Carnán mianraí i gCarna – ach an dtiocfaidh siad aníos choíche?

Creideann comhlacht i gCeanada go bhfuil ábhar tionscail mhóir mianadóireachta sa Más, trí mhíle siar ó shráidbhaile Charna. Tá saibhreas faoi thalamh ann, a deirtear...

Carnán mianraí i gCarna – ach an dtiocfaidh siad aníos choíche?

Ba mhór i gceist iad na bailte ar tháinig forás orthu in iarthar Mheiriceá agus i gCeanada sa naoú haois déag de bharr ór agus mianraí eile a bheith faighte in aice láithreach. An bhféadfadh a leithéid tarlú i bhfad siar in Éirinn ar imeall thiar na Gaeltachta; i gCarna i gConamara, mar shampla.

Creideann comhlacht i gCeanada go bhfuil ábhar tionscail mhóir mianadóireachta sa Más, trí mhíle siar ó shráidbhaile Charna. Tá saibhreas faoi thalamh ann, a deirtear agus is fiú $3 bhilliún a bhfuil ansin den mhianach molaibdéinim de réir an eolais atá scaipthe ag MOAG in Toronto i gCeanada. Deireann siad freisin go bhfuil ag Rialtas na hÉireann le tionscal na mianadóireachta.  Tá MOAG sa tóir ar infheisteoirí anois; daoine a thabharfadh an iarracht atá ar bun sa Más píosa eile den bhealach.

Ach cén t-achar é sin?

Níl amhras ach go bhfuil slám suntasach den mholaibdéineam faoi thalamh sa Más; glacann na saineolaithe leis sin de bharr an taighde is deireanaí atá déanta. Ábhar é an molaibdéineam a neartaíonn mianraí eile ar nós cruach agus tá an-seasamh ann in aghaidh teas mór agus fuacht mór. Rud luachmhar é i dtionscail éagsúla.  Ach más ea féin, tá cúpla ceist chrua ann faoin molaibdéineam atá sa Más.

Ar an gcéad iarraidh, d’fhéadfadh ceisteanna móra a theacht chun cinn faoin timpeallacht agus faoin mianadóireacht i gConamara.  Cé nach bhfuil an talamh atá i gceist istigh i gceantar speisialta caomhnaithe, ní bheadh sé slán ó cheisteanna a bhaineann leis an tírdhreach. Chuile sheans go mbeadh sé an-deacair ceadúnas a fháil. D’fhéadfadh ceisteanna a bheith ann faoin gcaighdeán molaibdéinim freisin.

Cé go bhfuil mianach sách maith ann le haghaidh an mhargaidh – de réir an eolais atá tugtha – níl molaibdéineam an Mhása ar chaighdeán an-ard. Sa mullach air sin, tá an t-éileamh ar mholaibdéineam ar na margaí idirnáisiúnta laghdaithe.

Tharla sin ó tháinig lagan ar fhorbairt eacnamaíoch agus tionscail sa tSín leis an lag trá domhanda idir 2008 agus 2014. Ina dhiaidh sin féin, tá roinnt cosúlachtaí ann go dtiocfaidh borradh níos fearr faoin margadh arís sna blianta romhainn amach. 

Ach ní cosúil go bhfuil driseacha cosáin ag cur drogaill ar chomhlacht MOAG.

Trí bliana ó shin a chuir MOAG lámh ina bpócaí agus tá na céadta míle euro caite acu ar an taighde sa Más ó shin.

Taispeánann na torthaí go dtí seo, go bhfuil an t-ábhar molaibdéinim sách fairsing ann agus gur dóigh go bhfuil bunús gnó leis. Air sin atá an luacháil bunaithe ag MOAG anois. Measann siad go bhfuil fáil ar 100 milliún tonna molaibdéinim sa Más.

Tá roinnt staire ag baint leis an scéal. Tugadh lorg do mhianraí ar nós molaibdéinim faoi deara i gceantar an Mhása trí scór blianta ó shin agus rinneadh tuilleadh taighde i ndeireadh na 1960í. Arís, fuarthas cosúlachtaí láidre go raibh lear suntasach molaibdéinim agus copair sa Más. Ach, tá an comhlacht MOAG – agus deiseanna nuaaimseartha acu – gaibhte níos doimhne sa scéal, ar chúpla bealach, ná dream ar bith rompu.   

D’fhostaigh MOAG comhlacht SLR, dream a bhfuil saineolas ar leith acu i gcúrsaí mianadóireachta, agus tugadh isteach deiseanna nuaaimseartha druileála.

Cuireadh bior chomh domhain le 300 méadar faoi thalamh in áiteacha agus tugadh samplaí cloiche agus mianraí go barr talún.  Thóg SLR monarcha de chuid Údarás na Gaeltachta ar an Eastát Tionsclaíochta i gCarna ar cíos – tá sé acu i gcónaí – agus is ansin a rinneadh eagrú agus scagadh ar an ábhar a tugadh as an Más. As sin, cuireadh é chuig comhlachtaí atá in ann meastachán cruinn a dhéanamh ar an téagar mianaigh atá sna samplaí atá tugtha aníos. Ach theastódh tuilleadh taighde le dhul níos doimhne fós sa scéal agus sa talamh – obair chostasach agus cosán fada.

Braitheann sé sin ar an muinín – nó a mhalairt – a bheidh ag infheisteoirí as an tuarascáil a bhaineann le carnán mianraí Charna.    

Fág freagra ar 'Carnán mianraí i gCarna – ach an dtiocfaidh siad aníos choíche?'