Cás san Ard-Chúirt faoi Theach Scríbe curtha siar

Bhí an cás a bhaineann le cinneadh faoi chúrsaí cead pleanála ag Teach Scríbe, an teach stairiúil i gConamara, le héisteacht an tseachtain seo ach tá sé curtha siar go dtí an 16 Nollaig

Cás san Ard-Chúirt faoi Theach Scríbe curtha siar

Tá cás san Ard-Chúirt a bhaineann le cinneadh faoi chúrsaí cead pleanála ag Teach Scríbe, an teach stairiúil ag crosbhóthar Scríbe i gConamara, curtha ar athlá.

Tá an t-athbhreithniú breithiúnach á lorg ag Screebe Estates Limited maidir le cinneadh Chomhairle Chontae na Gaillimhe diúltú dá n-iarratas ar chead pleanála a choinneáil ag Teach Scríbe do stábla capall, teach bád agus stór, díon nua a chur ar sheanteach, cóiríocht bhreise do chuairteoirí agus forbairtí eile.

Bhí an cás le bheith san Ard-Chúirt an tseachtain seo ach d’iarr Screebe Estates Limited go gcuirfí siar é. Beidh an cás faoin teach atá faoi chosaint os comhair na Cúirte arís ar an 16 Nollaig.

Chinn lucht pleanála na Comhairle go raibh iarratas Screebe Estates Limited neamhiomlán agus nár mhór measúnú oiriúnachta iomlán a dhéanamh.

Maíonn Screebe Estates Limited go ndeachaigh siad ar aghaidh leis an iarratas ar an tuiscint nár ghá measúnú iomlán de réir tástáil a rinneadh i leith measúnú oiriúnachta.

Tógadh Teach Scríbe mar theach iascaireachta agus seilge in 1865 do mhuintir Berridge, an dream arbh leo eastát Bhaile na hInse.

Ba le linn di a bheith ag fanacht i dTeach Scríbe a bádh Lady Dudley, an bhean a bhunaigh Banaltraí Dudley, an chéad seirbhís altraí pobail in Éirinn agus i Sasana. Ba í an bhochtaineacht a chonaic Lady Dudley i gConamara a spreag í chun cúnamh a chur ar fáil.

Teach lóistín agus tithe saoire sócúlach atá anois i dTeach Scríbe.

Fág freagra ar 'Cás san Ard-Chúirt faoi Theach Scríbe curtha siar'