Cáipéisí leictreonacha le húsáid den chéad uair sa Chúirt Uachtarach a bhuíochas do chás Gaeltachta

Gníomh ceannródaíoch i riar an dlí an tseachtain seo chugainn nuair a rachfar chun cinn le héisteacht i gcás achomhairc a bheidh go hiomlán saor ó pháipéar

Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie

Éistfear le cás sa Chúirt Uachtarach ar an Mháirt seo chugainn ina mbeidh an cháipéisíocht ar fad ar fáil ar tháibléid leictreonacha mar mhalairt ar an ábhar clóite a úsáidtear i gcóras na gcúirteanna go stairiúil.

Tá beirt abhcóidí, Daithí Mac Carthaigh, a bhfuil cónaí air i Ráth Chairn na M,í agus a chomhghleacaí Kieran Morris, tar éis forbairt a dhéanamh ar chóras úrnua teicniúil ar a dtugtar eCourt le cásanna a chur i láthair saor ó pháipéarachas.

Agus tá seans ann gur féidir an múnla atá forbartha acu a dhíol le tíortha eile mar nach bhfuil a leithéid le fáil go dtí seo in aon dlínse eile.

Sa chás achomhairc Lannigan v. Barry an tseachtain seo chugainn glacfaidh táibléid android áit agus ionad na bhfillteán páipéar agus an iliomad boscaí a mbreathnaítear go minic orthu mar chomhartha sóirt den  bhealach ar tugadh faoi chásanna cúirte a riar go traidisiúnta.

Cás Gaeltachta inar éiligh Peadar Ó Maicín as Ros Muc go gceapfaí giúiré dátheangach i dtriail ina raibh sé cúisithe as ionsaí a dhéanamh ar fhear eile a spreag na habhcóidí le smaoineamh ar chóras a fhorbairt mar mhalairt ar an bpáipéarachas ar fad, a dúirt Daithí Mac Carthaigh le Tuairisc.ie inniu.

“Bhí comhaid agus cáipéisí anonn agus anall idir Gaillimh agus Baile Átha Cliath agus an iliomad taifid le cur le chéile don chúirt,” a dúirt sé. Ba ansin a thosaigh sé féin agus a chomhghleacaí ag machnamh ar mhalairt slí.

“Leis an eCourt App, seachas pléadálacha agus cáipéisí cúirte eile a fhótachóipeáil agus a lóisteáil sa chúirt agus le foireann dlí an fhreasúra, déantar iad a scanadh agus a uaslódáil ar tháibléid android, áit ar féidir iad a chuardach go leictreonach agus nótaí príobháideacha a dhéanamh orthu,” a dúirt sé.

Mhínigh Mac Carthaigh gur féidir leis an té atá i mbun an chur i láthair, trí leas a bhaint as ‘scáthánú’, na páirtithe uile a thabhairt chuig an leathanach a bhfuil sé ag tagairt dó ar a gcuid táibléid leictreonacha siúd.

“Ní bhíonn na páipéir riamh ar an idirlíon ná curtha ar an ‘scamall’ agus criptear gach táibléad ar mhaithe le slándáil,” a dúirt sé.

Mar leigheas ar an easpa WiFi in go leor de na cúirteanna forbraíodh córas ar a dtugtar an eCourt Box, freastalaí soghluaiste atá beag beann ar an idirlíon agus ar an scamall.

Maíonn an bheirt abhcóidí a d’fhorbair an córas nua go bhfuil sé “fíor-oiriúnach do chásanna ina mbaintear leas as a lán páipéarachais”. Leigheasfaidh úsáid fhorleathan an chórais eCourt go leor den mhí-éifeacht agus ciorróidh sé na liostaí fada cúirte, dar leo.

Oibríonn an córas le teangacha éagsúla – Gaeilge, Béarla, Fraincis agus Gearmáinis faoi láthair – agus tá suíomh gréasáin dátheangach (Gaeilge agus Béarla) forbartha mar thaca leis an iarracht nua:  www.ecourt.ie/ga.

Dhá bhliain ó shin a chuir na habhcóidí an smaoineamh i láthair an Phríomh-Bhreithimh Susan Denham i dtús báire agus is ar an Mháirt seo chugainn a chuirfear in úsáid é den chéad uair riamh i gcás cúirte.

Fág freagra ar 'Cáipéisí leictreonacha le húsáid den chéad uair sa Chúirt Uachtarach a bhuíochas do chás Gaeltachta'