‘Caithfear Acht Teanga a thabhairt isteach le margadh an DUP agus na dTóraithe a chomhlíonadh’ –Pobal

Deir an eagraíocht POBAL go bhfuil dualgas ar Rialtas na Breataine Acht Teanga a thabhairt isteach don Tuaisceart de réir an tsocraithe atá déanta ag páirtí Theresa May leis an DUP

‘Caithfear Acht Teanga a thabhairt isteach le margadh an DUP agus na dTóraithe a chomhlíonadh’ –Pobal

Tá ráite ag an ngrúpa stocaireachta POBAL go bhfuil dualgas ar Rialtas na Breataine Acht Teanga a thabhairt isteach don Tuaisceart más faoi na Tóraithe an margadh atá déanta inniu acu leis an DUP a chomhlíonadh.

Níl aon trácht sa mhargadh a rinne an Páirtí Caomhach leis an DUP ar mhaithe le tacaíocht a fháil do rialtas Theresa May do cheist an Achta Gaeilge ach tá tagairt ann do chomhlíonadh Chomhaontú Aoine an Chéasta agus Chomhaontú Cill Rímhinn, ina bhfuil an reachtaíocht teanga luaite.

Deirtear sa mhargadh a rinne an dá pháirtí, ‘Both parties will adhere fully to their respective commitments set out in the Belfast Agreement and its successors’, gealltanas a fhágann dualgas ar Rialtas na Breataine Acht Teanga a thabhairt isteach, dar le Janet Muller, Stiúrthóir POBAL.

“Is é rialtas na Breataine féin a thug gealltanas ar leith faoin acht i gComhaontú Cill Rimhinn in 2006, agus fiú dá mbeadh toil ag Stormont an cineál achta atá de dhíth a thabhairt isteach leis an teanga a chosaint agus a chaomhnú, b’iomaí réimse saoil a d’fhanfadh taobh amuigh dá thionchar.

“Is faoi smacht Westminster atá cúrsaí craoltóireachta, mar shampla, agus mar an gcéanna le réimsí tábhachtacha eile, agus mar sin, lena gcur san áireamh bheadh gníomh de dhíth ó rialtas na Breataine. Le cloí ‘go hiomlán’ leis an ghealltanas áirithe seo, ní mór do rialtas na Breataine gníomhú go díreach, rud atá déanta acu cheana féin ar cheisteanna eile, mar chuid den socrú leis an DUP,” a dúirt Janet Muller, Stiúrthóir POBAL.

Fógraíodh inniu go raibh margadh déanta ag an DUP leis an bPáirtí Caomhach a chiallaíonn go dtacóidh an páirtí aontachtach le rialtas mionlaigh Theresa May.

Tá an margadh idir an dá pháirtí bunaithe ar shocrú muiníne agus soláthair arbh fhiú €1 billiún é do Thuaisceart Éireann.

Tá Príomh-Aire na Breataine Theresa May ag brath ar thacaíocht bhaill parlaiminte an DUP sa vóta i Westminster faoina clár rialtais an tseachtain seo.

Déanfar an maoiniú breise a infheistiú i gcúrsaí sláinte, cúrsaí oideachais agus in infreastruchtúr an Tuaiscirt, ach beidh an maoiniú breise ag brath ar athbhunú roinnt na cumhachta i Stormont.

Dúirt ceannaire an DUP Arlene Foster go raibh an páirtí “an-sásta” gur éirigh leo margadh a dhéanamh.

Dúirt sí go rabhthas ag súil chomh maith le socrú a dhéanamh maidir le hathbhunú Stormont “a luaithe agus ab fhéidir é” lena chinntiú go mbeadh “glór láidir ag Tuaisceart Éireann” i gcás an Bhreatimeachta, go háirithe.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine gur “margadh an-mhaith go deo” a bhí ann agus thug sí le fios gur léirigh an socrú “an luach” a bhaineann leis “an aontas” agus an nasc idir “na codanna éagsúla den Ríocht Aontaithe”.

“Ba mhaith linn go mór go ndéanfaí é sin (an t-aontas) a chosaint agus a neartú agus tá an mhian chéanna againn maidir le rialtas láidir a bheith ann,” a dúirt May.

Fág freagra ar '‘Caithfear Acht Teanga a thabhairt isteach le margadh an DUP agus na dTóraithe a chomhlíonadh’ –Pobal'