Carranna, carranna agus a thuilleadh carranna…

Ba gheall le carrchlós iad bóithre Bhéal Feirste ar feadh ceithre huaire an chloig tráthnóna áirithe an tseachtain seo

Carranna, carranna agus a thuilleadh carranna…

Tá daoine sa taobh seo tíre ag caitheamh níos mó ama ina gcarranna ná mar a chaitheann siad lena muintir. Gan dabht tá sé sin fíor in áiteanna eile, i gcathracha móra, ach níl aon chathair mhór i dTuaisceart Éireann. Mar sin féin, ba gheall le carrchlós iad bóithre Bhéal Feirste ar feadh ceithre huaire an chloig tráthnóna áirithe an tseachtain seo.

Carr-spleáchas a thugtar ar an bhfadhb, is cosúil. Is é Tuaisceart Éireann an réigiún in iarthar na hEorpa is mó atá ag brath ar an gcarr seachas ar chórais iompair poiblí. Ta ceacht le foghlaim uaidh ag éinne atá ag caint ar iarnróid a dhruidim.

Bhí gréasán breá bóithre iarainn abhus ón 19ú aois ach scriosadh é leathchéad bliain ó shin nuair a glacadh leis mar pholasaí gurbh fhearr bóithre a mhaoiniú. Tá a shliocht air anois. Dé Máirt seo caite, thit an t-ualach a bhí á iompar aige de leoraí ar cheann de phríomhbhóithre Bhéal Feirste. Stop sé sin an trácht ar fad isteach agus amach as an gcathair ar feadh uaireanta an chloig. Tharla go raibh cluiche idirnáisiúnta i staid Windsor i ndeisceart na cathrach ag an tráth sin agus coirm cheoil Rod Stewart in oirthear na cathrach. Cuireadh moill ar gach rud. Nuair a bhíothas ag argóint faoin scéal ina dhiaidh d’admhaigh gach dream stáit, póilíní agus saineolaithe iompair nach bhfuil na bóithre oiriúnach don ualach mór tráchta.

Tá fostaíocht athraithe go mór sa chéad seo agus daoine ag taisteal níos faide chun oibre ach na seirbhísí iompair poiblí easnamhach. De réir staidéar a rinne an TUC, tá méadú mór ar chomaitéireacht le tamall. Idir 2010 agus anuraidh tháinig méadú 57% ar lion na ndaoine a rinne aistear fada chun oibre. Sin é an ráta fáis is airde san Ríocht Aontaithe ar fad. Maítear gur chaith breis is 50,000 duine os cionn dhá uair an chloig gach lá ag gabháil ag obair agus abhaile.

Ní hachar an-fhada é sin i gcomparáid leis an méid ama a chaitheann daoine ar bhusanna agus traenacha ag dul go Londain, abair, ach in áit bheag is mór an méid é. Sa mhullach air sin, is in olcas atá dálaí ag dul.

Tá traenacha comaitéireachta idir Béal Feirste agus Beannchar, Lios na gCearrbhach agus Latharna – na bailte atá gar don chathair – ach tá an tseirbhís go Doire go hainnis agus daoine ag brath ar an mbus nó ar charr. Níl aon traein idir Béal Feirste agus Inis Ceithleann, an Ómaigh ná Ard Mhacha. Is í traein Bhaile Átha Cliath a théann go dtí an tIúr – seirbhís atá i bhfad rómhall.

Tá na húdaráis abhus ar a míle dícheall ag iarraidh a áitiú ar dhaoine gurb é an bus an modh taistil is fearr ach tá an chluas bhodhar á fáil acu. Tá lánaí bus i mBéal Feirste le cúpla bliain anuas agus níl seachtain nach mbíonn daoine ar an raidió ag cur racht díobh faoin ‘éagóir’ sin. Tá fadhb anseo is ansiúd leis na lánaí- níl an dearadh go maith san áit a mbíonn ar thiománaí gluaisteáin lána na mbusanna a thrasnú. Tá an roinn ag carnadh airgid ó na fíneálacha a ghearrtar ar dhaoine a dhéanann botún agus is leor sin chun céatadán mór den phobal a iompú in aghaidh an chórais scun scan.

D’fhógair an tAire Infreastruchtúir i Stormont, Chris Hazzard ó Shinn Féin, go bhfuil tionscnamh mór ceadaithe aige ag Sráid York i mBéal Feirste chun a dhul i ngleic le cuid de na fadhbanna tráchta. Táthar ag súil le hairgead ón AE lena aghaidh ach tá éiginnteacht faoi sin i ngeall ar Bhreatimeacht. Ní hé sin an t-aon deacracht leis an togra mar measann saineolaithe nach leigheas é agus nach mbeidh d’éifeacht aige ach an brú tráchta a bhogadh go dtí áit éigin eile sa chathair.

Tá gá le dioscúrsa faoin pholasaí iompair. Ní haon mhaith a bheith ag iarraidh daoine a mhealladh mura mbíonn na seirbhísí iompair poiblí a thairgtear dóibh sách maith. Maítear go mbainfeadh an pobal leas as busanna agus traenacha da mbeidís ar fáil sách minic agus ar bhealaí oiriúnacha. Patrún gathach atá ar na bealaí busanna ar fad a théann isteach go lár Bhéal Feirste agus ní fheileann sin dá lán. Teastaíonn pleanáil níos fearr.

Ní mór cinneadh a dhéanamh faoi chaiteachas. Cén coibhneas ba cheart a bheith idir an caiteachas ar bhóithre agus an caiteachas ar iarnróid, cuir i gcás. Cá bhfuil an riachtanas? Cloistear abhus, mar atá á rá chomh maith faoin traein ó Ghaillimh go Luimneach, nach bhfuil seirbhísí inmharthanach mar nach n-úsáideann daoine iad. Ach an úsáidfí iad dá n-oirfeadh siad níos fearr do riachtanais an phobail? B’fhiú taighde cuimsitheach, críochnúil a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Carranna, carranna agus a thuilleadh carranna…'

  • Pól Réamonn

    Don oileán beag, tá an bonneagar iompair phoiblí anseo aithiseach.

  • Colmán

    Molaim an t-alt seo le Póilín.