Caitheann na saineolaithe súil chun cinn ar Chraobh Peile na hÉireann 2016

Labhair Tuairisc.ie le Jack O’Connor agus Seán Óg de Paor chun a gcuid tuairimí a fháil ar Chraobh Peile na hÉireann 2016 agus tús á chur leis an deireadh seachtaine seo.

GAA Football All Ireland Senior Championship Final 21/9/2014 General view of Sam Maguire cup Mandatory Credit ©INPHO/Cathal Noonan
©INPHO/Cathal Noonan

Cén chaoi gur féidir stop a chur le Baile Átha Cliath?

Jack O’Connor: an chosúlacht sin air go bhfuil siad chun tosaigh arís ach tá an-deacair dhá cheann a bhuachan as a chéile. Níl sé déanta ach uair amháin ó 1990, é déanta ag Ciarraí le dhá bhainisteoir dhifriúla. Tá luas acu, tá siad aclaí agus tá siad ag teacht le chéile ag an aois cheart, sin é an rud is mó.

Seán Óg de Paor: Caithfidh foireann a bheith aclaí, caithfidh plean a bheith acu agus caithfidh imreoirí an plean a thuiscint, rud atá níos éasca a rá ná a dhéanamh. Teastóidh beagáinín den ádh uathu, ó thaobh gortuithe chomh maith.

Cén t-ábhar díospóireachta is mó a bheidh ann i rith an tsamhraidh?

JO’C: Teaicticí. Tá beagnach gach duine ag imirt le ‘sweepers’ faoi láthair ach is é an rud is deacra faoi sin ná cothromaíocht a fháil idir an chosaint agus na tosaithe. Tá Tír Eoghain cosantach, tá Dún na nGall cosantach, tá Ciarraí ag iarraidh a bheith cosantach. Is í an fhadhb ná ní leor 13 pointe in aghaidh Bhaile Átha Cliath. I gcluiche ceannais na sraithe, bhí líne leath-thosach Chiarraí ag druidim siar an t-am uile ach ní raibh siad dainséarach ag dul chun cinn.

SÓdP: B’fhéidir go mbeadh muid ag caint faoi chomh fada chun cinn atá Baile Átha Cliath ar gach duine eile. Seans nach mbeidh mórán cluichí maithe ann i rith an tsamhraidh agus tosóidh an chaint faoi struchtúr na craoibhe agus ar cheart athrú a dhéanamh uirthi.

Cé a chrochfaidh Corn Mhig Uidhir mí Mheán Fómhair?

JO’C: Tá an-seans ag Baile Átha Cliath ach ní chaithfinn an tuáille isteach ar Chiarraí fós. D’fhan siad le Baile Átha Cliath ar feadh 60 nóiméad sa chluiche ceannais sraithe agus bhí imreoirí tábhachtacha in easnamh orthu, fir ar nós James O’Donoghue, Paul Geaney, Johnny Buckley, agus beidh siadsan uile ar ais.

SÓdP: Déarfaidh mé Baile Átha Cliath. Is iad an t-aon fhoireann atá i gCúige Laighean, Maigh Eo an t-aon cheann i gConnachta. Ní dóigh liom go bhfuil a ndóthain ag na foirne in Uladh. Bhí bearna ann idir Ciarraí agus Baile Átha Cliath sa gcluiche sraithe. Tá a fhios agam gur sárimreoirí iad Marc Ó Sé agus Aidan O’Mahony ach caithfidh Ciarraí fáil réidh leis na seanlads.

Peileadóir na Bliana 2016?

JO’C: Deacair é a rá faoi láthair, tagann sé ón bhfoireann a bhuann an chraobh de ghnáth ach tá déanta go maith ag Ciarán Kilkenny go dtí seo. Tá sé ag imirt go maith faoi láthair, tá an aois cheart aige agus má leanann sé ar aghaidh, beidh seans maith aige.

SÓdP: Má tá muid chun a rá gurb iad Baile Átha Cliath a thabharfaidh leo an chraobh, is duine éigin sna tosaithe a bheidh ann. Tá Bernard Brogan ró-shean agus bheinn ag caitheamh súil ar Paul Mannion. Ní raibh sé ag imirt anuraidh agus é thar lear. Beidh sé cíocrach dá bharr, tá sé i measc na dtosaithe agus gheobhaidh sé neart scóranna dá bharr. Taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, chaithfeá a bheith ag smaoineamh ar Cillian O’Connor. Má tá Maigh Eo chun tada a dhéanamh, beidh tionchar mhór ag O’Connor nó O’Shea air.

Fág freagra ar 'Caitheann na saineolaithe súil chun cinn ar Chraobh Peile na hÉireann 2016'