D’imigh an láithreoir aimsire ó TG4 Caitlín Nic Aoidh gan tásc gan tuairisc anocht nuair a bhuail splanc thintrí í agus réamhaisnéis na haimsire á tabhairt aici ar TG4.
D’imigh an stáisiún den aer i ndiaidh na heachtra.
Agus an stáisiún ag ceiliúradh fiche bliain a bhunaithe Oíche Shamhna 1996, is cosúil go bhfuil na taibhsí dúisithe agus iad á dtaispeáint féin i mBaile na hAbhann.
D’iarr Tuairisc.ie ráiteas ó lucht an stáisiúin faoin scéal, ach is cosúil go bhfuil gach duine acu gafa le clár speisialta na hoíche anocht atá á chraoladh ag 9.30pm mar cheiliúradh ar 20 bliain de TG4.
Idir an dá linn, is féidir féachaint ar an eachtra scanrúil thíos.
An bhfaca sibh an tuar na haimsire anocht? #TG4XX pic.twitter.com/j2z12jF5pA
— TG4 (@TG4TV) 31 Deireadh Fómhair 2016
Fág freagra ar 'Caitlín Nic Aoidh buailte ag splanc thintrí agus í ag craoladh ar TG4'