Cás Ibrahim Halawa: Ceartas, cóir agus cothrom na Féinne de dhíth…

Agus triail Ibrahim Halawa in ainm is a bheith ag tosú amárach, deir ár gcolúnaí nach bhfuil sé ceart ná cothrom go bhfuil fear óg as Éirinn i gcarcair thar lear agus gan é ciontaithe as rud ar bith

Halawa 1

Dá bhféadfaí cinniúint shaol an duine a thuar faoi mar a dhéantar an bháisteach agus an ghrian a thuar, b’fhéidir go mbeadh tuairim againn cad atá i ndán d’Éireannach óg a thaistil ó Theach Giúise Bhaile Átha Cliath go tailte na hÉigipte in 2013.

Sheas sé os comhair pirimidí ársa na bhFarónna lena dheirfiúracha. Chuaigh sé ar muin camaill. Agus dá mbeadh a leithéid de rud ann agus súil eile na teilifíse, bheimis in ann é a fheiceáil nuair a rachaidh sé os comhair cúirte amárach i gCaireo. Ach is amhlaidh gur fusa do chamall dul trí shúile na báistí ná don phríosúnach seo triail chóir a bheith aige i gcóras dlí na hÉigipte.

Ibrahim Halawa is ainm don fhear óg seo, is Éireannach é, agus is Príosúnach Coinsiasa é, dar le Amnesty International.

Ghabh na póilíní é féin agus a dheirfiúracha, Omaima, Fatima agus Somaia, thiar i dtóin mhosc al-Fateh mí Lúnasa na bliana 2013. Ní raibh Halawa ach 17 mbliana ag an am. I measc na gcúiseamh atá á gcur ina leith, tá an sceimhlitheoireacht agus láimhseáil pléascán. I bhfolach ón bhforéigean lasmuigh den mhosc a bhí siad, a deir deirfiúracha Ibrahim. Cuireadh i bpríosún é gan triail gan fianaise. Tá sé ann ó shin.

Trí huaire déag a cuireadh a thriail ar athló go n-uige seo. Tá an triail in ainm is a bheith ar siúl amárach, Dé Céadaoin. Maíonn Amnesty nach féidir bheith ag súil go bhfaighfear cothrom na Féinne i gcás Ibrahim Halawa, ná go mbeidh seans dá laghad aige chun na trialach cothroime: beidh suas go 500 príosúnach eile ina theannta mar chuid d’olltriail, cleachtas atá ag sárú dlí na hÉigipte agus an dlí idirnáisiúnta, dar le Amnesty.

Ní hionann é seo agus an phróis chuí ná an ceartas, agus cúis mhór imní d’Amnesty agus do mhuintir Halawa atá ann. Maíonn Amnesty nach bhfuil córas dlí na hÉigipte ar chaighdeán inghlactha idirnáisiúnta. Má chiontaítear Ibrahim Halawa, is é an bás an pionós a gheobhaidh sé.

Agus é ag caint ar an gclár faisnéise raidió ‘Cairo Cellmates’ le Robert Mulhern agus le Liam O’Brien, thug an t-iriseoir le Al-Jazeera Peter Greste le fios nach bhfuil dóthain á dhéanamh ag Rialtas na hÉireann do chás Ibrahim, nach bhfuil ‘cairde’ ag Ibrahim sna meáin idirnáisiúnta mar a bhí ag Greste, agus go raibh an t-ádh le Greste nach ‘Ibrahim’ an t-ainm a bhí air. Tá fios a ghnó ag Peter Greste: bronnadh Duais Anzac na Síochána i mbliana air.

Ag baile in Éirinn amárach, tógfar céimeanna eile i saol mhuintir na hÉireann, ach amháin nach céimeanna i dtreo an tromluí agus na díchuimhne iad. Eagrófar féilte agus tabharfar cainteanna. Bronnfar céimeanna. Tógfar grianghrafanna. Déanfar idir ghol agus gháire, agus gáirfear faoin méid goil is féidir a dhéanamh. Beidh na fir agus na mná óga atá ar an gcéim Innealtóireachta ar ghnóthaigh Ibrahim áit uirthi an bhliain ar gabhadh é, scaipthe ar nós fáinleoga Mhic Phiarais go dtí na tíortha teo. Nó sáite i dteas agus i gcuideachta na hóige.

