CÁIPÉISÍ 1986: D’ordaigh an Taoiseach do Bhord na Gaeilge 30 bliain ó shin éirí as aon teagmháil le Sinn Féin

Iarradh ar Bhord na Gaeilge, réamhtheachtaí Fhoras na Gaeilge, i 1986 tuairisc a chur ar fáil ar an teagmháil a bhí acu le Sinn Féin agus imní ann faoi ról an pháirtí i gcúrsaí teanga

CÁIPÉISÍ 1986: D’ordaigh an Taoiseach do Bhord na Gaeilge 30 bliain ó shin éirí as aon teagmháil le Sinn Féin

D’ordaigh an Taoiseach do Bhord na Gaeilge 30 bliain ó shin éirí as aon teagmháil a bheith acu le Sinn Féin ag tráth go raibh imní ar an Rialtas go raibh “seilbh” á ghlacadh ag Sinn Féin ar chúrsaí teanga.

Is léir ó na cáipéisí nua a scaoileadh i mbliana faoin Riail 30 Bliain go raibh an Rialtas buartha faoin tairbhe a bhainfeadh Sinn Féin as sa chás nach mbeadh dul chun cinn á dhéanamh faoi cheisteanna teanga i ndiaidh an Chomhaontaithe Angla-Éireannaigh. Ar ndóigh, bhí Sinn Féin glan in éadan an Chomhaontaithe.

I Márta na bliana 1986, cúig mhí tar éis shíniú an Chomhaontaithe, tuairiscíodh sna nuachtáin Andersonstown News, Anois agus An Phoblacht gur chas Antoine Ó Coileáin ó Bhord na Gaeilge le hionadaithe de chuid Shinn Féin i mBéal Feirste ar an 24 agus an 25 Márta.

Ba é Bord na Gaeilge an eagraíocht stáit a bhí mar réamhtheachtaí ar Fhoras na Gaeilge. D’eisigh Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams, ráiteas i ndiaidh an chruinnithe ag rá go bhfuarthas gealltanais ón Bhord go mbeadh iarthar Bhéal Feirste rannpháirteach i scéim náisiúnta do phobail ina labhraítear Gaeilge agus go gcuirfí airgead ar fáil chun suirbhé a dhéanamh ar líon na gcainteoirí Gaeilge i gceantar amháin sa Tuaisceart.

Mar thoradh ar na tuairiscí sin scríobh Uaitéar Ó Ciaruáin, Rúnaí Cúnta i Roinn an Taoisigh, chuig Roinn na Gaeltachta ag lorg a thuilleadh eolais faoin scéal. Iarradh ar Bhord na Gaeilge tuairisc a chur ar fáil faoin teagmháil a bhí acu le Sinn Féin.

Dúirt an Bord gur thosaigh na teagmhálacha le linn na comhdhála ar tugadh Mórthionól 1985 air, tráth ar chuir Sinn Féin ‘scaifte ón tuaisceart chuige’.

Fuair an Bord dhá litir ina dhiaidh sin ó GerryAdams a thacaigh le hiarratais a bhí déanta ag Coistí Ghlór na nGael, Iarthar Bhéal Feirste. Chuir Príomhfheidhmeanach an Bhoird, Micheál Grae, litir ar ais chuige ag rá gur gnó do Ghlór na nGael ba ea é cabhair a thairiscint do phobail áitiúla ach go bhfáilteofaí roimh mholtaí phobal na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste i dtaca leis an dara plean gníomhaíochta don Ghaeilge a bhí á ullmhú ag an Bhord.

Tháinig moladh fosta ó Gerry Adams go gcuirfí ceist faoin Ghaeilge sa daonáireamh ó thuaidh agus thug an Príomhfheidhmeanach le fios dó go n-iarrfaidís ar an Aire Gnóthaí Eachtracha an cheist seo a chur ag an Chomhdháil Idir-Rialtasach Angla-Éireannach. Dúirt an Príomhfheidhmeanach, áfach, nach mbeadh sé d’acmhainn acu suirbhé a dhéanamh faoi líon na gcainteoirí Gaeilge ó thuaidh.

