Cairde de dhíth ar na healaíona i dTuaisceart Éireann i ndiaidh dianchiorruithe neamhealaíonta

Dhiúltaigh an Chomhairle Ealaíon scun scan deontas a cheadú do dhá eagraíocht Ghaeilge, dhá fhoilsitheoir, cumann drámaíochta agus cumann ceoldrámaíochta. Thit maoiniú 27 grúpa agus fágadh os cionn ceithre scór gan athrú.

 

artcouncil

Ba léir go raibh a thuilleadh drochnuachta i ndán do lucht na n-ealaíon i dTuaisceart Éireann nuair a d’fhógair Ollscoil na Ríona ag deireadh na seachtaine seo caite go raibh sé ag éirí as maoiniú na Féile Ealaíona tar éis leathchéad bliain. I bhfianaise na déine atá á cur i bhfeidhm ag Stormont, bhí a fhios go raibh ciorruithe ar na bacáin do gach eagraíocht a sholáthraíonn ealaín. Mar sin féin, ní raibh coinne ar bith leis an gcinneadh go gcaillfeadh sé cinn de na grúpaí gach pingin.

Fuair na heagraíochtaí an drochscéala ón gComhairle Ealaíon ag deireadh na seachtaine seo caite ach níor fógraíodh go poiblí é go dtí an Luan. Tháinig an t-eolas amach tráth a raibh aird ar Thuaisceart Éireann i gcian is i gcóngar i ngeall ar an togra ealaíne idirnáisiúnta, an teampall a cuireadh trí thine i nDoire ar an Satharn in ómós dóibh siúd a cailleadh le linn na dTrioblóidí.

“Seans go bhfuil cuid mhaith de shaol ealaíne an tuaiscirt curtha tré thine anois,” arsa roinnt aisteoirí liom is iad imníoch faoin a bhfuil i ndán do na complachtaí beaga raidiceacha.

Bhí íoróin ag baint leis freisin gurb shin an lá a tugadh aitheantas poiblí don fhilíocht. Bhronn Comhairle na Cathrach i mBéal Feirste saoirse na cathrach ar an bhfile Michael Longley, onóir a bhí tuillte go maith aige. Chaith Longley tréimhse ag obair sa Chomhairle Ealaíon, sa ré sula raibh borradh faoi na healaíona i gceantair bhochta ach bhí baint aige le ceoltóirí a thabhairt ar camchuairt chuig na geiteónna.

Is í an cheist anois an mbeifear in ann na healaíona a choinneáil ag imeacht in áiteacha mar sin. An bhfuil teacht ar na haingil shaibhre? Níl traidisiún láidir patrúnachta ag an earnáil phríobháideach i dTuaisceart Éireann. Glactar leis gur fearr an seans ag na healaíona a bheith bisiúil i gceantair mheánaicmeacha. Is léir, áfach, gur obair dhúshlánach a bheidh ann an Fhéile Ealaíon, Belfast Festival at Queen’s a tharrtháil, gan taca Ollscoil na Ríona. Níl an ollscoil in acmhainn cuidiú leis an bhFéile níos mó de bharr laghduithe ar an mbuiséad ardoideachais.

Rinne Stormont laghdú de £1.4 milliún ar bhuiséad na Comhairle Ealaíon. B’ionann sin agus titim 11%. Fágann sé sin £10.9 milliún ag an gComhairle don bhliain 2015-2016 – ó thus na míosa seo chugainn. Fuarthas iarratais ó 115 eagraíocht. Ina measc sin a fuair deontas tá an Fhéile Ealaíon, an Chultúrlann agus An Droichead i mBéal Feirste, an Gaelárus i nDoire, Féile an Phobail, feile nua in oirthear Bhéal Feirste chomh maith le Aisling Ghéar, Tinderbox, Kabosh, Circus Workshop agus go leor eile. Rinneadh laghdú mór ar mhaoiniú an Opera House agus Amharclann an Lyric ach fuaireadar gar do mhilliún go leith eatarthu.

Is iad na heagraíochtaí beaga is measa as, cuid acu á scor anois laithreach agus cuid ag iarraidh tréimhse éigin fógra scoir a thabhairt d’fhostaithe, oibrithe páirtaimsireacha den chuid is mó. Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Bob Collins agus an Príomh Fheidhmeannach, Róisín McDonough gur le drogall a a thugadar an t-eiteachas do ghrúpaí agus a ghearr siad deontais eile ach nach raibh an dara rogha acu. D’aithin siad go mbeadh tionchar ag a gcinntí ar réimsí seachas na healaíona, ina measc atógáil pobail, comhtháthú sóisialta, comhionannas, sláinte agus turasóireacht. Is fíor dóibh.

Ní léir ar déanadh na roghanna is fearr. Beidh deis achomhairc ag grúpaí ach sa deireadh, beidh dream éigin caite ar thrá fholamh. Ar fiu é don tsuim bheag airgid ata i gceist? Bhí Stormont ag iarraidh fanacht i bhfad ón gcinneadh ach nuair atá deireadh ráite, is iad atá freagrach. Luath nó mall, tabharfaidh an pobal an chluas bhodhar don leithscéal nach é Stormont faoi ndear é ach na Tóraithe.

 

Na heagraíochtaí a fuair an t-eiteachas

 

Pobal                                                                  £0 [ £25,900 anuraidh 2014-15]


Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain           £0 [ £16,490, 2014-15]


Guildhall Press                                              £0 [ £47.100, 2014-15]


Blackstaff Press                                               £0 [ £82,000, 2014-15]

 

Music Theatre 4Youth                                    £0 [ £35,000, 2014-15]

 

Green Shoots Productions                             £0 [ £78,000, 2014-15]