Caithfidh lucht pleanála teanga sa Ghaeltacht ‘a gcuid tosaíochtaí a aithint’ laistigh den bhuiséad atá ar fáil – McHugh

Beidh ar choistí pleanála teanga roghanna a dhéanamh laistigh den chistíocht atá ar fáil ‘fearacht gach réimse eile caiteachas poiblí’ dar le hAire Stáit na Gaeltachta

Caithfidh lucht pleanála teanga sa Ghaeltacht ‘a gcuid tosaíochtaí a aithint’ laistigh den bhuiséad atá ar fáil – McHugh

Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go mbeidh ar choistí pleanála teanga sa Ghaeltacht “a gcuid tosaíochtaí a aithint” laistigh den bhuiséad a bheidh ar fáil dóibh agus leid tugtha aige nár cheart do choistí a bheith ag brath ar mhaoiniú breise chun na pleananna teanga atá acu a chur i bhfeidhm ina n-iomláine.

Tagann ráiteas an Aire Stáit sna sála ar thuairiscí faoin míshástacht atá ann i measc lucht pleanála teanga ar fud na Gaeltachta faoin leibhéal maoinithe atá le ceadú dóibh.

Ba le linn dó a bheith ag freagairt ceisteanna Dála ó na Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly agus Peadar Tóibín, Sinn Féin, a nocht an tAire Stáit an dearcadh go gcaithfí díriú ar ‘thosaíochtaí’ sna pleananna teanga atá ullmhaithe nó idir lámha ag coistí éagsúla ar fud na Gaeltachta.

“Fearacht gach réimse eile caiteachas poiblí beidh gá do gach páirtí leasmhar a bhfuil baint acu le hullmhú agus le feidhmiú pleananna faoin bpróiseas in am trátha a gcuid tosaíochtaí a aithint laistigh den chistíocht atá agus a bheidh curtha ar fáil,” a dúirt an tAire McHugh.

Trí cinn de phleananna teanga atá aontaithe agus seolta cheana: Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir; Cois Fharraige; agus Cloich Cionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh.

Thug an tAire le fios go mbeifí “ag tosú le feidhmiú pleananna sna ceantair sin go luath”.

Tá pleananna teanga á meas ag Údarás na Gaeltachta do chúig cheantar eile: Ciarraí Thiar; Ciarraí Theas; Na Déise; An Cheathrú Rua agus Múscraí agus táthar ag súil go gcuirfear i láthair na Roinne iad lena gceadú “go luath”.

Dheimhnigh an tAire go raibh obair ar siúl “i ngach limistéar eile faoi láthair mar a bhaineann sé le hullmhúchán pleananna” cé is moite de na trí limistéar pleanála teanga atá suite in oirthear Ghaeltacht na Gaillimhe, mar a bhfuil eagraíochtaí a roghnú faoi láthair chun tabhairt faoin bpróiseas. (Bearna agus Cnoc na Cathrach: an tEachréidh agus Oirthear na Gaillimhe).

Tá pleananna teanga a n-ullmhú freisin do cheithre cinn de Bhailte Seirbhíse Gaeltachta: Daingean Uí Chúis, Leitir Ceanainn, Cathair na Gaillimhe agus Cathair Chorcaí agus tá sé beartaithe tosú ar an obair chéanna i mBéal an Mhuirthead, An Clochán Liath, Trá Lí agus Dún Garbhán idir seo agus deireadh na bliana, a thug an tAire le fios.

Sa bhreis air sin, tá obair idir lámha chun pleananna teanga a ullmhú i leith na líonraí Gaeilge i mBaile Loch Riach, Co. na Gaillimhe; Inis, Co. an Chláir agus Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath, a dúirt sé.

Suim airgid de €850,000 in iomlán atá curtha ar fáil don obair seo i mbliana, a dúirt an tAire McHugh agus beidh €735,000 den chiste á chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta agus an fuílleach €115,000 á chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge.

“Bainfear leas as an allúntas seo chun cabhrú le ceanneagraíochtaí pleanála teanga a gcuid pleananna a ullmhú. Chomh maith leis sin bainfear úsáid as chun tús a chur le feidhmiú pleananna atá aontaithe. Mar chuid den socrú cuirfear ar chumas na limistéir faoi leith oifigeach pleanála teanga a fhostú go háitiúil chun cabhrú le feidhmiú a bpleananna, uair amháin go mbeidh sé faofa faoin Acht,” a dúirt an tAire.

Dúirt an tAire go raibh “infheistíocht shuntasach leanúnach” sa bhreis ar an gciste pleanála teanga á cur ar fáil ón státchiste “ar leas na Gaeilge á cur chun fónaimh” chomh maith, ar mhaithe le tacú le feidhmiú an phróisis pleanála teanga trí chéile.

 

Fág freagra ar 'Caithfidh lucht pleanála teanga sa Ghaeltacht ‘a gcuid tosaíochtaí a aithint’ laistigh den bhuiséad atá ar fáil – McHugh'

  • Éadóchasach

    “Fearacht gach réimse eile caiteachas poiblí beidh gá do gach páirtí…a gcuid tosaíochtaí a aithint laistigh den chistíocht atá agus a bheidh curtha ar fáil.”

    An-spéisiúil ar fad an méid a ndúirt McHugh. Feictear dom ná fuil drogall ar bith ar an Rialtas breis airgid a chur ar fáil do rudaí áirithe, PR an Taoisigh nua (https://www.thejournal.ie/strategic-communications-unit-3618195-Sep2017/) go háirithe.

    Is mór an trua ná fuil todhchaí na Gaolainne sna Gaeltachtaí chomh tábhachtach le híomhá phoiblí Leo Varadkar, nach ea?

  • Dónall O Cnaimhsí

    De gnáth bhéinn féin ag clamhsán agus ag mairgní faoi cháiteachais an riailtas i dtaca cursaí teanga sna Gaeltachtaí, ach tá deis ag na pobail anois trí an phróiseas pleanála teanga seo, cursaí a bhogadh chun cinn agus an pobal a aontú ar mhodheolaíocht le teanga na Gaeilge a neartú ina gceantair féin. Is leis na pobail na pleananna teanga agus tá na pobail ceanna ag bráth ar na coistí pleanála teanga tacaíocht a chur ar fáil dóibh ina iarrachtaí an teanga a chur chun cinn sna réimsí áirithe pobail.