Bheartaigh Bord na Gaeilge gur cheart a mBainisteoir Pobail, Antoine Ó Coileáin, a chur go Béal Feirste chun castáil le lucht riartha na scoile Gaeilge ar Bhóthar Shaw agus le daoine a bhí ag saothrú ar son na teanga sa cheantar. Rinne an Coileánach teagmháil le heagarthóir , Gearóid Ó Cairealláin, agus rinne seisean na socruithe áitiúla. Dúradh gur luadh na litreacha a sheol Sinn Féin chuig an Bhord agus gur mar gheall air sin a tugadh cuireadh do Cheannasaí Choiste Cultúir an pháirtí, Máirtín Ó Muilleoir, a bheith i láthair.

Thug Micheál Grae an míniú seo do Roinn na Gaeltachta: “Tuigfidh tú gur ceist chasta déileáil lena leithéid, go bhfuil poiblíocht agus aitheantas ar gach leibhéal á lorg acu. Seachnaímse féin iad, ach is fúinn féin i gcónaí ár n-aigne a shocrú ar an bhealach déileála is fearr chun aighneas poiblí a sheachaint agus, go háirithe, leas na Gaeilge a chinntiú.”

Ach níor shásaigh seo an Taoiseach, Garret Fitzgerald. I meamram a d’fhaomh sé féin go pearsanta, cuireadh in iúl do Roinn na Gaeltachta gur gá socruithe a dhéanamh ‘ionas nach féidir le Sinn Féin feasta poiblíocht mhíchruinn agus aitheantas a bhaint as teagmhálacha leis an mBord i leith cúrsaí teanga sa Tuaisceart’. Bhí tábhacht faoi leith ag baint leis seo ó tharla go raibh an Chomhdháil Idir-Rialtasach ag plé le ceisteanna a bhain leis an teanga. Dúradh nár cheart ligint do Shinn Féin ‘gabháil a dhéanamh’ ar chothú na féiniúlachta agus gur ‘chun leasa na Gaeilge nach dtarlódh a leithéid’.

Ag eascairt as sin scríobhadh chuig Bhord na Gaeilge ag treorú dóibh gan dul i mbun comhfhreagrais le Sinn Féin faoi chúrsaí Gaeilge feasta seachas litreacha uathu a admháil. Treoraíodh dóibh fosta gan aon chuireadh a thabhairt d’ionadaithe de chuid an pháirtí a bheith i láthair ag cruinnithe ina mbeadh an Bord páirteach iontu. Ordaíodh don Bhord fosta ‘gan bualadh, go comhfhiosach, le daoine atá ag gníomhú mar ionadaithe thar ceann Shinn Féin agus i gcásanna ina bhféadfadh sé tarlú go mbeadh a leithéidí páirteach i ngrúpa níos leithne e.g. coiste de chuid Ghlór na nGael nó coiste bainistíochta scoile, an gnó a láimhseáil, an oiread agus is féidir, chun teagmháil le lucht Shinn Féin a sheachaint’.

Chríochnaigh an treoir ó Roinn an Taoisigh leis an aguisín seo a leanas: “Ar ndóigh sa chás go séanann aon chomhalta de Shinn Féin feachtas foréigin an IRA go poiblí, ní bhainfeadh na treoracha seo leis nó léi.”

Ar an 21 Bealtaine, chas ionadaithe ón Rannóg Angla-Éireannach den Roinn Gnóthaí Eachtracha, le Micheál Grae agus leis an Leas-Phríomhfheidhmeannach, Micheál Ó Gruagáin. Dhearbhaigh an Bord arís nach raibh aon chruinniú foirmeálta acu le Sinn Féin ach tugadh le fios dóibh arís eile go raibh an rialtas buartha go gcuideodh aon teagmháil leis an pháirtí lena gcuid iarrachtaí teacht i dtír ar chúrsaí teanga.

