Cás na Gaeilge ó thuaidh pléite ag an Taoiseach le Príomh-Aire na Breataine

Dúirt an Taoiseach gur labhair sé le Príomh-Aire na Breataine faoi cheisteanna a bhaineann leis an bpróiseas polaitiúil ó thuaidh, ceist na Gaeilge ina measc

Dúirt an Taoiseach gur leagadh béim ina chuid cainteanna tráthnóna le Príomh-Aire na Breataine ar cheisteanna a bhaineann leis an bpróiseas polaitiúil ó thuaidh, ceist na Gaeilge ina measc.

Ag labhairt dó i ndiaidh na gcainteanna tráthnóna, dúirt an Taoiseach gur labhair sé féin agus Príomh-Aire na Breataine faoin tábhacht a bhaineann le feidhmeannas Stormont a chur ag obair arís mar ba chóir.

“I emphasised to the Prime Minister the importance of finding a way forward on outstanding commitments and, in particular, on issues like the legacy institutions in the Stormont House Agreement and the Irish language,” a dúirt an Taoiseach i ndiaidh na gcainteanna i dTithe an Rialtais.

Dúirt an Taoiseach go mbeadh sé féin agus an Príomh-Aire i ndlúth-theagmháil lena chéile sna seachtainí romhainn amach faoi na ceisteanna sin agus súil acu go mbeadh an toghchán ó thuaidh i mí an Mhárta “calm and respectful”.

Bhí cás na teanga agus ceist Acht na Gaeilge don Tuaisceart i measc na gcúiseanna leis an tsáinn pholaitiúil ó thuaidh a chuir deireadh le feidhmeannas Stormont.

Thug an Taoiseach agus Príomh-Aire na Breataine le fios gur athdhearbhaíodh le linn na gcainteanna a dtiomantas do Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Dúradar beirt chomh maith nach raibh sé i gceist go mbeadh aon teorainn ‘chrua’ in Éirinn i ndiaidh an Bhreatimeachta agus dúirt Theresa May gurb é a theastaíonn ón dá Rialtas ná “[a] seamless, frictionless border”.

Dúirt an Taoiseach go raibh sé chun glacadh leis an gcuireadh bualadh le hUachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump sa Teach Bán Lá Fhéile Pádraig agus go raibh sé ‘níos tábhachtaí ná riamh’ cás na hÉireann agus cás na nÉireannach mídhleathach i SAM a dhéanamh sa Teach Bán.

Mhíneodh sé, a dúirt sé, do Donald Trump na cúiseanna nach n-aontaíonn sé lena pholasaí maidir le hinimircigh.

Ag labhairt dó i nGaeilge ag deireadh na preasócáide, dúirt an Taoiseach nár chóir dósan ná “do Thaoiseach ar bith eile” an “ceangal” atá ag muintir na hÉireann le SAM ar Lá Fhéile Pádraig a bhriseadh.

 

Fág freagra ar 'Cás na Gaeilge ó thuaidh pléite ag an Taoiseach le Príomh-Aire na Breataine'

  • padraig o muircheartaigh

    A chara nior choir don Taoiseach dul ar cuairt go dti an Teach Ban ma ta Trump sasta daoine a cheasadh fad a bheidh seisean i reim