Cás a bhaineann le teach a scriosadh ar Oileán Thoraí luaite sa Chúirt Uachtarach

Thug Patrick Doohan, ar leis Óstán Thoraigh tráth, le fios go raibh sé tagtha i láthair na cúirte lena ainm a ghlanadh

Cás a bhaineann le teach a scriosadh ar Oileán Thoraí luaite sa Chúirt Uachtarach

Pictiúr: RollingNews.ie

Luadh inniu sa Chúirt Uachtarach cás a bhaineann le teach a scriosadh ar Oileán Thoraí, amach ó chósta Dhún na nGall.

Thug Patrick Doohan, ar leis Óstán Thoraigh lá den saol, le fios sa Chúirt Uachtarach ar maidin, go raibh sé tagtha i láthair na cúirte lena ainm a ghlanadh, agus le hinsint don Chúirt nach raibh baint nó páirt aigesean le dlí ar bith a bhriseadh i dtaca le cás an tí.

Tá Patrick Doohan ag cur i gcoinne rialú san Ard-Chúirt gurbh é a leag an teach ar an oileán, gan cead úinéir an tí a lorg.

Líomhnaíodh gur tharla an eachtra seo mar go raibh an teach ag cur bac ar an radharc farraige as Óstán Thoraigh.

Ba leis an déantóir scannán Neville Presho, fear a chaith go leor ama ar an oileán, an teach seo.

I gcás cúirte a éisteadh in 2009 tugadh fianaise gur cheannaigh Neville Presho teach i dToraigh i 1982, agus gur fágadh an teach folamh nuair a d’imigh sé le cónaí sa Nua-Shéalainn.

Nuair d’fhill sé ar an oileán i 1994, bhí an teach imithe, óstán tógtha os a choinne agus carrchlós tógtha ar láthair an tí.

Rinneadh tine damáiste mór don teach i 1993, a dúradh sa chúirt, tógadh ar shiúl fothraigh an tí de réir a chéile ina dhiaidh sin.

Rialaigh an chúirt in 2009 go raibh Patrick Doohan imithe isteach ar thalamh Neville Presho gan chead agus go raibh baint aige leis an teach a leagan fosta.

I mí na Samhna 2015, dhiúltaigh an Chúirt Uachtarach d’achomharc faoin gcás a rinne an comhlacht ar leo Óstán Thoraigh tráth, a mhaígh nárbh iad a bhí freagrach as an teach ar an oileán a leagan.

Níor glacadh leis an achomharc, mar go raibh an comhlacht díscaoilte, agus dúradh go raibh úinéir an tí, Neville Presho i dteideal €46,000 mar chúiteamh.

Threoraigh an Chúirt inniu do Patrick Doohan mionscríbhinn a chur ar fáil taobh istigh de shé seachtaine ag cur síos ar na cúiseanna nach raibh eolas áirithe curtha ar fáil don chúirt aige.

Dhéanfaí cinneadh ansin an gceadófaí d’achomharc Doohan dul ar aghaidh.

Fág freagra ar 'Cás a bhaineann le teach a scriosadh ar Oileán Thoraí luaite sa Chúirt Uachtarach'