CÁIPÉISÍ 1986: Imní faoi naíonra Gaeilge ar an Trá Ghearr agus faoin Chomhaontú Angla-Éireannach

Tugadh le fios go rabhthas fíorbhuartha faoin chinneadh maoiniú do naíonra lán-Ghaeilge i mBéal Feirste a tharraingt siar ar an mbonn go mbainfeadh grúpa paraimíleata leas as an airgead

CÁIPÉISÍ 1986: Imní faoi naíonra Gaeilge ar an Trá Ghearr agus faoin Chomhaontú Angla-Éireannach

Tugadh le fios go rabhthas fíorbhuartha faoin chinneadh maoiniú do naíonra lán-Ghaeilge i mBéal Feirste a tharraingt siar ar an mbonn go mbainfeadh grúpa paraimíleata leas as an airgead

Bhí an Roinn Gnóthaí Eachtracha thar a bheith buartha faoin damáiste a d’fhéadfadh cinneadh Rialtas na Breataine maoiniú do naíonra lán-Ghaeilge i mBéal Feirste a tharraingt siar a dhéanamh do sheasamh an Chomhaontaithe Angla-Éireannaigh i measc an phobail náisiúnaigh ó thuaidh.

Deineadh cinneadh deireadh a chur leis an deontas faoin scéim Gníomh ar son Fostaíocht Pobail (ACE) a bhíodh an naíonra ar an Trá Ghearr a fháil le beirt mhúinteoirí agus tiománaí a fhostú. Dúradh go poiblí go rabhthas ag tarraingt an deontas siar mar go rabhthas buartha go mbainfeadh grúpa paraimíleata leas as an airgead.

Thug ionadaithe na hÉireann ar an Rúnaíocht Angla-Éireannach le fios do thaobh na Breataine ar an 20 Samhain, 1986 go raibh siad fíorbhuartha faoin chinneadh seo. Ba é an míniú a tugadh dóibh ar chúla téarmaí ná nach raibh aon bhaint ag aistarraingt an deontais le cúrsaí paraimíleatacha ar chor ar bith ach gur deineadh an t-iarratas chuig an Roinn chontráilte! Is cosúil go ndearna Cumann Thionóntaí Naomh Maitiú iarratas chuig an Roinn Forbartha Eacnamaíochta ó thuaidh le hoibrithe pobail a fhostú i 1986 le haghaidh imeachtaí cultúrtha sa cheantar. Ceadaíodh an t-iarratas sin ach ní raibh a fhios ag an Roinn sin gur múinteoirí agus tiománaí a bhí le fostú. Nuair a luadh é sin in iarratas úr don bhliain 1987 tugadh le fios don Chumann gur gnó é sin don Roinn Oideachais seachas don Roinn Forbartha Eacnamaíochta.

“I also understand that persons connected with the St. Matthews Tenants Association are well know Provisional sympathisers,” a scríobh Dáithí Ó Ceallaigh ón Rúnaíocht chuig an Roinn Gnóthaí Eachtracha. “The British side readily accepted that this issue is a mess. A mistake was made and no ACE grants should have been given for this year. That is not what is being said in public. As you know from newspaper reports officials are saying in writing that the reason for denying a grant for the coming year is because of a policy with regard to funding for community and other groups which it is considered might be used directly or indirectly by paramilitary organisations. In effect they are claiming the reason is because of the school’s connection with St Matthew’s Tenants Association.”

Ach thug taobh na hÉireann den Rúnaíocht le fios ‘in the strongest terms’ go bhféadfadh an eachtra seo go leor damáiste a dhéanamh do thacaíocht an phobail náisiúnaigh don Chomhaontú Angla-Éireannach. Thug siad le fios go neamhbhalbh go gcaithfí teacht ar réiteach ar an scéal agus leanúint leis an tacaíocht a bhíodh á fáil ag an naíonra. Dúirt taobh na Breataine, áfach, go raibh sé mar pholasaí ag an Roinn Oideachais ó thuaidh gan tacaíocht a thabhairt do naíonraí lán-Ghaeilge agus dá réir sin go mbeadh sé doiligh réiteach a aimsiú. Chuir ionadaithe na hÉireann a gcosa i dtaca áfach, agus áitíodh gur cheart eisceacht a dhéanamh sa chás sin ar mhaithe le seasamh an Chomhaontaithe Angla-Éireannaigh

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 é Breandán Delap

Fág freagra ar 'CÁIPÉISÍ 1986: Imní faoi naíonra Gaeilge ar an Trá Ghearr agus faoin Chomhaontú Angla-Éireannach'