Can’t Cope, Won’t Cope – cén fáth nach bhfuilimid in ann déileáil leis an ngreann?

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: An dúshlán is mó atá roimh shraith ghrinn ná a bheith greannmhar, agus le bheith fírinneach faoi níl Can’t Cope, Won’t Cope greannmhar

Can’t Cope, Won’t Cope – cén fáth nach bhfuilimid in ann déileáil leis an ngreann?

Tá an t-ádh ina rith ar na Corcaígh i láthair na huaire. Ní túisce sámhnas a bheith tagtha ar an mbús faoin scannán The Young Offenders ná go dtosaíonn sraith ghrinn ar RTÉ 2, Can’t Cope, Won’t Cope (Dé Luain) le beirt Chorcaíoch ban i lár an aonaigh. Ar an drochuair, áfach, is táirge easnamhach é.

Tá Aisling (Seána Kerslake) agus Danielle (Nika McGuigan) ar deoraíocht sa bpríomhchathair. Aisling ag obair go drogallach agus póit uirthi san IFSC. Danielle ag streachailt léi le cúrsaí ealaíne. An radharc tosaigh ár dtabhairt ar camchuairt ólacháin agus ‘sifteála,’ agus gan amhras, chaithfí turas a thabhairt ar Copper Face Jacks.

An dúshlán is mó atá roimh shraith ghrinn ná a bheith greannmhar, agus le bheith fírinneach faoi, níl sé seo greannmhar. Níor baineadh oiread agus gáire amháin asam. Ar uairibh déantar iarracht a bheith idir mhagadh agus dáiríre ach ar nós an ghobadáin ní éiríonn leis an saothar an dá thrá a thabhairt leis.

Cúis iontais dom i gcónaí an tslí go mbímid ag streachailt leis an ngreann ar an scáileán, go mórmhór agus an-mheas go deo againn ar ár n-acmhainn ghrinn. Ní féidir dul ar chóisir nó ar chomhthalán gan scéalta seoigh a bheith á radadh chugat ar dalladh. In Iarthar Duibhneach mar shampla, agus faoi mar a thug Ar Son na Cúise faoi ndeara, tá scéal seoigh amháin, ar a laghad, ag gach mac máthar faoin ‘bhfilium’, Páidí agus eachtraí Lá an Dreoilín.

Tréigeann an greann muid nuair a théimid os comhair ceamara. Eisceachtaí iad Father Ted (nach bhfuil chomh maith is a cheapann daoine) agus Mrs. Brown’s Boys (nach bhfuil chomh holc is a cheapann daoine). Go deimhin is fearr a dhéanaimid an greann a ionramháil i dtáirgí atá níos sollúnta (Love/Hate agus Pure Mule).

Seo saothar grinn eile ag taoscadh na farraige anseo.  Múisc, ólachán, bualadh leathair agus eascainí. Rith sé liom go minic go raibh lucht a dhéanta ar a gcroí díchill, ní hamháin gáire a bhaint asainn, ach múisiam a chur orainn ag an am céanna. Saghas Shameless na hÉireann, más maith leat. Seo carachtair chaithiseacha a dhéanann rudaí amaideacha, agus gránna, mar dhea.

Deineadh trácht le tamall ar thábhacht an tsaothair mar tháirge ban. Bean mar scríbhneoir, bean mar stiúrthóir agus beirt bhan mar phríomhaisteoirí. Bhíothas ag súil le dearcadh sainiúil, faoi leith. Ní dóigh liom go bhfuaireamar é sin.

Ba sna nóimintí níos sollúnta is mó a bhí an táirge os cionn a bhuille; an radharc le hAisling ag tabhairt faoin gcógaslann le piolla na maidine dár gcionn a fháil mar shampla; cé go gcuaigh sé féin chun seanmóireachta tar éis scaithimh.

Lena an gceart a thabhairt don chlár tá sé snasta (teidil chreidiúna atá deas, simplí) agus tá aisteoireacht ábalta ann. Arís eile tá mianach iontach Kerslake le feiscint (comparáidí á rianú idir í agus Scarlett Johansson cheana féin) agus tacaíocht bhreá aicí ó McGuigan. Chuaigh canúint Chorcaí sa bhfraoch orthu cúpla babhta, áfach, agus n’fheadar Dia ná duine cé mhéad babhta a dúradh ‘like’.

Ba chuma ann nó as do charachtar aontoiseach Huberman agus bhí cúpla carachtar tánaisteach eile nach fiú an deich triuf iad.