Caithfidh Corcaigh súil ghéar a choinneáil ar McLaughlin agus McMonagle

Tabharfaidh mná Chorcaí aghaidh ar Dhún na nGall i gcluiche ceannais na sraithe tráthnóna agus na Muimhnigh sa tóir ar an gcúigiú sraith as a chéile

Caithfidh Corcaigh súil ghéar a choinneáil ar McLaughlin agus McMonagle

Imreoir Dhún na nGall, Yvonne McMonagle. INPHO/Tom Beary

Dún na nGall v Corcaigh, Páirc Parnell, 4.00i.n.

Tráthnóna, beidh mná Chorcaí ag iarraidh an tsraith a bhuachan don chúigiú bliain as a chéile, agus 11ú huair ó 2004. Ina n-aghaidh beidh Dún na nGall, atá ag imirt i gcluiche ceannais Roinn 1 den chéad uair riamh.

Dá bharr sin, aithnítear Corcaigh mar rogha na coitiantachta, ach is maith a thuigeann siad go gcaithfidh siad a bheith i mbarr a maitheasa más fúthu na Conallaigh a chloí. 15 pointe a bhí ag an dá fhoireann ag deireadh na sraithe ach ba iad Dún na nGall a bhí ar bharr an tábla toisc gur bhuaigh siad ar Chorcaigh, 3-16 in aghaidh 0-12, níos luaithe sa tsraith.

Mar is iondúil dóibh, ba iad Geraldine McLaughlin agus Yvonne McMonagle is mó a rinne gaisce do Dhún na nGall an lá sin i Mala. 1-6 a d’aimsigh McLaughlin agus 2-4 a scóráil McGonagle. Rinne an bheirt acu gaiscí scórála dá leithéid le linn na sraithe uile: 10-36 san iomlán a d’aimsigh McLaughlin in ocht gcluiche, agus, cé gur chaill McMonagle amach ar thús na sraithe agus í ag taisteal, scóráil sí 6-13 sa gceithre chluiche a d’imir sí ó tháinig sí ar ais.

Rud amháin a thabharfaidh dóchas do Chorcaigh, nár chuir siad an fhoireann is láidre acu chun páirce in aghaidh na gConallach ag tús na míosa seo caite. Bhí áit bainte amach ag Corcaigh sa bhabhta leathcheannais cheana féin agus thug siad deis do roinnt imreoirí óga sa chluiche.

Is mór an t-athrú atá tagtha ar fhoireann Chorcaí i mbliana agus gan fáil ag Ephie Fitzgerald, bainisteoir na foirne, ar chuid de na himreoirí is mó taithí a bhíodh ar an bhfoireann le cúpla bliain anuas. Níor tháinig Bríd Stack ar ais go dtí lár an fheachtais agus táthar fós ag fanacht ar Rena Buckley agus Briege Corkery cinneadh a dhéanamh an mbeidh siad ar fáil don chraobh.

Dá bharr sin, ba ghá do Fitzgerald imreoirí nua a thabhairt isteach agus cé go bhfuil Corcaigh ag iarraidh an cúigiú sraith as a chéile a thabhairt leo, beidh seachtar ar an bhfoireann tráthnóna acu i bPáirc Parnell a bheidh ag tosú i gcluiche ceannais sraithe den chéad uair.

Beidh súil ag Corcaigh go bhfuil ceacht foghlamtha acu ón ngreadadh a fuair siad i Mala. Níl aon dabht ach go bhfuil an-taithí ag cuid mhaith de na himreoirí atá acu, agus b’fhéidir gur leor sin chun díoltas a bhaint amach. Tá sé beagnach dodhéanta, áfach, imreoirí amhail McLaughlin agus McMonagle a choinneáil faoi chois. Mar sin féin, má éiríonn leis na Muimhnigh tionchar na beirte sin a laghdú, beidh seans iontach acu an tsraith a thabhairt leo den chúigiú uair as a chéile.

Rogha Tuairisc.ie: Corcaigh

Fág freagra ar 'Caithfidh Corcaigh súil ghéar a choinneáil ar McLaughlin agus McMonagle'