Cás Manus Deery – ceacht dóibh siúd atá i mbun cainteanna Stormont

Bhí bás an déagóra 45 bliain ó shin ar cheann de na heachtraí ba chonspóidí le linn na dTrioblóidí

Cás Manus Deery – ceacht dóibh siúd atá i mbun cainteanna Stormont

Tá na cainteanna i Stormont ar fionraí le haghaidh na Cásca, cheal réitigh, ach má bhí cluas le héisteacht ar na polaiteoirí sular imigh siad ar saoire bhí ceacht le foghlaim ó ionchoisne Manus Deery. Bhí bás an déagóra 45 bliain ó shin ar cheann de na heachtraí ba chonspóidí le linn na dTrioblóidí agus chruthaigh fiosrú cróinéara nua cén fáth a bhfuil tábhacht as cuimse le hionchoisní cuí d’ainneoin imeacht aimsire.

Gasúr cúig bliana déag d’aois ab ea Manus Deery a maraíodh i dTaobh an Bhogaigh i nDoire nuair a bhuail blúire de philéar é a scaoil saighdiúir as Arm na Breataine i 1972, trí mhí i ndiaidh Dhomhnach na Fola. Duine de ghrúpa déagóirí ab ea é a bhí bailithe taobh amuigh de shiopa sceallóg ag súgradh agus ag ithe sceallóg. Scaoil an saighdiúir ó bhallaí ársa na cathrach, d’athscinn piléar de bhalla agus ghoin píosa de Manus Deery sa cheann.

Mhaígh an saighdiúir singil, William Glasgow, atá básaithe anois gur scaoil sé le fear gunna a raibh raidhfil aige. Thug coiste cróinéara an bhliain dár gcionn breithiúnas oscailte ach níor ghlac muintir Deery ná na daoine óga a bhí i bhfochair Manus leis an toradh sin. B’fhacthas dóibh go raibh smál ar cháil Manus i ngeall ar líomhaintí go raibh an saighdiúir ag déileáil le gníomhaíochtaí paraimíleata.

Chaith Helen Deery, deirfiúr an ghasúir dhá scór bliain ag éileamh fiosrú eile agus in 2012 d’ordaigh an tArd-Aighne John Larkin ionchoisne nua. Éisteadh an cás nua ón bhfómhar anuraidh agus Dé Luain seo caite thug an Cróinéir, an Breitheamh Adrian Colton rialú nua.

Chinn sé nach raibh cúis ar bith leis an scaoileadh mar nach raibh fear gunna ar bith sa cheantar. Rialaigh sé go raibh Manus Deery neamhchiontach go huile agus go hiomlán agus nár chontúirt é d’éinne, saighdiúirí ná duine ar bith eile.

Chinn sé chomh maith go raibh an fiosrú ag an am easnamhach, lochtach. Ó tharla go bhfuil an saighdiúir William Glasgow marbh agus nárbh fhéidir é a cheistiú ní raibh an Breitheamh Colton in ann a rá ar chreid an saighdiúir, go hionraic go bhfaca sé fear gunna. Fiú má chreid, áfach, arsa an breitheamh, bhí an fórsa (an scaoileadh) thar fóir i gcomparáid leis an gcontúirt a braitheadh a bhí ann.

Le linn na n-éisteachtaí i nDeireadh Fómhair agus mí na Samhna seo caite thacaigh fianaise ó na húdaráis le maíomh a mhuintire gur maraíodh Manus san éagóir. Dúirt abhcóide ón Roinn Cosanta agus an PSNI leis an ionchoisne gur ghlac siad leis nach raibh Manus Deery armtha agus nár chontúirt ar bith é. D’admhaigh sé gur sháraigh an saighdiúir Glasgow rialacha an Airm- treoracha an Chárta Bhuí. Dúirt iarbhleachtaire san RUC nár insíodh dó ag an am gur sháraigh an saighdiúir na rialacha; dá mbeadh an t-eolas sin aige bheadh moladh déanta aige go gcúiseofaí William Glasgow, a dúirt sé.

Thug cúig dhuine dhéag fianaise agus chuir aon duine dhéag teistíocht ar fáil. Ina measc bhí Trevor Wilson, an t-oifigeach airm a bhí i gceannas nuair a scaoileadh an piléar marfach. Bhuail sé le muintir Deery go príobháideach chun a bhrón agus a aiféala a chur in iúl dóibh, cruinniú an-chorraithe inar bhris a ghol ar an iarmhaor.

Ba dheacair áibhéil a dhéanamh faoi thábhacht an ionchoisne seo do mhuintir Deery. Bhí a fhios acu i gcónaí, a dúirt Helen Deery, go raibh Manus neamhchiontach ach anois tá sé sin aitheanta go poiblí agus a cháil gan smál. Bhí an mioneolas a fuair siad tábhachtach freisin, fíorais a fuaireadar den chéad uair. Orthu sin, bhí an dearbhú go raibh a fhios ag na húdaráis mhíleata ón tús gur scaoileadh gan údar, in aghaidh a rialacha féin ach gur ceileadh an t-eolas sin ar fhiosrú an RUC.

Is iomaí teaghlach eile atá ag fanacht le blianta fada, cuid acu a bhfuil cúisimh uathu agus a thuilleadh ar nós mhuintir Deery gurb é a gcuspóir an fhírinne a chur ar an taifead poiblí. Tá gach duine i dteideal ionchoisne faoi dhlí na tíre agus dlíthe chearta an duine. Ba cheart do na polaiteoirí i Stormont agus do James Brokenshire, go háirithe, aird a thabhairt ar an dlí agus na cearta sin. Níor mhór dóibh ceacht a fhoghlaim faoin dochar a dhéanann ceilt na fírinne. Ní bheadh aon ghá le feachtas Helen Deery murach gur ceileadh an fhírinne faoin eachtra inar maraíodh Manus. Ba chóir ceist na n-ionchoisní a dheighilt ó mhargáil pholaitiúil, mar a d’éiligh an Tiarna Príomh-Bhreitheamh agus ansin ba chóir an dlí a chur i bhfeidhm – séanadh an chirt is ea an moilliú as cuimse.

Fág freagra ar 'Cás Manus Deery – ceacht dóibh siúd atá i mbun cainteanna Stormont'