Cás Dúnmharuithe Mhám Trasna os comhair na ‘Cúirte’ an athuair ag ócáid seolta leabhair

An Breitheamh Adrian Hardiman, a bhásaigh le gairid, a mhol d’údar an leabhar nua ‘Éagóir’ Seán Ó Cuirreáin go mbeadh an tseanchúirt ar Shráid na Faiche, Baile Átha Cliath, ‘an-oirúnach’ d’ócáid a bhainfeadh le dúnmharuithe Mhám Trasna. Ba sa chúirt chéanna a daoradh chun báis na fir a ciontaíodh sa chás sa bhliain 1882…

Patsy Seoighe (9) as Mám Trasna a cheistiú sa chúirt ar Shráid na Faiche, Baile Átha Cliath sa bhliain 1882. Líníocht as The Graphic
Patsy Seoighe (9) as Mám Trasna á cheistiú sa chúirt ar Shráid na Faiche, Baile Átha Cliath sa bhliain 1882. Líníocht as The Graphic

Sa chúirt i mBaile Átha Cliath inar ciontaíodh ochtar fear as Dúiche Sheoighe as dúnmharú teaghlaigh i Mám Trasna sa bhliain 1882 a sheolfar leabhar nua faoin gcás stairiúil an tseachtain seo chugainn.

Is é t-iar-iriseoir Seán Ó Cuirreáin, a bhí ina choimisinéir teanga idir 2004-2014, údar an tsaothair nua – Éagóir, Maolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna, an chéad leabhar i nGaeilge faoi chás a tharraing oiread conspóide ag an am go luaitear le titim Rialtas na Breataine é. 

an chúirt4
Teach na cúirte anois

Bhain an cás le dúnmharú cúigear as an aon teaghlach amháin i ndorchadas na hoíche i bpobal iargúlta ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo. D’fhág an tslí ar láimhseáladh an scéal gur crochadh triúr san éagóir agus gur chaith cúigear eile blianta fada dá saol i bpríosún mar gheall ar choir uafásach nach raibh baint ná páirt acu léi. Bhí daoradh na bhfear bunaithe ar fhianaise bhréige, ar bhrathadóirí, agus ar mhímhacántacht na n-údarás agus na n-uaisle.

“Ar ais chuig na bunfhoinsí” a chuaigh Seán Ó Cuirreáin le “tuiscint iomlán” a fháil ar an scéal tragóideach seo, a deir údar Éagóir.

“Tá bailiúchán breá de chomhaid faoin ábhar sa Chartlann Náisiúnta; is ansin atá na taifid oifigiúla ar na cásanna cúirte, na tuairiscí príosúin agus comhfhreagras oifigiúil na n-údarás faoin gcás. Bhí an t-ádh orainn freisin na pictiúir ar fad de na príosúnaigh agus na brathadóirí atá i seilbh na Leabharlainne Náisiúnta a fháil le foilsiú i leabhar den chéad uair,” a dúirt Ó Cuirreáin le Tuairisc.ie. 

an chúirt3

Tharraing an t-údar chomh maith ar na taifid de na díospóireachtaí móra faoin gcás i bParlaimint Westminster agus ar thuairiscí nuachtán sa tír seo agus thar lear a dhein cur síos ar gach cor agus casadh sa scéal.

“Go deimhin, foilsíodh thart ar 2,600 alt nuachtáin faoi chás Mhám Trasna i nuachtáin de chuid na Breataine idir 1882-1885,” a deir Seán Ó Cuirreáin.

Clúdach
Clúdach an leabhair nua ó Chois Life

Dúirt sé go raibh sé “an-sásta go deo” gur sa chúirt inar cuireadh na fir ar a dtriail ar Shráid na Faiche, Baile Átha Cliath a sheolfar an leabhar nua. “Beidh deis iontach ag daoine gur spéis leo an cás féin nó an stair i gcoitinne seasamh i gcroílár na cúirte sin, suí i mbosca na bhfinnéithe nó ar áiléar an ghiúiré nó cuairt a thabhairt ar na cillíní san íoslach inar coinníodh na fir. Is beag athrú a tháinig ar an seanfhoirgneamh cúirte in imeacht na mblianta agus is ann freisin a cuireadh Wolfe Tone, Robert Emmet, Seán Mistéil agus neart pearsana mór le rá eile, ar a dtriail,” a dúirt sé.

Ba é an Breitheamh Adrian Hardiman, a bhásaigh i dtús mhí Márta, a mhol go seolfaí an leabhar i dTeach na Cúirte i mBaile Átha Cliath.

D’fhreastail an Breitheamh Hardiman ar ócáid chuimhneacháin a d’eagraigh Oifig an Choimisinéara Teanga, Conradh na Gaeilge agus Músaem na Gaillimhe faoi chás Mhám Trasna i nGaillimh sa bhliain 2012. 

I ndiaidh na hócáide sin, scríobh an breitheamh chuig Ó Cuirreáin, a bhí ina Choimisinéir Teanga ag an am, ag moladh dó go mbeadh an seomra cúirte ar Shráid na Faiche an-oiriúnach d’aon ócáid eile a bhainfeadh le dúnmharuithe Mhám Trasna ó tharla gur ann a daoradh chun báis na fir a ciontaíodh sa chás.  Dúirt an Breitheamh Hardiman sa chomhfhreagras céanna go raibh “major implications both linguistically and legally” le cás Mhám Trasna.

Ag a 5.45pm ar an Déardaoin 19 Bealtaine a sheolfaidh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív TD Éagóir atá á fhoilsiú ag Cois Life. Tá an Teachta Ó Cuív ina ionadaí poiblí ag ceantar Dhúiche Sheoighe le blianta fada agus ba é a bhí ina Aire Gaeltachta nuair a cuireadh bonn reachtúil den chéad uair le cearta teanga i gcóras na gcúirteanna sa tír seo.

Tá fáilte roimh chách go dtí an ócáid seolta.