Tá aimsir an phencil case nua buailte orainn arís

Agus na fáinleoga ag prapáil dá dturas ó dheas tá ár gcolúnaí ag prapáil don scoil

Tá aimsir an phencil case nua buailte orainn arís

Tá aimsir an phencil case nua buailte orainn arís. Ní túisce a shiúil mé amach an doras ar maidin an lá cheana ná go raibh a fhios agam é. Cén chaoi go mbíonn a fhios againn go bhfuil an t-am sin tagtha chuile bhliain? Ní cheapaim gur ar an bhféilire amháin a bhíonn muid ag brath. Tá ‘rud éicint’ san aer.

Céard a insíonn do na fáinleoga go bhfuil sé in am tosú ag cruinniú is ag réiteach d’eitilt mhór an fhómhair is filleadh ar ‘na críocha i bhfad uainn’? Níl a fhios agam. Ná níl a fhios agam céard a insíonn don duine go bhfuil sé in am déanamh ar an siopa stáiseanóireachta.

B’fhéidir gurb í an ghoimhín atá sa ngaoth, nó boladh úr an fhómhair ag éirí ar an aer.  Nó seans gur athrú éicint é a thagann ar sholas an lae a fhógraíonn go bhfuil deireadh an tsamhraidh ag teannadh linn agus go bhfuil sé in am badhró nua a cheannach agus cás pinn luaidhe.

“As ucht Dé agus na maighdine Muire ort, a Oisín, nach bhfuil ár ndóthain dár saoil caite anois againn ag breathnú ar chásanna pinn luaidhe?!” a chuala mé bean chráite ag rá go díomuach lena mac, a bhí thart ar cheithre bliana déag d’aois, agus iad ina seasamh in Easons.

Bhí siad beirt ag stánadh ar sheilfeanna móra fada a bhí lán le cásanna pinn luaidhe. Níl a fhios agam cén t-achar a bhí caite ag an mbeirt acu ann sular tháinig mise – laethanta iomlána, seans.

Choinnigh mé orm ag breathnú go grinn ar an gcás a bhí i mo láimh agam féin ar fhaitíos go dtarraingeofaí isteach sa scéal mé. Bhí mé ag iarraidh cás a cheannach do mo neacht a bheidh ag tosú sna naíonáin bheaga go luath. Chaithfinn ceann maith a roghnú nó is dócha nach maithfí go deo dom é. Bhí a fhios agam sin, ach céard é ceann maith?

Phioc mé suas ceann a raibh cúlra dubh air agus patrún ‘eicléictiúil’ de chapaillíní beaga bándearga agus, ar chúis éicint nár thuig mé baileach, blaoscanna agus croschnámha scaipthe tríothu. Ar ceann maith é seo?

‘Céard faoin gceann seo?’ a chuala mé thall.

Bhreathnaigh mé anonn agus chonaic mé an mháthair ag síneadh cás lonrach spleodrach anonn ag a mac. Bhí déanamh bróige air agus é clúdaithe le ciorcail bheaga bhándearga a bhí ag glioscarnach faoin solas. Dá mbeadh pencil case ag Elton John, seo’d é an ceann a bheadh aige.

Bhí sí lándáiríre.

Is gearr go mbeidh sé ina mharú, a dúirt mé liom féin agus bhreathnaigh mé ar ais ar an tseilf go beo ar fhaitíos go mbreathnóinn isteach sa tsúil ar dhuine acu nó go bhfaighinn iarraidh de phencil case isteach ar an ‘in ainm an Athar’.

Tuigim dóibh, ní raibh sé ach lá nó dhó roimhe sin ó bhí muid fhéin in umar na haimléise agus muid inár seasamh i lár an tsiopa leabhar scoile ag iarraidh a theacht ar rud éicint ar a dtugtar ‘fillteán pócaí’.

Bhí chuile shórt eile ar an liosta scoile faighte, 3 x pritt-stick, 10 x cóipleabhar A11, 1 x fillteán taispeántais, 1 x Gafa le Mata… Bhí go maith nó gur tháinig muid chomh fada le ‘fillteán pócaí’.

“Ach céard é fhéin?” a d’fhiafraigh fear an tí díom agus cuma an fhir chloíte air, an liosta damnaithe burláilte ina láimh aige.

“Níl a fhios agam beo,” a dúirt mé, “níl a fhios agam beirthe ná beo céard é fhéin.”