Cartlann Chonradh na Gaeilge le cur os comhair an phobail den chéad uair

Tá ábhar cartlainne Chonradh na Gaeilge á scagadh faoi láthair agus súil ag an eagraíocht ábhar a bhaineann le luathstair na heagraíochta agus an Stáit, a chur os comhair an phobail den chéad uair

Cartlann Chonradh na Gaeilge le cur os comhair an phobail den chéad uair

Tá tús curtha leis an obair a bhaineann le hord agus eagar a chur ar chartlann Chonradh na Gaeilge. Tá cead agus maoiniú faighte ag an gConradh tabhairt faoin obair sin sna blianta amach romhainn, saothar a chuirfidh ábhar stairiúil, nach bhfacthas cheana le blianta fada, os comhair an phobail arís.

Is é Cuan Ó Seireadáin, a bhí ina chomhordaitheoir ar Chomóradh Céad Bliain 1916 ag an gConradh anuraidh, a bheidh i mbun na hoibre den chuid is mó. Dúirt sé le Tuairisc.ie, áfach, go bhfuiltear le saineolaithe ó réimsí eile taighde a thabhairt isteach ionas go ndéanfar an cartlannú i gceart.

Tá ábhar na cartlainne scaipthe in áiteanna éagsúla ar fud na hÉireann. Tá cuid mhór coinnithe sa Leabharlann Náisiúnta i mBaile Átha Cliath, agus go leor eile i gCeannáras an Chonartha ar Shráid Fhearchair sa chathair. Tá boscaí eile, áfach, i gContae na Mí agus in áiteanna eile.

Dúirt Ó Seireadáin go bhfuil súil aige an oiread ábhar agus is féidir a bheith in aon áit amháin nuair a bheidh  an obair ar bun.

Dúirt sé go bhfuil an chartlann á hoscailt diaidh ar dhiaidh agus go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint le cartlann na heagraíochta i gcomhthéacs na staire náisiúnta agus idirnáisiúnta, go háirithe an t-ábhar a bhaineann le bunú an Chonartha agus blianta tosaigh an 20ú haois.

“Mura dtuigtear stair na heagraíochta seo sa tréimhse sin, tá sé deacair próiseas bunaithe an Stáit ina iomlán a thuiscint. Níl cur síos deifnídeach déanta go fóill ar a raibh ar siúl, ná ar an athrú meoin a bhí i gceist, maidir leis an bpobal agus daoine aonair a bhí i dteagmháil leis an nGaeilge agus leis an gCultúr Gaelach.

“Fiú an cineál cultúir a bhí san eagraíocht ag an am, an spiorad, an comhluadar, na himeachtaí, agus an teagmháil leis an bpobal tuaithe,” a dúirt Ó Seireadáin le Tuairisc.ie.

Thosaigh Ó Seireadáin ar an obair an mhí seo caite agus thug sé suntas do go leor cáipéisí agus grianghraif ann agus é den tuairim go dtabharfaidh an chartlann léargas nua ar luathbhlianta Shaorstát Éireann agus scéal na Gaeilge sa stát nua.

“Mar chuid den bhailiúchán, mar shampla, tá na tuairiscí timireachta a seoladh go Baile Átha Cliath ó na ceantair Ghaeltachta gach seachtain. Beifear in ann iniúchadh ceart a dhéanamh orthu agus tuiscint a fháil ar a raibh ar siúl sa Ghaeltacht an t-am sin agus an tionchar a bhí ag Conradh na Gaeilge ar na ceantair sin, agus an tionchar a bhí ag an nGaeltacht ar an eagraíocht.

“Bhí tionchar ag muintir na Gaeltachta ar na Conraitheoirí agus bhí tionchar ag na Conraitheoirí ar mhuintir na Gaeltachta. Tá go leor ceisteanna móra ardaithe ag an ábhar seo, agus ábhar eile, nach bhfuil freagraí sásúla againn orthu go fóill,” a dúirt sé.

Tá spéis léirithe ag institiúidí acadúla ar fud na hÉireann san obair nua seo. Tá teagmháil déanta ag Ó Seireadáin le lucht léinn in ollscoileanna i mBaile Átha Cliath, i gCúige Uladh agus in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ollscoil a bhfuil cúram speisialta uirthi ó thaobh na Gaeilge de.

Dúirt sé go bhfuil súil aige go bhforbrófar an tionscnamh de réir mar a théitear ar aghaidh agus go mbeidh scóip na hoibre á leathnú. Tá socruithe fadtéarmacha fós le réiteach freisin, a dúirt sé, ionad buan don chartlann ina measc.

Cé gur ar thréimhse tosaithe an Chonartha a bheifear ag díriú ar dtús, tá ábhar sa Chartlann a bhaineann le gach tréimhse ó bunaíodh an eagraíocht beagnach 125 bliain ó shin.

Fág freagra ar 'Cartlann Chonradh na Gaeilge le cur os comhair an phobail den chéad uair'