CÁIPÉISÍ STÁIT 1984: Treoir don Údarás fanacht glan ó fheirmeacha éisc

Drochbhainistíocht agus drochinfheistíocht curtha i leith tionscnaimh de chuid Údarás na Gaeltachta in 1984

Garret Fitzgerald
An tIar-Thaoiseach, an Dr Garret Fitzgerald, cuireadh ar shúile dó i 1984 go raibh an tÚdaras ag tabhairt fordheontais do tháirgiú bradáin feirme a bhí dhá oiread an phraghais ar a raibh na bradáin féin á ndíol ar an margadh. Pictiúr: Photocall Ireland

 

Rinne an Stát iarracht láidir deireadh a chur le haon chaiteachas breise ar fheirmeoireacht éisc ar chósta Chonamara 30 bliain ó shin, tráth ar cuireadh drochbhainistíocht agus drochinfheistíocht i leith tionscnaimh de chuid Údarás na Gaeltachta.

Cuireadh ar a shúile do Thaoiseach an ama, an Dr Garret Fitzgerald,  go raibh an tÚdaras ag tabhairt fordheontais do tháirgiú bradáin feirme a bhí dhá oiread an phraghais ar a raibh na bradáin féin á ndíol ar an margadh.

Agus nuair a threoraigh an Rialtas do Roinn na Gaeltachta tabhairt ar an Údarás gan aon infheistíocht nua a dhéanamh sa chineál seo tionscnaimh, chuaigh an Roinn céim níos faide leis an scéal – gníomh nach raibh údaraithe ag an Rialtas – agus d’iarr siad ar an Údarás  “athbhreithniú bunúsach” a dhéanamh ar a gcuid infheistíochta.

Chuir Roinn na Gaeltachta an chéim bhreise seo in iúl don Roinn Airgeadais “faoi rún”.

Tá an t-eolas seo tagtha chun solais i gcáipéisí stáit atá curtha ar fáil anois sa Chartlann Náisiúnta faoin ‘Riail 30 Bliain’.

Ar an 27 Eanáir, 1984 chuir Aire na Gaeltachta, Pádraig Ó Tuathail, iarratas ón Údarás os comhair cruinniú rialtais le cúnamh airgid breise a thabhairt do dhá fho-chuideachta dá gcuid a bhí lonnaithe i gCarna, Conamara.

Bhí trí chloigeann déag fostaithe go lánaimseartha ag an chomhlacht Beirtreach Teo agus scór eile fostaithe go páirt aimseartha i mbeirtreacha diúilicíní.

Bhí ochtar fostaithe go lánaimseartha agus ochtar eile fostaithe go páirtaimseartha ag an fheirm éisc Bradán Mara Teo.

Bhíothas ag lorg cead ón rialtas cúnamh airgid de £306,720 san iomlán a bhronnadh ar an dá chomhlacht a bhí ina bhfo-chuideachtaí de chuid an Údaráis.

San iarratas, mhaígh Aire na Gaeltachta go raibh fíoraiféaltas air faoi thorthaí na bhfeirmeireacha éisc go dtí sin ach fós féin gur cheart achan deis a thabhairt don tionscal fás agus forbairt a dhéanamh.

I meamram a ullmhaíodh don Rialtas, mhaígh Roinn na Gaeltachta nár bhain na fo-chuideachtaí a gcuid spriocanna gnó amach de bharr “poor management, loss of stocks in winter storms and over-optimistic assumptions on breeding andgrowing returns”.”

Chuir an tAire Airgeadais, Alan Dukes, in éadan aon tacaíocht bhreise a thabhairt do na comhlachtaí:

“Given the extremely poor trading record of these companies and the consistent failure to achieve projections, the Minister for Finance cannot agree to any further assistance and he believes that the time may have come to sell off these companies so that their assets may come into the hands of more efficient producers.”

Ar an 10 Feabhra,1984, scríobh rúnaí an Rialtais, Dermot Nally, chuig an Taoiseach, Garret Fitzgerald, ag cáineadh leibhéal an fhordheontais a bhí á thabhairt ag an Údarás.

Thug an tUas Nally faoi deara go raibh fordheontas de 200% níos mó á ndíol ag an Údarás lena bhfo-chuideachtaí ná praghas díolta an táirge féin:

“It seems hard to justify levels of assistance for the production of salmon, equivalent to a subsidy of £2 for every £1 worth of salmon sold. The Norwegians have shown that this can be a commercial type of enterprise. Surely there must be some more efficient way of going about things than having Údarás na Gaeltachta spread public money about in this way.”

Ag cruinniú rialtais ar an lá céanna, ceadaíodh d’Aire na Gaeltachta cead a thabhairt don Údarás an cúnamh breise a íoc leis an dá fho-chuideachta ar an choinníoll “that no other similar proposals would be entertained”.

Ag eascairt as an chruinniú rialtais sin, scríobh Rúnaí na Roinne Airgeadais chuig Roinn na Gaeltachta ar an 24 Feabhra le cur in iúl dóibh go raibh treoir le tabhairt acu d’Údarás na Gaeltachta gan ‘páirt a ghlacadh in aon togra’ eile cosúil leis na cinn i gCarna.

Ach chuaigh Roinn na Gaeltachta níos faide ná sin agus tharraing cumhacht bhreise orthu fhéin nár thug an rialtas treoir dóibh i leith an Údaráis.

Thapaigh siad an deis treoir níos láidre a thabhairt don Údarás i leith a gcuid caiteachais i gcoitinne mar is léir ó nóta a sheol Rúnaí na Roinne chuig an Roinn Airgeadais ar an 5 Márta, 1984:

“Maidir leis an treoir a thugamar don Údarás ar an 16 Feabhra i ndáil le hiascfheirmeoireacht, ba mhaith liom go dtuigfeá faoi rún go dtéann sé níos faide ná mar a bhí i gceist i gcinneadh an Rialtais.

Is é an cuspóir atá againn ná go dtabharfaidh an tÚdarás faoi athbhreithniú bunúsach agus nach molfar caiteachas gan cás an-láidir a bheith ann dó.”

 

Fág freagra ar 'CÁIPÉISÍ STÁIT 1984: Treoir don Údarás fanacht glan ó fheirmeacha éisc'