‘Caithfear aon phingin bhreise ar chláir a dhéanamh’ – gealltanas Esslemont

Tá os cionn 200 duine ón earnáil phríobháideach léiriúcháin i láthair inniu ag lá eolais mar a bhfuil straitéis nua do TG4 á leagan amach

‘Caithfear aon phingin bhreise ar chláir a dhéanamh’ – gealltanas Esslemont

Alan Esslemont

Tá gealltanas tugtha uaidh ag Ard-Stiúrthóir nua TG4 go gcaithfear aon phingin bhreise a fhaigheann an stáisiún lena linn ar chláir agus ar an earnáil neamhspleách léiriúcháin.

Bhí Alan Esslemont, a tháinig i gcomharbacht ar Phól Ó Gallchóir mar cheannasaí TG4 anuraidh, ag labhairt inniu ag ócáid dar teideal ‘Lá Mór na Léiritheoirí 2017’ in óstán an Radisson i gcathair na Gaillimhe. Tá os cionn 200 duine ón earnáil phríobháideach léiriúcháin i láthair ag an lá eolais mar a bhfuil bhfuil straitéis nua don stáisiún Gaeilge a leagan amach ag an Ard-Stiúrthóir.

Dúirt Esslemont nach bhfuil dóthain airgid á fháil ag TG4 ná ag an earnáil phríobháideach léiriúcháin féin i láthair na huaire ach gheall sé dá bhfuil i láthair ag an lá eolais inniu go gcuirfear aon airgead breise a chuirfí ar fáil don stáisiún amach anseo ar leataobh do dhéantús na gclár agus don earnáil sin.

“Táimid tagtha tríd an gcúlú eacnamaíochta a tharla ocht mbliana ó shin, agus tá an t-airgead ag teacht ar ais i ngach earnáil sa tír ach amháin san earnáil phríobháideach léiriúcháin. Tá an earnáil sin €6 milliún níos boichte ná mar a bhí roimh dheireadh an Tíogair Cheiltigh,” a dúirt sé.

Tá TG4 ag brath faoi láthair go príomha ar Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) agus ar an gCiste Craoltóireachta Gaeilge le maoiniú a chur ar fáil do chláir ón earnáil phríobháideach. Dúirt Esslemont inniu gurb é an easpa foinsí maoinithe eile an fhadhb is mó atá roimh TG4 féin agus roimh na comhlachtaí léiriúcháin araon. Dúirt sé gur fadhb í sin ar cheart do TG4 agus lucht na hearnála aghaidh a thabhairt uirthi “le chéile”.

Dúirt sé go gcaithfí an cás a dhéanamh anois go bhfuil “tionchar eacnamaíoch” ag TG4. Dúirt sé  go bhfuil deis iontach anois ann a chruthú go bhfuil TG4 éagsúil leis na mórmheáin atá ag teacht isteach go hÉirinn ó Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ón mBreatain.

Fág freagra ar '‘Caithfear aon phingin bhreise ar chláir a dhéanamh’ – gealltanas Esslemont'