Callanan agus a chairde ag iarraidh díoltas a bhaint amach in aghaidh na Gaillimhe

Is beag nár bhuaigh Tiobraid Árann ar Ghaillimh anuraidh a bhuíochas le taispeántas aonair iontach Seamus Callanan. Ba chóir go mbeadh tuilleadh tacaíochta aige óna chomhghleacaithe tráthnóna...

Callanan agus a chairde ag iarraidh díoltas a bhaint amach in aghaidh na Gaillimhe

Padraig Mannion agus Seamus Callanan. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tiobraid Árann v Gaillimh, Páirc an Chrócaigh, 3.30i.n.

Tá seanaithne ag foirne na Gaillimhe agus Thiobraid Árann ar a chéile faoin tráth seo agus casfaidh siad ar a chéile inniu don séú huair ó 2014, idir an chraobh agus an tsraith. É sin ráite, tá imreoirí na Gaillimhe fós ag iarraidh teacht ar bhealach chun Seamus Callanan a choinneáil faoi smacht.

Dar ndóigh, ba iad Gaillimh a thug an lá leo nuair a chas na foirne ar a chéile sa bhabhta leathcheannais anuraidh ach is beag nár dhíbir Callanan ón gcraobh iad as féin. Rinne fear Dhroma na hInse scrios ar líne lánchúl na Gaillimhe, é ag scóráil 3-9, ach ba iad na Gaillimhigh a thug na cosa leo agus bua 0-26 in aghaidh 3-16 acu a bhuíochas de chúilín Shane Maloney ag an deireadh.

Níorbh é sin an chéad uair do Callanan ceap magaidh a dhéanamh do chosantóirí na Gaillimhe ach an oiread. Nuair a chas na foirne ar a chéile sa chraobh in 2014, ba é Callanan arís a rinne an diabhail ar Ghaillimh. 3-8 a fuair sé an lá sin i Staid Semple agus ba iad an dá chúl a d’aimsigh sé ag deireadh an chluiche a chuir gaoth i seolta na dTiobradach.

Faoi Mhicheál Donoghue anois atá sé plean a cheapadh chun Callanan a stopadh. Is í an fhadhb atá ag an mbainisteoir ná nach bhfuil aon imreoir amháin ag Gaillimh chun é sin a dhéanamh. Is é John Hanbury an cosantóir is láidre atá ag Donoghue ach ba léir anuraidh go raibh deacrachtaí aige i gcoinne Callanan. Mar sin, bheadh lucht tacaíochta na Gaillimhe ag súil go mbeidh Daithí Burke mar chosantóir le cois tar éis dó taispeántas den scoth a thabhairt agus an cúram sin air in aghaidh an Chláir.

Fadhb eile atá ag Gaillimh ná go bhfuil leithéidí Noel McGrath, John McGrath agus Michael Breen uile ag imirt ar fheabhas i mbliana. Ní hé Callanan amháin a bheidh le sáinniú. Bhí an t-ádh leo anuraidh go raibh lá ciúin ag John ‘Bubbles’ O’Dwyer sa chluiche leathcheannais ach beidh seisean, tar éis dó cluiche ceannais na Mumhan a chailleadh agus é ar fionraí, ag iarraidh cúiteamh a dhéanamh inniu.

Thaispeáin fir an iarthair anuraidh gur féidir leo Tiobraid Árann a shárú fiú nuair atá Callanan i mbarr a mhaitheasa, ach is scéal eile a bheidh ann má bhíonn cabhair aige óna chomhghleacaithe.

Rogha Tuairisc.ie: Tiobraid Árann

Fág freagra ar 'Callanan agus a chairde ag iarraidh díoltas a bhaint amach in aghaidh na Gaillimhe'