‘Cara’ ag bainteoirí feamainne Chonamara sna Náisiún Aontaithe

Fuair Coiste Cearta Cladaigh Chonamara éisteacht mhaith ó Rebecca Metzner, feidhmeannach sinsireach sna Náisiúin Aontaithe, agus í ar cuairt ar Ghaillimh

Harvesting-Seaweed_5507Dúirt John Bhaba Jeaic, cathaoirleach Choiste Cearta Cladaigh Chonamara, go bhfuair toscaireacht dá gcuid éisteacht mhaith ó Rebecca Metzner, feidhmeannach sinsireach sna Náisiúin Aontaithe ag cruinnithe sa Ghaillimh le déanaí. Is í Rebecca Metzner an ceannasaí ar Rannóg Polasaí Talmhaíochta agus Bia na Náisiún Aontaithe. Dúirt John Bhaba Jeaic gur gheall Rebecca Metzner go gcuirfeadh sí an Rannóg Iascaigh agus Talmhaíochta sna Náisiún Aontaithe ar an eolas faoi na héilimh atá ag an gCoiste agus go gcuideodh sí lena gcás.

‘Sí an phríomhéileamh atá ag Coiste Cearta Cladaigh Chonamara ná go gcoinneofaí leis an tuiscint atá ann le fada i measc mhuintir na háite i dtaobh cúrsaí feamainne – sé sin go bhfuil cearta bainte feamainne dá gcuid féin ag daoine a bhfuil gabhaltais acu cois cósta.

Tá an Coiste in aghaidh aon chóras ceadúnais a thabharfadh forlámhas do chomhlacht ar bith ar stráicí feamainne. Chur siad é seo in iúil do Rebecca Metzner. “Tá muid ag iarraidh go seasfaí leis na sean bhealaí i dtaobh an chladaigh,” a deir John Bhaba Jeaic. “Ansin bainfeadh daoine an fheamainn má thograíonn siad agus dhíolaidís í le pé ar bith dream ar mian leo é.”

Tugadh léargas do Rebecca Metzner ar an gcladach i Rinn Mhaoile in Órán Mór faoin gcaoi a mbaintear feamainn go traidisiúnta ar chósta thiar na hÉireann; sé Tony Ó Gríofa as Tír an Fhia a rinne an obair sin.

Bhí baill de Choiste Cearta Cladaigh Chonamara agus daoine ó Institiúd Mháirtín Uí Riain i nGaillimh ag an taispeántas bainte feamainne. Bhí cúpla ceannaitheoir feamainne ansin freisin – fear as Maigh Eo agus fear eile as Conamara ina measc.

Tuigtear nach raibh aon ionadaí as Arramara Teo., an comhlacht is mó i dtionscail na feamainne sa tír, ag an ócáid.

Dúirt John Bhaba Jeaic nár chuir siadsan aon chuireadh amach chuig dream ar bith ach go raibh tuairisc faoi na cruinnithe ar Raidió na Gaeltachta agus go bhféadfadh duine ar bith a theacht ann. Siad an grúpa Coastwatch Ireland a d’eagraigh turas Rebecca Metzner go Gaillimh.

Tá roinnt iarratas ar cheadúnais bainte feamainne ar chósta Chonamara agus Mhaigh Eo faoi bhráid na Roinne Comhshaoil faoi láthair. I measc na n-iarratas sin tá ceann istigh ag Arramara Teo ar cheadúnas ar chuid mhór den chladach as Baile Uí Fhiacháin i gContae an Chláir ó thuaidh go cósta thiar Mhaigh Eo – cósta Chonamara san áireamh. Táthar ag scrúdú cáipéisí úinéireachta talún faoi láthair go bhfeicfear cé hiad na daoine a bhfuil cearta bainte feamainn scríofa isteach ar a gcuid cáipéisí teidil talún.

Ní cheaptar go bhfuil go leor teideal mar seo ann. Ach, sí an cheist faoi na cearta atá ceaptha a bheith ag úinéirí gabhaltais sna bailte cois cósta, ach nach bhfuil scríofa ar na teidil, an cheist is achrannaí.

De réir dlí, tá forlamhas ag an Stát ar an limistéar síos ón snátha mara, agus de réir Acht i 1933 – agus leasuithe air ar an Acht sin – bheadh ar dhuine atá ag iarraidh feamainn a bhaint ceadúnas a fháil. Ar an taobh eile den scéal, táthar ag glacadh leis na teorainneacha cladaigh neamhoifigiúla le fada an lá; is cosúil go dtéann siad siar chuig aimsir na dtiarnaí talún.

Tá an cheist seo faoi chearta feamainne éirithe práinneach go maith anois mar go bhfuil lucht ceannais Arramara Teo., atá i seilbh Acadian Sea Plants as Ceanada le beagnach dhá bhliain, ag rá go dteastaionn córas uathusan a chinnteodh soláthar rialta feamainne don mhonarcha atá acu i gCill Chiaráin i gConamara. Níor mhór dóibh a bheith in ann na blianta amach rompu a phleanáil, a deir Arramara Teo/Acadian Sea Plants.

Níl a fhios go barainneach cén lámh a d’fhéadfadh a bheith ag na Náisiún Aontaithe sna socruithe a dhéanfar amach anseo ach tá an eagraíocht domhanda is mó á bhfuil ann ar an eolas anois faoi cheist seo na feamainne.