GAILEARAÍ: Corn Uí Chon Cheanainn 2024 buaite ag Rónán Ó Conghaile

GAILEARAÍ / Corn Uí Chon Cheanainn 2024 buaite ag Rónán Ó Conghaile

Sean Ó Mainnín

Is é Rónán Ó Conghaile, mac léinn altranais in Ollscoil na Gaillimhe, buaiteoir Chorn Uí Chon Cheanainn 2024. Reachtáladh an comórtas bliantúil amhránaíocht ar an sean-nós i gcuimhne ar an amhránaí óg, Chiarán Ó Con Cheanainn, i dTéatar Uí Chearbhalláin, Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc





GAILEARAÍ: Mná Macalla ag ceol le chéile arís 40 bliain níos déanaí

GAILEARAÍ / Mná Macalla ag ceol le chéile arís 40 bliain níos déanaí

Sean Ó Mainnín

Tháinig os cionn scór ban le chéile ag ceol den chéad uair ag an Dublin Folk Festival Lá Idirnáisiúnta na mBan i 1984. Theastaigh uathu a léiriú don saol mór an cumas agus an réimse ceoil a bhí ag mná ach ardán a fháil. D'éirigh thar cionn leis an ngrúpa agus sheinn siad sna ceithre hairde. Rinne siad féin agus a gcuid iníonacha, 'na Mac-Cailíní', an t-éacht agus an tallann sin a chomóradh i mbliana Lá Idirnáisiúnta na mBan sa Sugar Club. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc