CÁIPÉISÍ STÁIT 1986: ‘Any movement towards bilingualism in Northern Ireland should be strongly resisted’

Chuir Airí ó thuaidh go fíochmhar in éadan aon ní a ghéilleadh ó thaobh na Gaeilge de le linn 1986

CÁIPÉISÍ STÁIT 1986: ‘Any movement towards bilingualism in Northern Ireland should be strongly resisted’

Chuir Aire Stáit sa Tuaisceart go fíochmhar in éadan aon ghéilleadh ar cheisteanna teanga sa chéad bhliain i ndiaidh shíniú an Chomhaontaithe Angla-Éireannaigh. Léiríonn cáipéisí a scaoileadh saor le déanaí faoin Riail 30 Bliain gur chaith Sir Richard Needham, a bhí ina Aire Timpeallachta ó thuaidh, go tarcaisneach le ceisteanna a ardaíodh ag an Rúnaíocht faoi chúrsaí Gaeilge agus gur measadh gur dris chosáin a bhí ann ó thaobh aon dul chun cinn a dhéanamh i dtaobh cearta teanga.

Sa bhliain tar éis shíniú an Chomhaontaithe deineadh go leor dul chun cinn i dtaobh na Gaeilge sa chóras oideachais agus sna príosúin, i dtaobh ceist faoin Ghaeilge a bheith sa daonáireamh ó thuaidh agus i dtaobh cúnamh airgid a thabhairt do ghníomhaíochtaí cultúrtha a mbeadh baint ag an Ghaeilge leo. Bhí comharthaí dátheangacha ar shráideanna ina chnámh spairne, áfach, ceist a bhí faoi chúram an Ridire Needham.

I mí Mheán Fómhair, 1986 chuir sé meamram le chéile ar úsáid na Gaeilge i dTuaisceart Éireann agus níor chuir sé fiacail ann: “My approach to this matter is based on the strong conviction that any movement towards bilingualism in Northern Ireland should be strongly resisted.”

Ar an 24 Deireadh Fómhair, 1986, bhí dinnéar ag an Aire Stáit George Bermingham leis mar aon le státseirbhísigh ón dá thaobh. Seo mar a rinne Comhnaí na Comhdhála Idir-Rialtas, M.J. Lillis, cur síos ar a dhoichill in aghaidh na teanga: “The discussion with Needham was, as always seems to be with him, difficult. His purpose was to discourage the Irish side from pressing for progress on matters which, on the one hand, he described as insignificant and purely symbolic and yet, on the other, he argued, were at least in some cases impossible from the British Government’s point of view.”

Cuireadh in iúl dó go raibh Rialtas na hÉireann buartha go raibh Rialtas na Breataine ag dul siar ar choimitmintí a tugadh i leith na teanga. “For his part Needham deliberately used extreme arguments and extreme language and vehemence to seek to discourage our side from pressing any of these matters.” Dúirt Needham go gcuirfeadh sé go tréan in éadan comharthaí sráide dátheangacha de bharr an chostais agus an dua mhaorlathaigh a bheadh i gceist.

Ba cheart dar leis, go dtitfeadh an costas a bhainfeadh le comharthaí dátheangacha ar an bpobal a bhí á n-éileamh.

D’inis sé don Aire Stáit Bermingham go nglacfaí le leaganacha dátheangacha d’ainmneacha sráide “over his dead body”, ach mar a dúirt an Comhrúnaí “this is par for the course with Needham.”

Chuir an státseirbhís ó dheas a gcosa i dtaca, áfach:

“We did remind Needham that the logical conclusion of the position he was taking was that, if we would be guided by Unionist concerns, children in Northern Ireland should not continue to be, as they are in their thousands, taught the Irish language at the expense of the taxpayer or, even ‘worse’, continue to receive their schooling, as is the case with the Bunscoileanna, entirely through Irish.”

Fuair an Comhnaí nóta buíochais ó Needham tar éis an dinnéir: “[it was] a most enjoyable evening even if we couldn’t agree on adding an additional nameplate to the entrance of Maryfield.”

Ba i Maryfield a bhí an Rúnaíocht lonnaithe ach mar a scríobh Lillis go searbhasach sa mheamram, ní raibh aon ainmchlár crochta ann – i nGaeilge ná i mBéarla!

Ar ócáid eile, tugadh le fios i meamram rúnda a bhí bunaithe ar chomhrá príobháideach idir an bheirt Chomhrúnaithe go raibh moill curtha ar dhul chun cinn i dtaobh ceisteanna Gaeilge mar go raibh drogall ar Needham tacú go poiblí le haon ní a bhain leis an Chomhaontú. Léiríonn meamram eile go raibh Ronnie Spence, státseirbhíseach ó Oifig Thuaisceart Éireann, den tuairim go raibh Needham agus an tAire Brian Mawhinney in éadan aon ní a ghéilleadh ó thaobh na Gaeilge de.