CÁIPÉISÍ STÁIT 1984: Amhras agus imní faoi chleachtais an Údaráis

Caitheadh amhras faoi chleachtais Údarás na Gaeltachta agus íocaíochtaí a tugadh do cheann dá gcuid cliantchomhlachtaí i 1984

Alan Dukes
Bhí an tAire Airgeadais, Alan Dukes, go mór in éadan aon airgead breise a thabhairt do Smailcbhia. Pictiúr: Photocall Ireland

Léirítear i dtaifid stáit ó 1984 go raibh Roinn an Taoisigh thar a bheith buartha faoi chleachtais chuntasaíochta Smailcbhia a bhí lonnaithe i nGaoth Dobhair ón bhliain 1977 agus iad i mbun brioscáin phrátaí a tháirgeadh.

Ba leis an Údarás 95% de na scaireanna sa chomhlacht fán bhliain 1984. D’fhiosraigh Scuaid Calaoise na nGardaí modhanna oibre Smailcbhia ag tús na n-ochtóidí siocair gur theip air tuairisceáin ÍMAT (íoc mar a thuillir) agus Cáin Bhreisluacha a chur isteach.

Mar thoradh air sin, bhí fiacha leathmhilliún punt (€1.4m anois) ag an chomhlacht leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Ach i ngan fhios don Rialtas, thug Údarás na Gaeltachta cúnamh airgid éigeandála de luach £300,000 don chomhlacht sa bhliain 1982.

Suim shuntasach ab ea é sin agus de réir áireamh an Bhanc Ceannais, is fiú ionann is aon mhilliún Euro (€974,009) é in airgead an lae inniu. Níor chuala an rialtas faoin íocaíocht seo go dtí dhá bhliain níos deireanaí.

Bhí Roinn an Taoisigh fíorcháinteach faoi mhodh iompair an chomhlachta agus faoi chur chuige an Údaráis.

I meamram a réitigh Roinn an Taoisigh do chruinniú Rialtais ar an 1 Bealtaine, 1984 – a bhí le hiarratas ar bhreis airgid don chomhlacht a phlé – deineadh géarcháineadh ar Údarás na Gaeltachta:

“It is very disturbing that the company was allowed run up debts in respect of PAYE/PRSI and VAT and that an tÚdarás made a payment of £300,000 to the company without Government authorisation. There is no justifiable excuse why it took from December, 1982, until now to bring the matter to the attention of the Government.”

Bhí deacrachtaí móra ag Smailcbhia i 1984. Bhí 77 duine fostaithe go lánaimseartha acu agus 18 ar bhonn páirtaimseartha, in Eastáit Tionsclaíochta Ghaoth Dobhair, ar an Screabán.

Chuir Údarás na Gaeltachta plean tarrthála chun cinn don chomhlacht agus bhí sé beartaithe go gcaillfeadh 25 oibrí lánaimseartha agus naoinúr páirtaimseartha a gcuid postanna.

Rinne Aire na Gaeltachta, Pádraig Ó Tuathail, iarratas le cead a fháil ón rialtas luach £1m de chúnamh breise a bhronnadh ar an chomhlacht. Mheas an tÚdarás go nglacfadh Ceardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann (ITGWU) le £85,000 d’íocaíochtaí iomarcaíochta.

Ach bhí an tAire Airgeadais, Alan Dukes, go mór in éadan aon airgead breise a thabhairt don chomhlacht. In aighneacht a chuir an Roinn Airgeadais le chéile, dúradh go raibh an-imní ar an Aire Dukes go raibh an tÚdarás, a bhronn £300,000 ar Smailcbhia gan cead a fháil ón rialtas, ag iarraidh cead anois breis is £1m a bhronnadh air.

Bhí sé go mór i gcoinne pleananna an Údaráis fiacha an chomhlachta a ghlanadh.

Dúirt an Roinn go raibh na cuntais a chuir Smailcbhia faoi bhráid an rialtais i 1981 ‘faulty’ agus dá réir sin nach bhféadfaí brath ar a gcuid meastúcháin fáis:

“Profitability is now again forecast but dubiously so.”

Mheas an tAire Dukes nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid agus gur cheart an monarcha a dhruid:

“In sum he considers that to acquiesce to current demands will only prolong the life of a company which is now technically insolvent.”

Dá thairbhe sin, bheadh tacaíocht do Smailcbhia “inadvisable and wasteful of resources,” dar leis an Aire Dukes:

“The closure option, however, has the advantage that it is a once-and-for-all operation. Smailcbhia, on past performance and on disimproving projections, will certainly need more assistance if kept in business and probably sooner rather than later.”

Ag cruinniú rialtais ar an 15 Meitheamh, glacadh cinneadh £1m ar a mhéid a íoc le Smailcbhia mar phacáiste tarrthála.

I Márta na bliana seo, d’fhógair Largo Foods (a d’eascair as Smailcbhia) go raibh siad lena monarcha ar Pháirc Gnó Ghaoth Dobhair a dhruid agus go gcaillfeadh 140 fostaí a gcuid postanna.

 

 

Fág freagra ar 'CÁIPÉISÍ STÁIT 1984: Amhras agus imní faoi chleachtais an Údaráis'