Cártaí bainc ag obair arís, a deir Banc na hÉireann

Ghabh Banc na hÉireann ‘leithscéal ó chroí’ lena chuid custaiméirí tráthnóna agus dúirt go bhfuil an fhadhb curtha ina ceart anois

File Photo BANK OF IRELAND looking into complaints that its debit cards are not working in some stores. A number of BOI customers have contacted the bank on Twitter to ask why money is unable to come out of their accounts. The bank said in the last few minutes that it is aware of the difficulties with Visa debit cards and will return to normal service asap. 30/10/2015 A customer uses a cash machine at the Bank of Ireland Stephen's Green. Bank of Ireland has†been responding to people†who claim there is a delay in payments, and that they†have yet to be paid today. Bank of Ireland claims it is only†experiencing delays with credit transfers from other banks, but has not announced a time frame for resolving the issue. Photo:Leah Farrell/RollingNews.ie
Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá fógartha ag Banc na hÉireann go bhfuil cártaí dochair an bhainc ag obair i gceart arís tar éis fadhb mhór a bheith ann ar maidin.

“Tá cártaí dochair Visa ag obair mar is gnáth anois. Ba mhaith liom leithscéal ó chroí a ghabháil leis na custaiméirí cártaí dochair as an mhíchaoithiúlacht a chuir isteach orthu inniu,” a dúradh i ráiteas ón mBanc.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur bhain an fhadhb le gach cárta de chuid Bhanc na hÉireann agus go raibh an fhadhb ann ar fud na tíre. Meastar gur bhain an fhadhb le córas teicneolaíocht faisnéise Bhanc na hÉireann.

Dúirt custaiméir amháin de chuid Bhanc na hÉireann go raibh iontas air faoina laghad eolais a bhí ag seirbhísí custaiméara an bhainc faoin bhfadhb nuair a ghlaoigh sé orthu tráthnóna.

“Diúltaíodh don dá chárta atá agam i mbialann am lóin inniu. Bhí orm rith amach agus uathmheaisín a lorg agus nuair nár oibrigh sé sin, bhí an t-ádh liom go raibh aithne agam ar dhuine sa timpeall a thug praghas an lóin ar iasacht dom.

“Ní raibh aon scéal cloiste ag lucht na bialainne faoin bhfadhb agus is beag eolas a bhí ag fear an bhainc ar an bhfón ach an oiread,” a dúirt custaiméir amháin.

Bhí cártaí á ndiúltú i siopaí agus ag uathmheaisíní ar fud na tíre cé go raibh airgead a ndóthain ag na custaiméirí ina gcuid cuntas. Tháinig an fhadhb chun solais níos túisce inniu nuair a thosaigh custaiméirí de chuid an bhainc ag gearán ar na meáin shóisialta.

Fág freagra ar 'Cártaí bainc ag obair arís, a deir Banc na hÉireann'