I meamram a chuir ionadaí ón Rúnaíocht chuig an Rannóg Angla-Éireannach i mí Bhealtaine 1986, dúradh go raibh Sinn Féin ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar ghluaiseacht na Gaeilge i mBéal Feirste agus gur bhain siad an-sochar as ‘the recent unfortunate meeting’ idir Sinn Féin agus feidhmeannach de chuid Bhord na Gaeilge.

Deineadh tagairt arís don cheist i gcáipéis treorach a ullmhaíodh don Aire Gnóthaí Eachtracha, Peter Barry, roimh an chruinniú den Chomhdháil Idir-Rialtasach i mí an Mheithimh, 1986. Moladh don Aire a lua go raibh na Sealadaigh ag teacht i dtír ar an easpa dul chun cinn a bhí á déanamh i dtaobh cearta teanga de.

“Moderate Nationalists see this as an area where modest results might have been expected in the first months of the agreement. They fear that further delay will allow the Provisionals to claim the credit for any future developments.”

Moladh do Barry fosta a chur in iúl don Bhreatain faoi dhiscréid “that we felt it necessary, in line with Government policy, to issue clear guidelines to Bord na Gaeilge to minimise any contact with Sinn Féin”.

Ach ba léir go raibh an Rúnaíocht fíorbhuartha nach raibh a dhóthain dul chun cinn á dhéanamh i dtaobh ceisteanna a bhain leis an Ghaeilge. Nuair a cuireadh eagarthóir , Gearóid Ó Cairealláin, go príosún in Aibreáin, 1986 toisc gur dhiúltaigh sé foirmeacha Béarla a bhain le coir tráchta a líonadh mar, dúirt Gerry Adams go searbhasach gurb é sin ‘an chéad toradh praiticiúil’ a bhí le feiceáil ag cainteoirí Gaeilge ó síníodh an Comhaontú.

Thug urlabhraithe de chuid an SDLP – Paddy O’Donoghue agus Bríd Rodgers – agus an dlíodóir Kit Napier le fios don Rúnaíocht go raibh siad iontach buartha faoi ‘phróifíl’ Shinn Féin ar cheist na teanga. 

Ag cruinniú i Maryfield, thug Daithí Ó Ceallaigh ón Rúnaíocht le fios gur mhaígh Danny Morrison in alt in An Phoblacht nach raibh aon ní déanta ag an Chomhaontú ó thaobh cearta Gaeilge de:

“We must therefore act now and from a political point of view be seen to be acting on this issue if we are to support constitutional nationalism and weaken Sinn Féin.”

Fág freagra ar 'CÁIPÉISÍ 1986: D’ordaigh an Taoiseach do Bhord na Gaeilge 30 bliain ó shin éirí as aon teagmháil le Sinn Féin'

  • Eoghan Ó Brolcháin

    Hah agus bhí an ceart ag an rialtas faoi Sh Féin. tá takeover ceart déanta acu ar an teanga. Mo ghreidhin iad

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Ní dóigh liom é, a Eoghain, a chroí.
    Conas tá sealbh glactha ag scata béarlóirí ris a ráitear Sinn Féin ar an nGaeilge?
    An bhfaigheann Sinn Féin móramh na vótaí sna ceantair Ghaeltachta?
    – Ní fhaigheann.
    An bhfuil a rian le feiceáil ar Bhunreacht Chonradh na Gaeilge?
    -Níl
    An bhfeidhmíonn an páirtí trí Ghaeilge?
    -Ní fheidhmíonn.
    An bhfuil iarracht dá laghad déanta ag a gcuid ionadaithe poiblí an Ghaeilge a thabhairt leo?
    -Níl ná é seachas corr-eisceacht.

  • Seán Mag Leannáin

    Dáithí Mac Cárthaigh – “An bhfuil iarracht dá laghad déanta ag a gcuid ionadaithe poiblí an Ghaeilge a thabhairt leo? – Níl ná é seachas corr-eisceacht.”
    An bhfuil oiread na fríde de dhifríocht idir iad agus na páirtithe eile sa mhéid sin?