Caithigí bhur laethanta saoire ‘trí Ghaeilge’, a deir an Conradh

Is mar chuid den fheachtas ‘Bainim Úsáid As’ atáthar ag moladh do mhuintir na hÉireann a gcuid laethanta saoire a chaitheamh ‘trí Ghaeilge’ an samhradh seo

Beach Trá

Tá lucht an fheachtais BÚA (Bainim Úsáid As) ag moladh do lucht a leanta a gcuid laethanta saoire a chaitheamh trí Ghaeilge in Éirinn an samhradh seo.

Tá moltaí ar na bealaí ar féidir a leithéid a dhéanamh scaipthe ag lucht an fheachtais ar na meáin shóisialta le cúpla lá anuas, agus é ina shamhradh in Éirinn ó thús na míosa.

Moltar saoire a chaitheamh sa Ghaeltacht, ar chúrsa Gaeltachta nó fiú Gaeilge a labhairt le cairde agus le gaolta in áiteanna eile ar fud na tíre.

Tá eolas ar leathanaigh Twitter agus Facebook BÚA faoi na tithe lóistín a bhfuil Gaeilge le cloisteáil iontu i gceantair Ghaeltachta ó cheann ceann na tíre, chomh maith le heolas faoi shaoire theaghlaigh Ghlór na nGael agus cúrsaí teanga Oideas Gael i nDún na nGall.

Moltar freisin go bhfreastalófaí ar Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge, a bheidh ar siúl i Ros Muc an samhradh seo.

Tá an feachtas BÚA á rith ag Conradh na Gaeilge chun “daoine a spreagadh agus a chumasú le níos mó Gaeilge a úsáid” ó lá go lá in áiteanna agus ar bhealaí nach mbaintear úsáid as an teanga chomh minic sin.

Dhírigh feachtais eile a bhí ag lucht BÚA go dtí seo ar nathanna beaga Gaeilge a shní isteach sa ghnáthshaol, ar chur chun cinn na stáisiún raidió Gaeilge, ar chun chun cinn na meáin Ghaeilge eile agus ar scaipeadh leagan Gaeilge d’fhoirm Dhaonáireamh 2016.

Fág freagra ar 'Caithigí bhur laethanta saoire ‘trí Ghaeilge’, a deir an Conradh'