Caithfear a chruthú do phobal na Gaeltachta nach ‘i bhfolús’ atá pleananna teanga á n-ullmhú – tuairisc nua

Moltar i dtuairisc nua a d’ullmhaigh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge do Roinn na Gaeltachta go gcuirfí acmhainní breise ar fáil ‘ionas go mbeidh deis ag óige na Gaeltachta páirt a ghlacadh i sochaí na Gaeltachta’

Caithfear a chruthú do phobal na Gaeltachta nach ‘i bhfolús’ atá pleananna teanga á n-ullmhú – tuairisc nua

Caithfear a chur ar a súile do phobal na Gaeltachta “nach i bhfolús’ atá pleananna teanga á n-ullmhú agus á gcur i bhfeidhm, a deirtear i dtuairisc nua a d’ullmhaigh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge do Roinn na Gaeltachta.

Moltar sa tuairisc go gcuirfí straitéis feasachta i bhfeidhm a chuirfeadh an pobal ar an eolas maidir le “feidhm agus réasúnaíocht” na pleanála teanga sa Ghaeltacht agus “ról an phobail sa phróiseas sin”.

Moltar sa tuairisc chomh maith go ndéanfaí “soiléiriú” ar “líon agus cineál na n-acmhainní a bheidh ar fáil” chun “feidhm éifeachtach a thabhairt do phleananna teanga na limistéar pleanála teanga”.

Ba ghá freisin, a deirtear, soiléiriú a thabhairt do na ceanneagraíochtaí pobail a bhfuil cúram na pleanála teanga orthu maidir “leis an leibhéal agus cineál tacaíochta a bheidh ar fáil dóibh ón státchóras agus feidhm á tabhairt do na pleananna”.

Tá na moltaí seo i dtaobh na pleanála teanga bunaithe ar thuairimí a léirigh an pobal faoin Straitéis 20 Bliain na Gaeilge ag sraith cruinnithe poiblí a d’eagraigh Roinn na Gaeltachta, agus ar 89 aighneacht scríofa a fuarthas ón bpobal faoin Straitéis.

Bunaithe ar thuairimí an phobail, deirtear sa tuarascáil gur gá freastal “ar shainriachtanais shóisialta óige na Gaeltachta agus a chinntiú go bhfuil ar a gcumas feidhmiú agus forbairt sna gréasáin shóisialta atá acu as Gaeilge”.

Moltar cur leis na hacmhainní atá á gcur ar fáil i láthair na huaire sa réimse seo “ionas go mbeidh deis ag óige na Gaeltachta páirt a ghlacadh i sochaí na Gaeltachta”.

Tuairiscítear i gcáipéis an Acadaimh go bhfuil baill áirithe den phobal den tuairim go bhfuil “faillí á déanamh go háirithe ar dhéagóirí na Gaeltachta gan áiseanna ná infreastruchtúr cuí a bheith curtha ar fáil dóibh a thacódh le dinimic shóisialta na teanga san aoisghrúpa sin”.

Meabhraítear as tuairisc go ndeirtear sa Straitéis féin go dteastaíonn “treoir agus comhairle ó theaghlaigh ina labhraíonn na tuismitheoirí Gaeilge faoin gcaoi inar féidir leo a gcuid leanaí a thógáil mar chainteoirí cothroma dátheangacha” agus go mb’fhéidir “nach dtuigeann tuismitheoirí go hiomlán na buntáistí eacnamaíochta, fostaíochta agus oideachais a bhaineann le Gaeilge a labhairt lena gcuid leanaí”.

Thug cuid den phobal a ghlac páirt sa phróiseas comhairliúcháin faoin Straitéis le fios “go bhfuiltear sa riocht céanna go fóill agus an chuma ar an scéal do theaghlaigh agus do thuismitheoirí gur mó i bhfad na buntáistí a bhaineann le bheith ag tógáil clainne le Béarla ná le Gaeilge”.

Fág freagra ar 'Caithfear a chruthú do phobal na Gaeltachta nach ‘i bhfolús’ atá pleananna teanga á n-ullmhú – tuairisc nua'

  • Manus

    Is isteach i bhfolús a tháinig leabhar Hindley “The death of a Language” i 1990 agus an Staidéar Chuimsitheach Teangeolaíoch i 2002. Lean an meath go dtí nach bhfuil fágtha ach breacGhaeltachtaí (mar a tuigeadh sna 1970daí). Tá an téarma/coincheap Gaeltacht as dáta faoin am seo. Is gréasáin Ghaeilge seachas pobail Ghaeilge atá fágtha sna ceatracha ar a dtugtar Catagóir A.
    Is athbheochaint teanga le lán tacaíocht Stáit agus pobail a theastaíonn sna “Gaeltachtaí” oifigiúla ach ní admhaítear sin sa Straitéis 20 bhliain. Agus an fústaráil faoi cur i bhfeidhm an pholasaí Oideachais Gaeltachta bheadh sé deacair aon phobal a spreagadh faoin Pleanáil Teanga nuair nach bhfuil an Stát lándáiríre.