Caitheadh le ‘leanaí Thuama’ amhail is is gur ‘fospeiceas’ a bhí iontu – An Taoiseach

Deir Enda Kenny gur scéal ‘uafásach amach agus amach é’ an deimhniú gur thángthas ar go leor taisí daonna ar láthair an tí máithreacha agus leanaí i dTuaim

Caitheadh le ‘leanaí Thuama’ amhail is is gur ‘fospeiceas’ a bhí iontu – An Taoiseach

Caitheadh leis na leanaí ar aimsíodh a dtaisí ar an láthair i dTuaim ar a mbíodh an Teach Máithreacha agus Leanaí amhail is gur ‘cineál fospeiceas’ a bhí iontu, a dúirt an Taoiseach inniu.

Dúirt an Taoiseach Enda Kenny gur scéal “uafásach amach agus amach é” an deimhniú gur thángthas ar go leor taisí daonna ar láthair an tí máithreacha agus leanaí i dTuaim.

Ag labhairt dó i gCaisleán an Bharraigh, dúirt Kenny gur cheart cuimhneamh gur eachtra í seo a tharla  “lenár linn féin” seachas eachtra a tharla “fadó fadó”.

Dúirt sé go raibh an tAire Leanaí i dteagmháil le Coimisiún Imscrúdacháin na dTithe Máithreacha agus Leanaí agus go gcaithfí obair an choimisiúin a chur i gcrích chomh “tapa”, chomh “héifeachtach” agus ar bhealach chomh “tuisceanach” agus ab fhéidir.

Dhéanfaí téarmaí tagartha an imscrúdaithe a leathnú chun láithreacha eile a iniúchadh dá mba ghá, a dúirt an Taoiseach.

Mhol an Taoiseach an obair a rinne an staraí as Tuaim Catherine Corless chun scéal na dtaisí daonna a thabhairt chun solais. Ba mhaith an ní, a dúirt sé, go raibh ‘scála’ an uafáis i dTuaim anois á nochtadh don phobal.

Idir an dá linn, thug an Dr Geraldine O’Donnell, an té atá i bhfeighil ar an rannóg DNA ag Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann le fios don News at One ar RTÉ go dtógfadh sé go leor ama na taisí daonna a dhí-adhlacadh agus go mbainfeadh costas mór lena leithéid. Dúirt sí go mbainfeadh ceisteanna “eitice” le dí-adhlacadh a dhéanamh ar na taisí, agus gur ceisteanna don “tsochaí trí chéile” iad sin. Dúirt sí go bhféadfaí samplaí DNA a thógáil ó ghaolta na leanaí dá gcinnfí dul ar aghaidh leis an dí-adhlacadh.

Thug an Dr Geraldine O’Donnell le fios gur faoi chróinéir na Gaillimhe a bhí sé cinneadh a dhéanamh faoi na taisí daonna a dhí-adhlacadh. Dhéanfadh an cróinéir teagmháil ar dtús leis an nGarda Síochána dá nglacfaí a leithéid de chinneadh agus d’fhéadfadh go lorgófaí cabhair Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann ina dhiaidh sin, a dúirt an Dr O’Donnell.

Fág freagra ar 'Caitheadh le ‘leanaí Thuama’ amhail is is gur ‘fospeiceas’ a bhí iontu – An Taoiseach'

  • tuigim

    I bhFAD níos measa ná sin!
    Lean an t-airgead.