghaile, mac léinn altranais in Ollscoil na Gaillimhe, buaiteoir Chorn Uí Chon Cheanainn 2024. Reachtáladh an comórtas bliantúil amhránaíocht ar an sean-nós i gcuimhne ar an amhránaí óg, Chiarán Ó Con Cheanainn, i dTéatar Uí Chearbhalláin, Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc
Tháinig os cionn scór ban le chéile ag ceol den chéad uair ag an Dublin Folk Festival Lá Idirnáisiúnta na mBan i 1984. Theastaigh uathu a léiriú don saol mór an cumas agus an réimse ceoil a bhí ag mná ach ardán a fháil. D'éirigh thar cionn leis an ngrúpa agus sheinn siad sna ceithre hairde. Rinne siad féin agus a gcuid iníonacha, 'na Mac-Cailíní', an t-éacht agus an tallann sin a chomóradh i mbliana Lá Idirnáisiúnta na mBan sa Sugar Club. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc
Seoladh an leabhar 'Cuimhní Poircealláin agus Scéalta Eile' le Majella Ní Dhomhnaill ag ócáid sa Siopa Leabhar, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath Déardaoin seo caite, Lá Domhanda na Leabhar. Is é an scríbhneoir Mícheál Ó Ruairc a sheol an leabhar a d'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht. Seo é an chéad chnuasach gearrscéalta le Majella Ní Dhomhnaill ar dhúirt Ó Ruairc fúithi “Níl aon dabht i m’aigne ach go n-áireofar í ar dhuine de mhórscríbhneoirí próis na Gaeilge sna blianta atá amach romhainn.” Pictiúir: Seán Ó Mainnín
I mBaile Bhlainséir i mBaile Átha Cliath a bhí Ard-Fheis Conradh na Gaeilge i mbliana agus neart plé agus ábhar cainte ann. Seoladh le linn hArd-Fheise freisin Seachtain na Gaeilge 2024 agus insealbhaíodh an file Pádraig Mac Fhearghusa ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge. Pictiúir ón insealbhú le Seán Ó Mainnín
Seo blaiseadh beag den cheol agus den chomhluadar ag Scoil Cheoil an Earraigh i mBaile an Fheirtéaraigh i gCorca Dhuibhne an deireadh seachtaine seo caite Pictiúir: Manuela Dei Grandi