Seo chugainn na comrádaithe nach bhfuil ag Ibrahim agus é i gcarcair. Más institiúid í an óige, is í seo an institiúid inar cheart dó a bheith. Níl sé ceart ná cothrom go bhfuil fear óg as Éirinn atá in aois a 20 bliain i gcarcair thar lear chomh fada seo, agus gan é ciontaithe as rud ar bith.

Ach níl deireadh ráite go fóill. Tá cás Halawa fós beo, dá olcas é, dá thuirsí a mhuintir, dá uafásaí an támhnéal. Níl sé ar iarraidh go fóill, murab ionann agus roinnt de na cásanna truamhéalacha atá greanta faoin tsíoraíocht, tréigthe áit éigin idir an aimsir láithreach, chaite, agus fháistineach.

Baineann cás Halawa le gach saoránach sa tír seo. Léiríonn cásanna iomrall ceartais ar nós Seisear Birmingham agus Ceathrar Guildford go bhfuil taithí mhaith ag muintir na hÉireann ar a leithéid agus ar líomhaintí sceimhlitheoireachta gan dealramh. Tugann cás Halawa saoirse bhunúsach na cainte agus saoirse tionóla chun cuimhne dúinn. Níos mó ná sin, meabhraíonn sé dúinn tromluí na héagóra, bagairt na tíorántachta agus mí-úsáid na cumhachta.

halawa2

Cén fáth nach gcuireann Rialtas na Éireann níos mó brú taidhleoireachta ar Rialtas na hÉigipte próis chuí a chleachtadh i gcás Ibrahim Halawa? Cén fáth nach gcuirtear Ambasadóir na hÉigipte, Soha Gendi, ar fionraí go dtí go bhfaighidh Ibrahim Halawa triail chothrom? Cad chuige an bhréagadóireacht agus an mhí-úsáid chumhachta nuair is í an tsaoirse féin atá ar triail?

Má thagann an bháisteach chugainn in Éirinn, amárach, b’fhéidir nach mbeidh inti ach teachtaireacht rúnda ag meabhrú dúinn go bhfuil an méid seo againn ar a laghad: an tsaoirse a bheith fliuch báite, an tsaoirse cainte le bheith ag gearán fúithi, an tsaoirse tionóla dul i bhfolach ó na saigheada boga.

Teist bhunaidh an daonlathais ná an bhfuilimid sásta saoirse cainte a cheadú do dhaoine nach bhfuil na luachanna céanna acu agus atá againne. ‘Caithfear éisteacht,’ a deir Caitríona Pháidín linn ó leathanaigh shaothar Uí Chadhain. Bheadh fhios aici sin: ó thost uaigh an bháis a labhair sí.

Ach rud amháin é an chaint i saothar Uí Chadhain a cheiliúradh. Rud eile ar fad é ‘cead cainte’ a chleachtadh. Tá daoine ann nach dtaitníonn sé leo nuair nach n-aontaíonn daoine eile leo, nuair a bhíonn eispéireas éagsúil ag daoine eile maidir leis na rudaí is dual dá gcroíthe féin. Is é sin an nóiméad is luachmhaire agus is tábhachtaí don tsaoirse cainte, agus an t-am le fearadh na fáilte a chur roimpi.

Tá géarghá le feachtas Ibrahim Halawa a neartú, agus níos mó tacaíochta a thabhairt do Amnesty International lena bhfeachtas siúd. Is féidir páirt a ghlacadh i bhfeachtas cártaí poist Amnesty ach cárta a sheoladh ar shuíomh an eagrais chuig Uachtarán na hÉigipte, Abdel Fattah Al-Sisi ag tathant air Ibrahim Halawa a scaoileadh saor. Scaoileadh Peter Griste saor: is féidir Halawa a scaoileadh saor más é toil Rialtas na hÉireann é, más é toil mhuintir na hÉireann é.

Idir an dá linn, droim do láimhe a thabhairt do laethanta saoire san Éigipt, do ‘mháthair an domhain,’ mar a chuireann Ambasáid na hÉigipte in Éirinn síos uirthi féin ar a shuíomh gréasáin. ‘Máthair’ eile a roghnú, agus deartháir seo na ndeirfiúracha a scaoileadh saor.

Fág freagra ar 'Cás Ibrahim Halawa: Ceartas, cóir agus cothrom na Féinne de dhíth…'