‘Caitheann Leo níos mó airgid ar phoiblíocht agus bolscaireacht’ ná mar a chaithfear ar an bpleanáil teanga — Peadar Tóibín

Dúirt urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin go raibh laghad an airgid atá á cheadú don phleanáil teanga ‘maslach’ agus é ag impí go méadófaí an tsuim sin

‘Caitheann Leo níos mó airgid ar phoiblíocht agus bolscaireacht’ ná mar a chaithfear ar an bpleanáil teanga — Peadar Tóibín

Peadar Tóibín. Leah Farrell/RollingNews.ie

Dúirt Peadar Tóibín, urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin sa Dáil níos túisce inniu, go raibh lucht pleanála teanga sa Ghaeltacht “in ísle brí” de bharr a laghad airgid atá á chur ar fáil d’fheidhmiú na bpleananna atá réitithe acu.

Agus é ag ceistiú an Aire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh sa Dáil, dúirt fear Shinn Féin gur mó an t-airgead a chaitheann an Taoiseach Leo Varadkar ar phoiblíocht agus ar bholscaireacht ná mar atá i gceist a chaitheamh ar an bpleanáil teanga.

Dúirt sé nach bhfuil ach “cúpla bliain” fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht agus go raibh “titim uafásach” ar lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht, de réir an daonáirimh is deireanaí. D’impigh sé ar an Aire Stáit “an t-airgead cuí” a thabhairt do na coistí pleanála teanga.

Dúirt sé freisin go raibh €100,000 á cheadú do gach plean teanga fiú sula raibh na pleananna sin léite ná scrúdaithe agus nach bhfuil ceadaithe do gach coiste ach duine amháin a fhostú lena bplean a chur i bhfeidhm.

Dhiúltaigh an tAire Stáit McHugh don éileamh ar bhreis airgid agus dúirt go raibh an t-airgead á chaitheamh “ar an mbealach is féaráilte”.

“Airgead breise, i gcónaí sin an argóint,” a dúirt an tAire Stáit.

Thug an tAire Stáit McHugh le fios don Dáil go raibh €850,000 curtha ar fáil don phróiseas pleanála teanga — €735,000 don Údarás agus €115,000 d’Fhoras na Gaeilge —  agus gur €100,000 an ceann a bheadh ar fáil do choistí pleanála teanga don tréimhse 12 mí seo romhainn.

Dúirt an tAire Stáit McHugh nach raibh a fhios aige céard a bheadh ag tarlú amach anseo maidir le tacaíocht don teanga sa Ghaeltacht ach nach ar Roinn na Gaeltachta amháin a bhí freagracht i leith na teanga.

Tá cúraimí ar Ranna eile, an Roinn Oideachais mar shampla, sa réimse seo freisin, a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Caitheann Leo níos mó airgid ar phoiblíocht agus bolscaireacht’ ná mar a chaithfear ar an bpleanáil teanga — Peadar Tóibín'