CÁIPÉISÍ STÁIT 1984: Tacaíocht ar bith ón rialtas d’fheidhmiú Plean Gaeilge

Dhiúltaigh an rialtas scun scan d’iarratas ó Bhord na Gaeilge ar bhreis acmhainní do Phlean Gníomhaíochta na Gaeilge mar nach raibh glactha leis mar ‘pholasaí Rialtais’

Aire na Gaeltachta, Pádraig Ó Tuathail, diúltaíodh dá iarratas ar bhreis tacaíochta do Phlean Bhord na Gaeilge. Pictiúr: Photocall Ireland
Aire na Gaeltachta, Pádraig Ó Tuathail: diúltaíodh dá iarratas ar bhreis tacaíochta do Phlean Bhord na Gaeilge. Pictiúr: Photocall Ireland

Léiríonn cáipéisí an stáit ó 30 bliain ó shin gur dhiúltaigh an rialtas scun scan d’iarratas na heagraíochta stáit Bord na Gaeilge breis foirne a earcú chun plean radacach i leith cur chun cinn na Gaeilge sa réimse poiblí a chur i bhfeidhm.

B’é  chuig an rialtas ar an 31 Eanáir, 1984. Bhí lánchosc ar earcaíocht sa tseirbhís phoiblí ag an am ach d’éiligh an tAire go ndéanfaí eisceacht do Bhord na Gaeilge (réamhtheachta Foras na Gaeilge) chun an Plean Gníomhaíochta Ceithre Bliana don Ghaeilge a chur i bhfeidhm.

Bhíothas ag lorg seachtar fostaí breise agus bhí an tAire Ó Tuathail ag maíomh nach raibh a dhóthain foirne ag an Bhord leis an Phlean a chur i gcríoch.

Bhí sé buartha mura n-éireodh lena iarratas go gcuirfí ceisteanna faoi thiomántas an Rialtais ina leith mar is léir ó mheamram rialtas ón 31 Eanáir 1984:

“The Minister is satisfied that the present staff complement is not sufficient to enable the Bord to implement the Action Plan effectively and he is of the view that the Government’s commitment to the Plan will be seriously called into question unless adequate staff resources are provided for its implementation.”

Ba ar an 14 Aibreán 1983, a d’fhoilsigh Bord na Gaeilge an Plean Gníomhaíochta Ceithre Bliana don Ghaeilge.

Cáipéis théagartha, shuntasach ab ea é a leag spriocanna amach do gach ghné den státchóras. Murab ionann is an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge a foilsíódh i 2010, ba phlean oibre teoranta a bhí ann le spriocanna ama a bhain leis an ghearrthréimhse seachas leis an fhadthréimhse.

Mhol an Plean go mbunófaí ionaid Ghaeilge i gceantair uirbeacha, go mbunófaí Aonad Forbartha Lárnach le comhordnú a dhéanamh ar an teanga sa státchóras agus go mbunófaí stáisiún teilifíse lán-Ghaeilge.

Lena chois sin, bhí liosta le háireamh de scéimeanna molta ann don Ghaeltacht chomh maith le polasaithe i leith na n-ealaíon, craoltóireacht raidió áitiúla, cúrsaí oideachais, úsáid na Gaeilge i dtithe an Oireachtais srl.

Bhí Aire na Gaeltachta go mór i bhfách leis an phlean, áfach, agus an-bhuartha faoi cad a tharlódh mura bhfostófaí daoine le é a chur i bhfeidhm: “He will be placed in an invidious position unless reasonable steps are taken to provide at least the necessary staffing resources for the Bord,” a scríobhadh i meamram rialtais ag deireadh mí Eanáir.

Ach chuir an tAire Airgeadais, Alan Dukes, in éadan an iarratais le haghaidh breise foirne go tréan:

“The Memorandum appears to have been drafted on the mistaken assumption that the Plan has been accepted as the basis of Government policy.”

Cé gur eisigh an Rialtas ráiteas ag am a fhoilsithe gur aithin siad go raibh sé “de chúram orthu timpeallacht a chruthú a thacódh leo siúd a roghnaíonn an Ghaeilge mar phríomhtheanga”, ba léir nach raibh rún acu glacadh leis an Phlean mar straitéis stáit ná aon airgead nó acmhainní breise a chur ar fáil lena chur i bhfeidhm.

Bhí dearcadh an Aire Dukes ag teacht leis an mhéid sin: “While the Government committed itself to provide a genuinely supportive environment for those who choose Irish as their principal language and while it acknowledged the publication of the Plan, no undertaking has been given as to the implementation thereof.”

Cháin an tAire Dukes cur chuige an Bhoird a bhí ag lorg tuairimí an phobail faoin phlean ag an am “to make up for the lack of consultation at the drafting stage”.”

Chuir an tAire Seirbhís Phoiblí, John Boland, go mór ina éadan fosta ar an bhonn go ndéanfaí lagú ar an lánchosc earcaíochta dá ndéanfaí eisceacht i gcás Bhord na Gaeilge.

Ach rinne an tAire Ó Tuathail cás láidir ar son an Bhoird:

“The importance of the language to the Irish nation transcends mere material considerations even in times of financial stringency and its survival should not be placed in jeopardy through failure to provide the additional staff sought.”

Ach bhí an tAire ag snámh in aghaidh easa. Ar an 3 Feabhra 1984, chuir Rúnaí an Riatais, Dermot Nally, nóta binibeach chuig an Taoiseach, Garret Fitzgerald mar gheall ar iarratas an Bhoird: “The staff numbers already in this institution look excessive. At one time this entire Department was run by numbers similar to those mentioned in the Memorandum as already working for the Bord.”

Bhí an méadú foirne a bhíothas á lorg ‘inordinate’ dar leis: “Why a subsidiary body like Bord na Gaeilge should require those numbers for the promulgation of something which is supposed to be worked cooperatively and voluntarily is difficult to understand.” (7 Feabhra, 1984)

Ní nach ionadh mar sin gur theip ar achainí Aire na Gaeltachta breis foirne a earcú chun an Plean Gníomhaíochta a chur i bhfeidhm. Ar an 7 Meitheamh, 1984, thug Rúnaí an Rialtais le fios go raibh Meamram Aire na Gaeltachta á tharraingt siar.

Ba bheag rath a bhí ar an Phlean Gníomhaíochta Ceithre Bliana don Ghaeilge.

Fág freagra ar 'CÁIPÉISÍ STÁIT 1984: Tacaíocht ar bith ón rialtas d’fheidhmiú Plean Gaeilge'