Caitlicigh – is ann dóibh i gcónaí, bíodh a fhios agat!

Beagán os cionn 4,000,000 duine sa Stát, as daonra 4,761,865, a thug le fios go raibh creideamh acu. Sin líon ollmhór i stát comhaimseartha Eorpach ar bith...

Caitlicigh – is ann dóibh i gcónaí, bíodh a fhios agat!

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Seans gur chuala tú an nath “an ré iarChaitliceach” nó “an ré iarChríostaí” ag lucht tuairimíochta agus iad ag cur síos ar chúrsaí creidimh agus cultúir in Éirinn. Seans gur chreid tú, bunaithe ar liodán de scéalta nuachta diúltacha faoin Eaglais Chaitliceach, go raibh deireadh le Caitlicigh, go raibh siad chomh tearc leis na Tuatha Dé Danann féin.

Seans mór, mar sin, gur bhain sé preab asat (agus as na heaspaig!) gur léirigh figiúirí ón Phríomhoifig Staidrimh, go raibh 78 faoin gcéad de phobal na Poblachta – 3,729,100 duine – ina gCaitlicigh go fóill. Ré iarChaitliceach? Nach míle trua nach bhfuil ré iarGhaeilge chomh láidir céanna ann nó níl Gaeilge ach ag 1,761,420 duine sa Stát!

Ait go leor, níor cuireadh béim ar an líon mór daoine a thug le fios gur Chaitlicigh iad ach ar lucht díchreidimh. Léirigh figiúirí an daonáirimh gur thug 468,400 duine le fios nach raibh creideamh ar bith acu, ardú 73 faoin gcéad ón daonáireamh deireanach. An figiúr sin a bhí i mbéal na meán cumarsáide agus sóisialta go mór agus tagairt – sotto voce agus en passant – do na daoine a raibh creideamh acu, an mhórchuid ar fad ar fad.

Leoga, dá gcuirfeá Caitlicigh, eaglaisí eile Críostaí, Moslamaigh agus Hiondúigh le chéile, léirigh na figiúirí go raibh beagán os cionn 4,000,000 duine sa Stát as daonra 4,761,865 a thug le fios go raibh creideamh acu. Sin líon ollmhór i stát comhaimseartha Eorpach ar bith. Agus na meáin ag cur béime ar na daoine gan chreideamh, thiocfadh leat, gan stró ar bith, malairt ceannlíne a scríobh agus tabhairt le fios gur chreid bunús mór an phobail i nDia. (Leoga, bheadh cuma ní ba mhó arís eile ar lucht creidimh ach 1,500,000 inteacht de Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh an Tuaiscirt a chur san áireamh fosta.)

Thuigfeá as cuid den tuairimíocht a bhí le léamh faoi na figiúirí díchreidimh gur bua a bhí ann, comhartha aibíochta, go raibh pobal na hÉireann, faoi dheireadh, ag tabhairt droim láimhe le creideamh agus leis an Eaglais Chaitliceach ach go háirithe. Thuigfeá, ach na figiúirí a bhreathnú go ciallmhar, nárbh amhlaidh an scéal. Cá bhfuil an t-eagarthóir nuachtáin nach gcuirfeadh fáilte roimh dhíolachán 3,700,000 nó sciar 78 faoin gcéad den mhargadh?

Agus thiocfadh leat a rá nach comhartha aibíochta atá sa díchreideamh ar chor ar bith. Is ionann droim láimhe a thabhairt leis an traidisiún Chríostaí agus droim láimhe a thabhairt leis an traidisiún Ghiúd-Chríostaí. Tá fréamh mhór dhomhain ag an Chríostaíocht sa chreideamh Ghiúdach agus nasc, dá réir sin, le seanstair na cruinne seo.

An té a deir a chuid paidreacha i séipéal de chuid na hÉireann sa lá atá inniu ann, níl mórán sa difear idir é agus an té a dúirt a chuid paidreacha i bhfásaigh de chuid an Mheán-Oirthir na mílte bliain ó shin. An comhartha aibíochta é, mar sin, bheith gan chreideamh nó an gníomh é a thugann cúl le cine, le cultúr, le stair? An dtuigeann mórán de phobal na hÉireann stair an reiligiúin i ndáiríre? (Agus mé á scríobh seo, tugann mo dhialann le fios go dtosaíonn Cáisc na nGiúdach ag luí na gréine inniu, Dé Luain.)

Is cinnte go bhfuil ábhar cainte ann faoi cad is ciall le bheith i do Chaitliceach sa lá atá inniu ann, cad é an ról a bhí, a bhíonn agus a bheas ag an Eaglais sin – ach sin comhrá a ba cheart a bheith ag gach aon dream creidimh.

Nó sin comhrá a ba cheart a bheith ann. Ní fheicfidh tú, mar shampla, mórán scéalta faoi ról na ndaoine deasa sin in Eaglais na hÉireann sa leatrom a imríodh ar Chaitlicigh ó bunaíodh críochdheighilt in Éirinn suas go 1969 agus ré na gCeart Sibhialta. Ní fheicfidh tú mórán scéalta faoin teannas san Eaglais Phreispitéireach faoi ról banmhinistrí nó an teannas sin in amanna idir eaglaisí seanbhunaithe Protastúnacha agus an ghluaiseacht shoiscéalach.

Cad is ciall le bheith i do Phrotastúnach sa lá atá inniu ann? Is ceist í atá chomh dlisteanach céanna leis an cheann faoi Chaitlicigh. Níl fiacha orm a rá gur beag a chluinfidh tú faoi ghrúpaí eile creidimh taobh amuigh den traidisiún Chríostaí.

Go minic, go rómhinic, is ionann plé ar chúrsaí creidimh againn agus scéalta garbha faoin Eaglais Chaitliceach. Ach an aithníonn an 3.7 milliún Caitliceach sin an Eaglais s’acu féin i scáthán na meán cumarsáide? An dtuigeann muid – mar phobal, mar iriseoirí, mar chléir, mar pholaiteoirí, mar dhiagairí – an dtuigeann muid i ndáiríre gur shocraigh na milliúin duine, dá dtoil dheonach dhiaga féin, dá stuaim spioradálta féin, gan bagairt ó easpag ná sagart paróiste ná bean rialta ná Bráthair Críostaí, gur shocraigh siad tabhairt le fios gur Chaitlicigh iad, gur sheas siad ar dhóigh an-phoiblí, lena gcreideamh agus le creideamh a sinsir?

Caitlicigh – is ann dóibh i gcónaí, bíodh a fhios agat!