Casadh dainséarach na Gráige – mura ndeintear gníomh fónta beidh droch-thionóisc anseo

Ábhar buartha do Chomharchumainn i gCorca Dhuibhne an bóthar an-chúng agus an-cham ansin

Casadh na Gráige
Casadh na Gráige

Breacaim síos im intinn
Le peann luath na maidne seo
Pictiúr:
Carraigeacha, fraoch, bóthar–
Áit uaigneach é Casadh na Gráige.

Seo mar a thosnaigh an file nach maireann, Michael Davitt, a dhán ‘Aisling Chasadh na Gráige’. Sea, is cinnte go bhfuil draíocht ag baint léi mar áit – casadh géar bóthair idir Dún Chaoin agus An Buailtín (Baile An Fheirtéaraigh) a bhfuil radharc gan cháim uaidh ar mhuir, ar thír is ar shléibhte taibhseacha  beannacha nár athraigh puinn leis na cianta cairbreacha.

Ach is áit dhainséarach anois é. Le linn bhiaiste na turasóireachta stopann na mílte gach lá ar an mball seo chun lán a súl a fháil den áille tíre agus mara. Is minic a bhíonn scuaine de bhusanna agus de ghluaisteáin agus gach feithicil eile idir eatarthu stoptha ar feadh tamaill i rith an lae anseo chun pictiúir a thógáil agus chun an t-aer folláin a análú.

Is anseo atá an dainséar; mar gur bóthar an-chúng agus an-cham atá sa phaiste seo agus, ar na feithiclí ar fad a bheith páirceáilte ar thaobh amháin den bhóthar, is deacair don trácht a bhíonn ag gluaiseacht dul thar bráid in aon treo amháin, ní áirím dhá threo.

Ábhar buartha é seo de Chomharchumann Dhún Chaoin agus do Chomhaontas Turasóireachta Chorca Dhuibhne, a mbíonn an fhadhb á plé go leanúnach acu. Tráth, bhíodh feithiclí in ann tarraingt isteach ón mbóthar go carrchlós de shaghas a bhíodh ag an gcúinne ach tá an carrchlós ar choimín nó talamh príobháideach agus blianta fada ó shin cuireadh bolláin mhóra cloch san áit a dtéadh an trácht den mbóthar agus crochadh fógra nach raibh aon chead páirceála san áit.

Do phléigh Comharchumann Dhún Chaoin an scéal ar bhonn áitiúil le Comhairle Chontae Chiarraí agus tháinig moladh chun cinn go ndéanfaí bóthar nua ar fad a chur lastuas de chasadh na Gráige, ar thaobh Mhionnán na Gráige, agus an seanbhóthar a fhágáil mar láthair pháirceála. Is cinnte go leigheasfadh seo an scéal. Ach níl aon dul chun cinn déanta fós ar an moladh sin.

Mura ndeintear gníomh fónta go luath is baolach go mbeidh drochthionóisc ann agus, ar ndóigh, beidh sé ródhéanach a bheith ag caint an uair sin.

Fág freagra ar 'Casadh dainséarach na Gráige – mura ndeintear gníomh fónta beidh droch-thionóisc anseo'

  • Feardorcha

    Coincréit coincréit coincréit
    Agus mura leor sin
    Cuir coincréit lena chois.

    B’fhearr liom féin an chéad dán.