Caithfear dul i ngleic leis an ‘géarchéim’ maidir le ‘heaspa muiníne, meanman agus físe’ in Údarás na Gaeltachta – Tóibín

Dar leis an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Peadar Tóibín go bhfuil sé “scannalach' nach bhfuil figiúirí ÚnaG ar eolas ag an Aire Stáit Gaeltachta

7/2/2014. Sinn Fein Ard Fheis

Caithfear dul i ngleic leis an “géarchéim” maidir le heaspa “muiníne, meanman, treorach agus físe” in Údarás na Gaeltachta, dar leis an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Peadar Tóibín.

Bhí urlabhraí Gaeilge Shinn Féin ag tagairt don mhéid a dúirt sé faoin “géarchéim” in Údarás na Gaeltachta ag cruinniú de chuid an Choiste Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta tráthnóna inné.

“Is mar thoradh ar bhlianta d’easpa infheistíochta, agus ciorruithe sa bhuiséad a fhaigheann Údarás na Gaeltachta ó Fhoras na Gaeilge, atá é féin ag fulaingt de bharr ciorruithe, atá an ghéarchéim san eagraíocht fiontraíochta,” a dúirt Tóibín i ráiteas a d’eisigh sé inniu.

Dúirt Tóibín go gcaithfeadh an tAire Stáit Gaeltachta, Seán Kyne, “ceannaireacht a thaispeáint” agus fostaíocht agus fiontraíocht sna ceantair Ghaeltachta a mhéadú “mar atá de dhualgas air” agus spriocanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a bhaint amach.

Labhair Tóibín ag cruinniú de chuid an Choiste Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta tráthnóna inné faoin “géarchéim”, dar leis, atá in Údarás na Gaeltachta.

Cheistigh an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, atá ina chathaoirleach ar an gcoiste Oireachtais, an tAire Kyne faoi líon na bpost nua a cruthaíodh i mbliana nuair a chuirtear líon na bpost a cailleadh as an áireamh.

Ní raibh an figiúr sin ar eolas ag an Aire Kyne nuair a cuireadh an cheist inné agus dúirt Tóibín inniu gur “scannalach” an rud é nach mbeadh a leithéid d’eolas ag an Aire Stáit Gaeltachta.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo an mhí seo caite go raibh “ísle brí ollmhór” i measc fhoireann Údarás na Gaeltachta agus gur “níos measa atá sé ag éirí lá i ndiaidh lae”.

Fág freagra ar 'Caithfear dul i ngleic leis an ‘géarchéim’ maidir le ‘heaspa muiníne, meanman agus físe’ in Údarás na Gaeltachta – Tóibín'

  • Seán Ó Deoráin

    Bheinn amhrasach faoi cibé rud a deir Peadar Tóibín. Eite dheis Shinn Féin amach is amach.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    “Is mar thoradh ar bhlianta d’easpa infheistíochta”… caidé fá’n neamhaird iomlán don Ghaeilg mar theangaidh oibre sa Ghaeltacht??

    Caith a thuilleadh airgead orthu agus tarraingeoidh siad níos mó cainteoirí Béarla chun na Gaeltachta. An bhfuil duine ar bith ag plé ceist na fostaíochta tré mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht?

    Nach bhfuil sé in am coinníoll Gaeilge a chuir ar an Gaeltacht?