Cartlann anois ar líne agus go leor ábhar Gaeltachta ar na 60,000 leathanach atá ar fáil

Tá ábhar go leor a bhaineann le ceantair Ghaeltachta ar fáil i measc na mílte leathanach ó The Donegal Democrat atá curtha le The Irish Newspaper Archive

Cartlann anois ar líne agus go leor ábhar Gaeltachta ar na 60,000 leathanach atá ar fáil

Tá fáil anois ar líne ar chartlann iomlán an nuachtáin The Donegal Democrat a bunaíodh i ndeisceart Chontae Dhún na nGall beagnach 100 bliain ó shin.

Tá beagnach 60,000 leathanach ar fáil sa bhailiúchán a cuireadh leis an gcartlann nuachta náisiúnta The Irish Newspaper Archive. Tá ábhar a théann siar chomh fada leis an 18ú hAois ar fáil ar shuíomh na cartlainne agus nuachtáin éagsúla ó gach cearn den tír le fáil ann.

Tá ábhar go leor ar fáil i measc na mílte leathanach ó The Donegal Democrat a bhaineann le ceantair Ghaeltachta an chontae. Tá tagairtí in eagráin luatha an nuachtáin, mar shampla, do cheantair Ghaelacha a raibh an Ghaeilge imithe in éag chomh mór sin iontu faoin am ar bunaíodh an Ghaeltacht oifigiúil nár tugadh aitheantas oifigiúil an tráth sin dóibh.

Tá cur síos sa chartlann ar imeachtaí polaitíochta agus sóisialta na linne chomh maith le colúin staire agus spóirt. Is i nGaeilge a d’fhoilsítí cuid mhaith de na hailt a bhain le cúrsaí Gaeltachta agus bhí colún rialta Gaeilge ag an iriseoir Seán Ó Gallchóir sa nuachtán.

Foilsíodh an chéad eagrán den nuachtán ar an 6 Meitheamh 1919 agus is léir ó na colúin agus cuid de na hailt atá le léamh san eagrán sin gur ghlac an nuachtán seasamh poblachtánach an-láidir ón gcéad lá riamh.

Ar cheann de na chéad ailt a foilsíodh ar The Donegal Democrat, tá alt ina ndéantar tuar ar an mbail ‘a bheidh’ ar an gcontae, agus ar bhaile Bhun Dobhráin go háirithe, faoi cheann leathchéad bliain — an bhliain 1969.

Scríobhadh an t-alt ag tús Chogadh na Saoirse agus tá tagairt ann do ‘the rather unexpected granting of complete freedom for Ireland in 1920’ agus do líne thraenach nua ó Bhéal Feirste go Bun Dobhráin a thabharfaí isteach ‘in 1940’.

Tá cuntais sa nuachtáin ar imeachtaí eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta, go mór mór cumainn Lúthchleas Gael na Gaeltachta agus leithéidí Gael Linn agus Conradh na Gaeilge, a bhí an-ghníomhach sa chontae tráth den saol.

Tá cur síos ann freisin ar thoghcháin náisiúnta agus áitiúla. Cuirtear síos, mar shampla, ar an gcéad uair ar toghadh Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir, atá anois ina Cheann Comhairle sa Dáil, sa bhliain 1981. Tá cur síos freisin ann, níos faide siar, ar fhear Gaeltachta eile ar éirigh leis a bheith ina Cheann Comhairle, is é sin Cormac Ua Breisleáin a toghadh den chéad uair d’Fhianna Fáil sa bhliain 1937.

Is iomaí achrann a tarraingíodh i nGaeltacht Thír Chonaill mar gheall ar Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, agus grúpaí eile dá leithéid. Tá cur síos cuimsitheach ar The Donegal Democrat ar chuid de na scéalta ba mhó a bhí ag déanamh imní do ghluaiseacht na Gaeilge i dTír Chonaill, ceist na gcomharthaí bóthair agus ceist an Aifrinn Ghaeilge i gCnoc Fola ina measc.

Is féidir teacht ar gach eagrán de The Donegal Democrat ón mbliain 1919 go dtí an lá atá inniu ann, ach síntiús, míosa nó bliana, a cheannach ar an suíomh The Irish Newspaper Archive, Cartlann Nuachtáin na hÉireann.

Fág freagra ar 'Cartlann anois ar líne agus go leor ábhar Gaeltachta ar na 60,000 leathanach atá ar fáil'