Cás á thabhairt ag iar-aire Gaeltachta san Ard-Chúirt mar gheall ar líomhaintí faoi mhí-úsáid ghnéis

Baineann an cás atá á thógáil ag Pat Carey i gcoinne an Ard-Aighne, Coimisinéir an Gharda Síochána agus Independent News & Media le halt nuachtáin a foilsíodh in 2015

Cás á thabhairt ag iar-aire Gaeltachta san Ard-Chúirt mar gheall ar líomhaintí faoi mhí-úsáid ghnéis

Tá an t-iar-aire Gaeltachta Pat Carey ag dul chun na hArd-Chúirte agus é ag cur i leith an Stáit agus Independent News & Media gur sháraigh alt nuachtáin a foilsíodh in 2015 a phríobháideachas agus a chearta bunreachtúla.

Tuairiscíodh san alt sin san Irish Independent go raibh an Garda Síochána ag fiosrú líomhaintí a rinne bean mar gheall ar iar-aire rialtais.

Cé nár ainmníodh Carey san alt, d’éirigh sé as a ról mar Stiúrthóir Toghcháin Fhianna Fáil mar gheall ar na líomhaintí.

Shéan sé go tréan agus go diongbháilte go raibh aon bhaint aige lena leithéid d’iompar. Dúirt sé ag an am nach raibh a fhios aige an leis féin a bhain na líomhaintí agus gur dá dheoin féin agus le ‘croí trom’ a bhí an ráiteas á thabhairt aige.

Thug sé le fios gur tuigeadh dó go raibh a ainm á lua leis na líomhaintí agus go raibh sé “trína chéile” nuair a ghlaoigh iriseoirí air faoin scéal. Bhí “imní” chomh maith air, a dúirt sé, faoi ráitis a luadh leis na Gardaí i dtuairiscí sna meáin.

I ráiteas a d’eisigh a dhlíodóirí thar a cheann i ndiaidh fhoilsiú an ailt, dúirt sé go raibh sé i dteideal na dea-cháile ach go mbeadh sé ag seasamh ar leataobh óna ról mar Stiúrthóir Toghcháin Fhianna Fáil agus ó na cúraimí poiblí eile a bhí air, ina measc Cathaoirleacht Bhord Ghlór na nGael.

Dúirt sé go raibh sé seo á dhéanamh aige fad is a bhí an fiosrúchán faoi na líomhaintí a rinneadh i leith iar-aire rialtais ag dul ar aghaidh.

Tá sé fillte ar a ról mar Cathaoirleach ar Bhord Ghlór na nGael ó shin.

Tá an cás á thógáil ag Carey i gcoinne an Ard-Aighne, Coimisinéir an Gharda Síochána agus Independent News & Media agus líomhnaíonn sé gur sáraíodh a chearta bunreachtúla, a phríobháideachas agus a cheart ar phróis chuí.

Tuairiscítear go bhfuil Independent News & Media ag áiteamh go raibh sé de cheart ag an bpobal go gcuirfí an t-eolas faoi na líomhaintí maidir le mí-úsáid ghnéis faoina mbráid.

Tuairiscítear go bhfuil an tArd-Aighne agus an Garda Síochána ag séanadh gurbh iadsan a sceith an t-eolas maidir leis na líomhaintí faoi mhí-úsáid gnéis.

Tuairiscíodh ag an am gur bhain na líomhaintí le mí-úsáid ghnéis ‘at a lower scale’.

Tá fiosrúchán eile ar bun ag Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána féachaint an raibh aon ról ag na Gardaí i sceitheadh an eolais.

Bhí Pat Carey, ar as na Buailtíní i gCiarraí dó, ina Theachta Dála d’Fhianna Fáil i mBaile Átha Cliath Thiar Thuaidh ó 1997 go dtí 2011. Ceapadh ina Phríomhaoire é in 2008 agus ceapadh mar Aire Gaeltachta, Pobail agus Comhionannais é in 2011.

Bhí an tiar-aire go mór i mbéal an phobail le linn an reifrinn phósta agus é ag feachtasaíocht ar son Tá Comhionannas.

Fág freagra ar 'Cás á thabhairt ag iar-aire Gaeltachta san Ard-Chúirt mar gheall ar líomhaintí faoi mhí-úsáid ghnéis'