Capall na Traí a bheadh san Acht Gaeilge — Robin Swann

Dar le Robin Swann nach bhfuil san éileamh ar Acht Teanga ach cleas ag Gerry Adams ina ‘fheachtas in aghaidh aontachais’

Capall na Traí a bheadh san Acht Gaeilge — Robin Swann

Bheadh an chumhacht chéanna atá ag breitheamh de chuid na hArd-Chúirte ag Coimisinéir Teanga a cheapfaí faoi Acht Gaeilge ó thuaidh “le dul i ndiaidh cainteoirí Béarla”, dar le ceannaire an UUP Robin Swann.

Níl san Acht Gaeilge atá á éileamh ag Sinn Féin ach “Capall Adhmaid na Traí eile” de chuid an pháirtí le cur in aghaidh an aontachais ó thuaidh, a dúirt ceannaire an pháirtí aontachtaigh.

Dúirt Swann go bhfuil “fíorbhunús an éilimh” ag éirí níos soiléire anois agus gur léir nach bhfuil san éileamh ar reachtaíocht teanga ach “Capall na Traí eile” ag Gerry Adams le húsáid ina “fheachtas in aghaidh aontachais”.

“Níl sé i bhfad ó shin ó bhí Gerry Adams ag maíomh go raibh sé ag iarraidh an comhionannas a úsáid leis na bastaird a bhriseadh — aontachtóirí a bhí i gceist aige. Níl san Acht Gaeilge atá á mholadh ach an chéad Chapall na Traí eile a rith taobh le Adams agus ar léim sé sa diallait air,” a dúirt sé.

Mhaígh Swann go ndéanfadh Acht Gaeilge státseirbhís a mbeadh “dhá leibhéal” ann trí chuóta a thabhairt isteach do líon na gcainteoirí Gaeilge a d’fhostófaí ann, agus go mbeadh an chumhacht chéanna ag Coimisinéir Teanga ó thuaidh is a bheadh ag breitheamh de chuid na hArd-Chúirte le “dul i ndiaidh cainteoirí Béarla”.

Mhaígh sé freisin go mbeadh Tuaisceart Éireann ina stát dátheangach “do-aitheanta” dá dtabharfaí an reachtaíocht molta isteach, agus nach raibh aon ghá lena leithéid.

“Is oileán ina labhraítear Béarla é seo. Ba cheart dúinn díriú ar mhuinín agus ar mheas a chothú idir gach duine, agus gan a bheith ag polaitiú teanga ar le gach uile dhuine í. A fhad is a bheidh Sinn Féin ar mhuin Chapall seo na Traí, tógfar tuilleadh ballaí dofheicthe idir na pobail anseo,” a dúirt sé.

Dúirt sé níos luaithe an mhí seo nach bhféadfadh “duine stuama” glacadh le hAcht Gaeilge agus go bhfuil an t-éileamh go mbeadh 10% d’oibrithe na hearnála poiblí ina gcainteoirí Gaeilge “doghlactha ar fad”.

Mhaígh sé go mbeadh costas an-mhór ar chóras a chinnteodh go mbeadh Gaeilge ag 10% de na státseirbhísigh ó thuaidh. Dúirt sé freisin nach raibh aon amhras air ach go ndíreofaí freisin ar an tseirbhís ilíneachta agus eagraíochtaí eile stáit gan mhoill agus go mbeadh costas mór ag baint leis sin freisin.

Fág freagra ar 'Capall na Traí a bheadh san Acht Gaeilge — Robin Swann'