Cárta Nollag tagtha go Dún Chaoin ar deireadh — i ndiaidh turas 8000 km!

Fuair fear i nDún Chaoin bronntanas Nollag sa phost ar maidin a tháinig go hÉirinn ó Albain trí Cheanada

Cárta Nollag tagtha go Dún Chaoin ar deireadh — i ndiaidh turas 8000 km!

Tá bronntanas Nollag a seoladh san Eilean Siar in Albain tar éis ceann scríbe a bhaint amach i gCorca Dhuibhne, i ndiaidh turas timpeall an domhain ó cuireadh sa phost é breis is mí ó shin.

Fuair Mícheál de Mórdha, as Dún Chaoin i nGaeltacht Chiarraí, beart sa phost ar maidin ina raibh cárta Nollag agus leabhar ó chara leis ón oileán Gaeltachta, Beann na Faoghla. Is léir ón bhfrainc ar an gclúdach litreach gur trí Cheanada a tháinig an beart ó Albain go Ciarraí.

‘Transmis au Canada par erreur’ nó ‘curtha go Ceanada trí thimpiste’ atá scríofa ar an gclúdach. Scríobh an té a sheol an beart chuig de Mórdha leath den seoladh i nGaeilge agus an leath eile i mBéarla. Tá na focail ‘Eire’ agus ‘ Co Kerry’ le feiceáil go soiléir ag bun an tseolta. Ní léir gur ann d’aon áit i gCeanada darb ainm ‘Eire’ ná ‘Co Kerry’.

Dúirt de Mórdha gur seoladh an beart a tháinig go Dún Chaoin inné ar an 14 Nollaig — 43 lá ó shin.

“N’fheadar mé, mar sin, arb é seo an cárta Nollag deireanach do 2016 nó an chéad cheann do 2017?” a dúirt sé.

Is tríd an Royal Mail a tháinig an beart a chuaigh tuairim is 4000 ciliméadar amú.

Fág freagra ar 'Cárta Nollag tagtha go Dún Chaoin ar deireadh — i ndiaidh turas 8000 km!'