Cárta aitheantais Éireannach ar iompar ag duine den triúr fear a rinne an t-ionsaí i Londain

Tuairiscítear gurb é Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce a d’eisigh an cárta

Cárta aitheantais Éireannach ar iompar ag duine den triúr fear a rinne an t-ionsaí i Londain

Tá an duine den triúr fear a rinne an t-ionsaí sceimhlitheoireachta i Londain Dé Sathairn a raibh cónaí in Éirinn air ar feadh tamaill ainmnithe. Bhí seoladh ag Rachid Redouane, 30, in Barking, in oirthear Londan, ach thug sé tamall ina chónaí in Éirinn agus tuairiscítear gur phós sé bean de bhunadh na Breataine in 2012, tráth a raibh sé ina chónaí i mBaile Átha Cliath.

Bhí an t-ainm Rachid Elkhdar in úsáid ag Redouane chomh maith agus meastar gur tháinig sé ó chúlra Libiach agus Maracach. Ní raibh sé á fhaire ag na Gardaí.

Bhí cárta aitheantais Éireannach ar iompar ag Redouane nuair a rinne sé féin agus beirt eile an t-ionsaí sceimhlitheoireachta i Londain Dé Sathairn.

Scaoil na póilíní marbh an triúr fear agus thángthas ina dhiaidh sin ar an gcárta aitheantais Éireannach a bhí ar iompar ag duine acu.

Tuairiscíodh san Irish Times gurbh é Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce a d’eisigh an cárta.

Eisítear a leithéid de chárta mar chruthúnas céannachta agus mar chruthúnas go bhfuil cead cónaithe in Éirinn ag duine toisc iad a bheith ag maireachtáil anseo ar feadh tréimhse áirithe agus toisc critéir áirithe a bheith comhlíonta acu.

Bhí cruinniú speisialta ag oifigigh shinsearacha sa Gharda Síochána inniu chun an scéal a phlé.

Tuairiscíodh san Irish Times gur chónaigh Rodouane in Éirinn go deireanach in 2015 agus gur thug sé seal ina chónaí i Ráth Maonais i mBaile Átha Cliath.

Ainmníodh inniu chomh maith duine eile den triúr a rinne an t-ionsaí: Khuram Butt, 27, as Barking in oirthear Londan.

Mhaígh an grúpa an Stát Ioslamach aréir gurbh iad a bhí freagrach as an ionsaí sceimhlitheoireachta i Londain Dé Sathairn.

Ghabh na póilíní i Londain 12 duine i dtaca le hionsaí an tSathairn inar maraíodh seachtar agus inar gortaíodh 48 duine. Seachtar ban agus cúigear fear a gabhadh, ach scaoileadh saor inniu iad ar fad agus gan aon chúis curtha ina leith.

Tá 21 duine de na daoine ar gortaíodh iad san ionsaí idir dhá cheanna na meá san ospidéal i ndiaidh an ionsaithe inar tiomáineadh veain isteach i slua daoine ar Dhroichead Londan agus inar sádh daoine ag Margadh Borough in aice láimhe ina dhiaidh sin.

Bhí saoránach amháin de chuid na Fraince agus saoránach amháin de chuid Cheanada i measc na marbh.

I ndiaidh na heachtra ar Dhroichead Londan, a tharla timpeall 9.58pm oíche Shathairn, rinne an triúr fear a bhí sa veain, a raibh criosanna pléascacha bréige á gcaitheamh acu, daoine a shá ag Margadh Borough in aice láimhe, ceantar an ghnóthach a bhfuil tithe tábhairne agus bialanna go leor ann.

Scaoil na póilíní marbh an triúr fear agus scaoil siad 50 urchar le lucht an ionsaithe, an méid is mó urchair a scaoileadh riamh ina leithéid d’eachtra.

Is é seo an tríú hionsaí sceimhlitheoireachta sa Bhreatain le trí mhí anuas agus níl ach coicís ann ó maraíodh 22 duine san ionsaí ar an Manchester Arena.

Chuir na páirtithe ar fad, seachas Ukip, a gcuid feachtas d’ olltoghcán na seachtaine ar fionraí i ndiaidh an ionsaithe is déanaí, ach dúirt Príomh-Aire na Breataine Theresa May go gcuirfí tús athuair leis an bhfeachtasaíocht inniu agus go mbeadh an toghchán ar siúl Déardaoin mar a bhí beartaithe.

Fág freagra ar 'Cárta aitheantais Éireannach ar iompar ag duine den triúr fear a rinne an t-ionsaí i Londain'