Cara mór leis na Blascaodaigh imithe ar shlí na fírinne

Thug an Sasanach Ray Stagles leathchéad bliain, gan stad, ag teacht go dtí an tOileán Tiar gach samhradh

Cara mór leis na Blascaodaigh imithe ar shlí na fírinne

Cara mór le muintir an Bhlascaoid ba ea Ray Stagles, an Sasanach a thug a chéad chuairt ar an oileán sin sa bhliain 1966. Thug sé leathchéad bliain, gan stad, ag teacht go dtí an tOileán Tiar gach samhradh ina dhiaidh sin. Chuir sé aithne mhaith ar mhuintir an Bhlascaoid, a bhí lonnaithe i nDún Chaoin faoin dtráth ar thug Ray an chéad chuairt anall, agus bhailigh sé féin is a chéile, Joan, réimse mór eolais mar gheall ar shaíocht agus ar stair oileánrach an Bhlascaoid. Foilsíodh an fhaisnéis sin i leabhar tábhachtach de chuid ‘leabharlann’ An Bhlascaoid – The Blasket Islands: Next Parish America, a d’fhoilsigh an O’Brien Press sa bhliain 1980 agus a athchlódh i 1984, 1998 agus in 2006.

Is ag campáil ar an oileán a bhíodh Ray Stagles agus a chéile ar dtús, ach cheannaigh sé fothrach botháin, do chuir sé díon agus cóiriú eile ar an mbothán aon seomra agus is ansin a d’fhanadh sé ar feadh coicíse gach samhradh. Ba ghnách leis an t-oileán a shiúl ó cheann go ceann gach tráth a mbíodh sé ann.

Máistir meánscoile ba ea Ray a raibh spéis ar leith aige i gcúrsaí litríochta ach ba í a bhean chéile, Joan, nach maireann, is mó a rinne an taighde don leabhar agus d’fhoghlaim sí roinnt Gaeilge chun aithne níos fear a chur ar na Blascaodaigh. D’éag sí siúd de dheasca na hailse i seachtóidí an chéid seo caite.

Dúirt Ray gurbh chara mór eile le muintir an Bhlascaoid, Robin Flower, nó ‘Bláithín’, a spreag é chun cuairt a thabhairt ar an mBlascaod ar dtús. Cé nach raibh Ray Stagles ina shláinte le dhá bhliain anuas, níor tháinig aon lagú ar a spéis san oileán iomráiteach ná a mhuintir.

Cailleadh é ar an 28 Nollaig sa Royal Berkshire Hospital. Bhí sé breis agus deich mbliana agus ceithre fichid d’aois.

Trócaire sa chré air, mar a deireadh muintir an oileáin féin.

Fág freagra ar 'Cara mór leis na Blascaodaigh imithe ar shlí na fírinne'