CÁIPÉISÍ 1986: Tacaíocht ó dheas do Rialtas na Breataine maidir le diúltú deontais don nuachtán Lá

Bhraith an Roinn Gnóthaí Eachtracha nach raibh an dara rogha acu ach seasamh le cinneadh gan maoiniú a thabhairt do Lá a fhad is go mbeadh an nuachtán lonnaithe i bhfoirgneamh a mheas lucht faisnéise a bhí i seilbh an IRA

CÁIPÉISÍ 1986: Tacaíocht ó dheas do Rialtas na Breataine maidir le diúltú deontais don nuachtán Lá

Bhraith an Roinn Gnóthaí Eachtracha nach raibh an dara rogha acu ach seasamh le cinneadh Rialtas na Breataine i dtaobh gan maoiniú a thabhairt don nuachtán a fhad is go mbeadh siad lonnaithe i bhfoirgneamh a mheas lucht faisnéise a bhí i seilbh an IRA Sealadach.

Tá an mhéid sin le feiceáil i gcomhaid rialtais a scaoileadh saor le déanaí faoin Riail 30 Bliain.

Tháinig sé chun solais i mí Lúnasa seo caite gur léirigh cáipéisí stáit de chuid na Breataine ón tréimhse sin nach raibh rialtas na Breataine toilteanach maoiniú a dhéanamh ar an nuachtán Gaeilge , sa bhliain 1985 dá mbeidís fós lonnaithe i Muileann Shráid Conway. Bhíothas buartha faoin seasamh a bhí ag eagraíochtaí paraimíleatacha san fhoirgneamh sin. Thug an t-oifigeach a bhí ag plé leis an iarratas le fios do Státrúnaí an Tuaiscirt ag an am, Tom King, go raibh scaireanna ceannaithe ag Sinn Féin sa nuachtán. Bhog foireann chuig an seanmhuileann tar éis do thine san Ard Scoil, mar a raibh siad lonnaithe roimhe sin, go leor damáiste a dhéanamh dá gcuid trealaimh.

Léiríonn cáipéisí stáit na hÉireann go raibh Rialtas na Breataine toilteanach £38,000 de dheontas a thabhairt do dá mbogfaidís. Bhí iarratas déanta ag an nuachtán chuig Roinn na Gaeltachta le haghaidh cuidiú airgid fosta ach bhí deireadh sealadach tagtha leis an fhoilseachán. Thug taobh na hÉireann den Rúnaíocht Angla-Éireannach le fios don Roinn Gnóthaí Eachtracha i mí Eanáir 1985, áfach, gur cheart tacú leis an nuachtán le go mbeidís ábalta é a chur i gcló arís.

Anuas air sin, cheistigh an Rúnaíocht cinneadh na Breataine i leith Mhuileann Shráid Conway agus lorg siad a thuilleadh eolais faoi na heagraíochtaí eile  a bhí lonnaithe ann.  Ar an 27 Lúnasa tugadh an t-eolas seo d’ionadaithe na hÉireann ar an Rúnaíocht ar an choinníoll go bpléifí leis go cúramach mar ábhar a bhí bunaithe ar fhaisnéis rúnda.

Insíodh don Rúnaíocht go raibh dhá aidhm ag na Sealadaigh nuair a cheannaigh siad an foirgneamh i 1983. Bhí siad ag iarraidh go mbeadh lárionad tiomsaithe airgid acu agus go mbeadh teacht isteach breise acu as spás a ligint ar cíos le gnólachtaí beaga. De réir oifigigh faisnéise na Breataine ba lárionad airgeadais ag na Sealadaigh a bhí san fhoirgneamh fán bhliain 1986. Dúradh go raibh Príomh-Oifigeach Airgeadais na Sealadach lonnaithe ann mar aon le Comhlachas na gClub (ACL), eagraíocht a bunaíodh le comhordú a dhéanamh ar chlubanna sóisialta de chuid an IRA. Bhraith oifigigh faisnéise na Breataine go raibh breis is milliún punt sa bhliain de bhrabach á dhéanamh ag na Sealadaigh as na clubanna seo agus as na meaisíní cearrbhachais a bhí iontu.

Bhí na Sealadaigh ag gnóthú £300,000 sa bhliain ón Falls Taxi Association a bhí lonnaithe sa seanmhuileann fosta, dar le faisnéis rúnda na Breataine. Dúradh fosta gur iarShealadaigh iad iontaobhaithe an fhoirgnimh.

“The British view is that they cannot support groups, no matter how worthy those groups are in themselves, operating from premises controlled by the Provisionals and in circumstances where rent is paid to the Provisionals,” a thuairisc Daithí Ó Ceallaigh ón Rúnaíocht chuig an Roinn Gnóthaí Eachtracha. “In British eyes this would amount to Government money being given indirectly to the Provisionals.”

Bhí an Ceallach den tuairim mar sin nach raibh an dara rogha ag an Stát seo ach tacú le húdaráis na Breataine ar an cheist seo. Mheas sé, áfach, gur cheart a chur ina luí ar ghrúpaí fiúntacha (ar nós foilsitheoirí ) gur cheart dóibh bogadh go hoifigí eile.

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 é Breandán Delap